Aonad naíscolaíochta le bunú ag Gaelscoil Eoghain

26 áit nua ar an Chorr Chríochach, Co Thír Eoghain

D’fhógair Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, John O’Dowd (SF), inniu go mbunófaí aonad úr naíscolaíochta páirtaimseartha 26 áit ag Gaelscoil Eoghain, An Chorr Chríochach, Co Thír Eoghain.

Dúirt an tUasal O’Dowd go raibh méadú ar an toil d’oideachas trí mheán na Gaeilge agus go raibh an togra nua seo le freastal a dhéanamh ar an bhorradh sin: “Tá an Roinn seo meáite, chomh maith, ar áit a sholáthar do gach páiste atá sa bhliain dheireanach réamhscolaíochta. Tá léirithe le taighde, áfach, nach bhfaigheann páistí aon bhuntáistí suntasacha le seisiún laethúil réamhscolaíochta níos faide. Is amhlaidh, mar sin de, sa chás seo, go bhfuil an moladh forbartha leasaithe agam agus bunú aonad páirtaimseartha 26 áit faofa agam.”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times