Ar bharr an tsaoil agus na sléibhte

‘Ní ar seachrán i gcónaí a bhíos an fánaí’


Tá an tEarrach buailte linn. Tá an aimsir ag éirí níos fearr agus na cnoic ag glaoch orm. Tá an chnocadóireacht sa dúchas agam, dual seanathar. Is é m’athair mór mo laoch: fear a raibh a chroí istigh sa sléibhteoireacht agus a bhfuil seanaithne aige ar na cnoic agus sléibhte máguaird. Beidh mé buíoch de go lá mo bháis as an dóigh ar spreag sé mé chun dúil a chur sa chnocadóireacht agus ar chothaigh sé an grá atá agam do mo cheantar dúchais.

Nuair a bhí mé i mo pháiste ag fás aníos i gCumbria, Sasana, bhínn ag tabhairt aghaidh ar na cnoic beagnach gach deireadh seachtaine le mo thuismitheoirí agus mo sheanathair. Is iomaí dea-chuimhne atá agam de na laethanta sin agus de shiúlóidí eile a rinne mé ó shin i leith, i gCumbria agus ar Oileán Mhanann.

Is údar aiféala dom a laghad coisíochta a rinne mé le linn na ndeich mbliana a chaith mé in Éirinn ach anois agus mé tar éis filleadh ar fhód mo dhúchais, tapaím gach deis chun bualadh amach faoin tír.

Is gnáthshiúlóir mé. Is é sin, murab ionann agus mo sheanathair, a shiúil ó Thorver thar na sléibhte go Scafell Pike agus ar ais arís (achar 26 míle) laistigh de naoi n-uaire, agus a rinne siúlóid bheag sna Himiléithe, níl aon éacht déanta agamsa. Murab ionann agus eisean, níor thriail mé riamh sléibhteoireacht gheimridh le tua oighir agus grampons ná dreapadóireacht le rópa. Tá na scileanna riachtanacha agam a theastaíonn le bheith sábháilte, ach sin a bhfuil. Taitníonn sé liom am a chaitheamh i measc na gcnoc.

READ MORE

Feictear dom go bhfuil ag síor-mhéadú ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi na cnoic. Tá ráchairt mhór ar eolaithe den uile chineál agus le blianta beaga anuas, tá caitheamh aimsire nua ag teacht chun cinn. “Peak-bagging” a thugtar air sa Bhéarla. Níl a fhios agam cén Ghaeilge a chuirfeá air? Mullaí i mála? Ag buachan buaiceanna? Ag carnadh na gcarn?

Is é an rud atá i bpeak-bagging ná féachaint le gach ceann de na cnoic nó sléibhte ar liosta ar leith a dhreapadh. Ar na liostaí is cáiliúla i measc peak-baggers, áirítear Beanna Rothacha na hAlban (na Munros, sléibhte os cionn 3,000 troigh, arna báistiú as Hugh Munro a rinne liosta díobh in 1891) agus Wainwrights Chumbria (na cnoic a chuimsítear sna seacht n-imleabhar den Pictorial Guide to the Lakeland Fells le hAlfred Wainwright).

Ach d’fhéadfaí liosta ar bith a úsáid. In 1986 bhain an taiscéalaí Iodálach, Reinhold Messner, mullach Lhotse amach agus, leis sin, ghnothaigh sé áit i leabhar na gcuriarrachtaí mar an chéad dhuine a dhreap gach sliabh ar domhan atá os cionn 8,000m! Tá réimse liostaí a bhaineann le hÉirinn agus leis an Bhreatain Mhór ar fáil ar líne (www.hill-bagging.co.uk).

Táim féin agus cara liom ag tabhairt faoi na Wainwrights: 214 ceann díobh. Fuair mé na leabhair mar bhronntanas Nollag agus is iad atá go hálainn, arna maisiú le léaráidí iontacha peann-agus-dúch a línigh an t-údar é féin.

Tá sé de bhuntáiste ag na Wainwrights ar Bheanna Rothacha na hAlban go bhfuil siad níos lú (níl ach ceithre cinn díobh os cionn 3,000 troigh), soshroichte agus cruinnithe laistigh d’aon chontae amháin. Ach ag an am céanna, aithním go bhfuil duáilcí ag baint le peak-bagging freisin. Is féidir a bheith róshrianta agus mar sin de, ní i gcónaí a chloím leis na bealaí a mholann Wainwright.

Ach tá fáth eile a seachnaím an cosán dearg. Tá creimeadh ina fhadhb mhór sa Pháirc Náisiúnta agus tá líon mór na bpeak-baggers ag cur leis an damáiste.

Eagraíonn foirne na Páirce Náisiúnta agus an Iontaobhais Náisiúnta meithil d’oibrithe deonacha chun na cosáin a chothabháil ach, nuair a thagann sé go cnámh na huillinne, in amanna caithfear cosáin a dhúnadh agus cinn nua a chruthú.

Anuas air sin, ní mór cuimhneamh go bhfuil cnoic dheasa agus bealaí pléisiúrtha nach gcuimsítear sa Pictorial Guide . Bhí m'athair mór eolach ar roinnt díobh agus tá sé d'ádh orainn gur choinnigh sé taifead maith de na siúlóidí a rinne sé le linn a óige – nótaí, dialanna agus pictiúir áille.

Tá sé de rún agam a lorg a leanúint (de réir bunbhrí na bhfocal) agus ba deas liom grianghrafanna a thógáil d'áiteanna a léirítear i seanghrianghrafanna dá chuid – faoi mar a rinneadh i gclár TG4, Cártaí Poist .

Agus, ag deireadh an lae, ba mhaith liom mo chuid taiscéalaíochta féin a dhéanamh. Tá iontais iontacha le feiceáil ag an té a rianaíonn a chúrsa féin.

Mar a scríobh J. R. R. Tolkien, “ní ar seachrán i gcónaí a bhíos an fánaí”.