Anois ar theacht an fhómhair bhuí

An fómhar – tráth filíochta, cuimhní cinn, sméara dubha agus greannáin

"Seal beag den fhómhar buí" – Máirtín Ó Direáin

Tá an fómhar buailte linn anois agus na fáinleoga ag filleadh chun na hAfraice, na sméara dubha ag aibiú ar na driseacha agus na páistí ag filleadh cheana féin go drogallach chun na scoile.

Is cuimhin liom féin laethanta brothallacha i dtús Mheán Fómhair a bhain dár dtreoir muid agus léitheoireacht Bhéarla nó áireamh ar siúl again, ní áirím an píonós corportha a chuir griofadach sna méara.

Bhailímis castáin tar éis scoile agus chuirimis ar chorda iad d’fhonn dul ag imirt ‘conkers’. Dá mbeadh castán stálaithe agat d’fhéadfá gach uile chluiche a bhuachaint go héasca mar bhrisfeadh sé na castáin úra gan dua. Dheinimis pléascáin trí dhá bholta a scriúáil isteach i gcnó a raibh caipín pléascach istigh.

READ MORE

Ansin chaithimis suas iad agus bhíodh pléascadh torannach nuair a thitidís chun talún. Ba mhinic na pléascáin seo á n-ullmhú againn le haghaidh Oíche Shamhna sna laethanta sin nuair nach raibh fáil ar na fíor-phléascáin ná ar thine ealaíne.

Bhainimis an-taitneamh go deo as cruinniú sméara dubha a bhí ag fás go flúirseach ar na driseacha ar lána Bhaile an Aird, Baile Áth Cliath. Bhíodh canna stáin an duine againn agus ní phiocaimis ach na sméara dubha aibí murab ionann agus na cinn dhearga a bhí searbh go leor.

Mura n-ithimis na sméara dheineadh ár máithreacha subh bhlasta astu a mhairfeadh breis is mí ina dhiaidh sin a smearaimis ar arán le fonn.

Ar lic ár ndoirse dheinimis greannáin a mhalartú. Ba bheag luach a bhí ar BeanoDandy nó ar Our Boys féin ach bhí an-tóir ar na 'sixtyfourers' ina mbíodh cur síos bladhmannach ar an dara cogadh domhanda. Bhí an ealaín sna greannáin seo den chéad scoth ina bhfeictí an Spitfire nó an Hurricane i ngleic leis an Messerschmitt 109 nó an Stuka.

I ndiaidh cúig bliana meánscoile a chaitheamh bhain mé lán-taitneamh as Meán Fómhair fada amháin leathchéad bliain ó shin díreach sula ndeachaigh mé ar ollscoil den chéad uair.

San am sin níor thosaigh Téarma na Féile Mícheál go dtí Deireadh Fómhair agus, dá bharr sin, bhí breis is ceithre seachtaine sonais agam féin agus mo chara Seán.

Bhuailimis amach faoin tuath nó go dtí sléibhte Bhaile Átha Cliath ar ár rothair gan cíos, cás ná cathú orainn beirt. Phiocaimis sméara dubha so-bhlasta agus d’ithimis le fonn iad go dtí go raibh rian dubh na sméar sofheicthe ar ár leicne.

Bhí ‘Ráchairt an cheoil phobail’ ann an bhliain sin agus ba mhinic muid ag freastal ar chlubanna cheoil phobail ar nós The Auld Triangle áit a raibh Gerry O’Grady ina fhear an tí. Bhí Gerry dian go leor agus níor lig sé do dhuine ar bith a bheith ag caint agus na ceoltóirí nó na hamhránaithe ag seinm.

Ba ann a chonaiceamar Ted Furey, Danny Doyle, Al O'Donnell agus Shay Healy – nuair a bhí amhráin mhagaidh ar siúl aige. Dár ndóigh leanamar na Dubliners nuair a bhí cosc ar a gcnag Seven Drunken Nights ar Radió Éireann cé gur mhaígh Ronnie Drew go bhfuair siad an t-amhrán ó Sheosamh Ó hÉanaí an t-amhránaí sean-nóis as Carna, Co na Gaillimhe. Is ar éigean a bhí cosc ar an leagan Gaeilge!

Níl rian dá laghad le feiceáil de na driseacha a d’fhás ar bhóthar Bhaile an Aird sa lá atá inniu ann. Is minic tranglaim thráchta ar an mbóthar céanna mar a bhfuil go leor eastát tionsclaíoch.

Braithim cumha ar na saolta seo agus laethanta an fhómhair romhainn amach mar tá ceangal idir fómhar na bliana agus fómhar ár saoil – go háirithe glúin an bhabaíbhorrtha atá éirithe as obair anois.

Fuair Shakespeare le rá é nuair a scríobh: “That time of year thou mayest in me behold/When yellow leaves, or non or few, do hang.”

(Ní raibh ach dhá bhliain is leathchéad slánaithe aige nuair a fuair sé bás.)

Dár ndóigh, is mór an cúiteamh féachaint ar an ngarghlúin ag fás aníos agus ag fáil taithí arís ar chúrsaí scoile is caitheamh aimsire. Nuair a théim ag siúl le mo gharmhic nó mo ghariníonacha bainim an-taitneamh as a gcuid ceisteanna a fhreagairt ar an nádúr, ar mo chuimhní cinn féin, nó ar an saol mór i gcoitinne. Tá cúrsa an tsaoil úrnua dóibh siúd agus is aoibhinn le mo chroí an t-iontas a dhéanann siad as gach fionnachtain nua.

Cé go bhfuil an táibhléad, an ipad an i-fón agus an t-idirlíon ann anois in ionad na leabhar as a bhfuaireamar ár n-eolas ar an saol níl sárú ar thaithí na seantuistí.

Sin mar a ghabhann an saol is dócha.