Aontaí na n-iontas fud fad na hÉireann

Is cuid luachmhar de chultúr na hÉireann iad na haontaí áitiúla


Dála na seanaontaí seo ar fad ar fud na tíre – Béal Átha na Sluaí, an Úrchoill, an Teach Dóite is eile – bíonn Aonach an Phoic, i gCill Orglan, ag éamh gurb é féin an t-aonach is cianaosta díofa uilig. Ní dochar ar bith é seo, ar ndóigh, óir baineann a shaintréithe féin le chuile aonach acu.

Aonach trí lá é an t-aonach seo i gCill Orglan, ar Féile Rí na gCnoc seachas Aonach an Phoic atá acu mar mhana scríbhinne ar a mbratach.

Ach, ar ndóigh, is é an pocaide an cháil is suntasaí faoi. Chuile bhliain beirtear ar phocaide i sléibhte Chiarraí agus cuirtear in airde ar ardán i gcliabhán é.

Capaill a bhíos ar díol an chéad lá, beithígh an darna lá, agus is lá siamsaíochta clainne é an Domhnach.

READ MORE

Ba é an chéad mhaith a rinneas féin ar an aonach i mbliana ná gur sheol mé fear i gcathaoir rothach síos an tsráid chuig láthair na mbeithíoch.

É i gcruachás, a deir sé, faoi go raibh achrann aige lena chéile níos luaichte ar maidin; níor theastaigh uaithi go ngabhfadh sé chun aonaigh.

“D’fhága mise mo bhean i mo dhiaidh freisin!” arsa mise leis.

I bpáirc a dhíoltar na capaill ach is ar an tsráid, cuibhrithe i bpionnaí, a bhíos na beithígh. Nuair a shrois mé féin is mo dhuine an láthair céard a d’fheicfimis ach dreoilín ar leic fuinneoige in ár n-aice.

“Nach ait?” arsa mo dhuine, é níos tógtha láithreach leis an éinín ná leis na beithígh.

“Is áirid!” arsa mise.

“Is ait agus is álainn!” arsa mo dhuine.

“A éinín bhig dhoinn, a stóirín, an ag cuardach solamair sa gcac ataoi?” arsa mise.

Gur ardaigh sé ar a eití agus cé ndeachaigh sé ach suas an tsráid, gur thuirling ar an ardán mar a raibh an pocaide, go díreach féin ar mhullach an mhana brataí a bhí crochta ar éadan an scafaill.

Murar éiligh fear na cathaoireach rothaí go mbrúfainn suas ar ais é! M’anam, bíodh is go mba fhear trom a bhí ann, agus, mise, nach ceart dom a bheith ag brú aon cheo toisc croí fabhtach a bheith agam, go ndearnas rud air.

“Féile Rí na gCnoc,” ar sé ag athléamh an mhana, “agus anois Rí na nÉan in éineacht leis!”

Luí agam leis an dreoilín. Bíonn dreoilín go minic sa ghairdín cúil agam féin, go dtagann sé á níochán féin sa linn bheag agam, nach bhfuil inti ach claibín bhosca bruscair, béal in airde. A bhídí uilig is a bhreathnaíonn sé nuair atá a chuid cleití fliuch! Go ngabhann sé thart ag fáiteall feithidí ar nós luichín i measc na bplandaí.

Dreoilín

Nuair a insím do dhaoine gur léigh mé le gairid i bpáipéar uimhir na ndreoilíní a bheith níos líonmhaire in Éirinn ná aon chineál éin eile, is scaimhín amhrais a mhaíonn ar a n-éadain; ach go bhfeicimse ceanna chuile lá i gCoill Chreatalaí.

Bíonn daoine den phobal, uaireanta, ag cásamh chás an phocaide i gCill Orglan ach go mb’fhacthas domsa é an-seascair ann féin, na trí urlár go leith os cionn an tslua; ag ithe féir, ag cangailt na gcíor, ina sheasamh nó ina luí de réir mar ba mhian leis; chomh réchúiseach, dar liom, is dá mba ar shleasa Chorrán Tuathail a bhí sé.

Arsa mo dhuine liom: “Brúigh suas fén mbaile mé, le do thoil!”Go ndeachamar thar neart siamsaí: Hobby Horses, bumpers is eile. Ag dul thar bráid chábán bhean feasa, arsa mo dhuine liom: “Cad a déarfá?”

Bhí Séipéal Naomh Séamas os ár gcomhair. Arsa mo dhuine liom: “Brúigh isteach mé mura miste leat go ndéarfad paidir di fhéin!”Rinneas féin guí leis.

Gur ólamar cupán tae al fresco Tigh Selina, i dtiún leis an gceol agus leis na hamhráin tíre a bhí á gcanadh ar na colbhaí sráide, muid ag tabhairt taithnimh don bhaile beag cnocach. Cé, dáiríre, b’fhéidir nach bhfuil ann ach an t-aon chnoc amháin!

“Bhfuil a fhios agat,” arsa mo dhuine is muid ag scaradh ó chéile ar ball, “lá de mo shaol ba ea inniu!”

“Domsa, leis!” arsa mise.

“Déanfaimid arís é!” ar sé.

Mar is nós liom, am ar bith a ngabhaim go Ciarraí, bhuaileas isteach ar mo bhealach abhaile go dtí bialann Margadh na Tuaithe in Oileán Ciarraí. Seachas an bheadaíocht bheatha ar chor ar bith, nó an chóiríocht chóir fhreastail, nó an praghas réasúnta a ghearrtar, is ann a chloisfeas tú an t-allagar. Más béarlagair Chiarraí a fhoghlaim atá uait níl sárú na háite seo ann, Ósta Jackie theas féin níl níos oilte!