An vóta éigeantach in olltoghchán na hAstráile

Tá olltoghchán na hAstráile le bheith ann ar an Satharn seo chugainn, 7ú Meán Fómhair. Murab ionann agus an cás in Éirinn, tá an vótáil éigeantach do shaoránaigh a bhfuil 18 bliain d’aois nó níos mó orthu. Gearrtar fíneáil $20 Astrálach (thart ar €13.50) ar dhaoine nach gcaitheann vóta, muna bhfuil leithscéal dlisteanach acu. Tuairiscítear gur vótáil thart ar 94 faoin gcéad de na daoine a bhí liostáilte ar an gclár san olltoghchán deireanach i 2010, i gcomparáid le 70 faoin gcéad a chaith vóta in olltoghchán 2011 in Éirinn – cé go ndeirtear go bhfuil 10 faoin gcéad san Astráil nach bhfuil cláraithe.

Bíonn olltoghchán ann gach trí bliana agus tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, faoi cheannas an phríomhaire Kevin Rudd, ag lorg an tríú téarma as a chéile in oifig ó 2007. Ina gcoinne siúd, tá Tony Abbott ó na Liobrálaigh, atá i gceannas ar an gComhghuaillíocht, traspháirtí den eite lár-dheis.

Nuair a fógraíodh an toghchán ar dtús, bhí Julia Gillard (as an Bhreatain Bheag ó dhúchas) ina príomhaire agus ina ceannaire ar an pháirtí rialtais. Ach bhí athrú ceannasaíochta ann idir an dá linn agus tháinig an tUasal Rudd ar ais i gcumhacht – bhí sé ina phríomhaire cheana féin go dtí gur chloígh Gillard é sa bhliain 2010. Is léir nach bhfuil Lucht Oibre na hÉireann ar an aon pháirtí sóisialach-daonlathach a bhfuil saol bríomhar inmheánach acu.

Iar-státseirbhíseach le Roinn Gnóthaí Eachtracha na hAstráile is ea Rudd agus cúlra Éireannach ag an chlann aige. Tá sé bródúil gurb as Baile an Gharraí i gContae Thiobraid Árann do thuismitheoirí a sheanmháthar, Owen Cashin agus Johannah Maher. Shrois an bheirt acu Brisbane sa bhliain 1887 agus pósadh san Astráil iad.

READ MORE

Tá Rudd ar an eolas chomh maith faoin bpáirt shonrach a ghlac Baile an Gharraí i stair na hÉireann agus dúirt se tráth: “I am pleased to report it looms large in the history of the Irish rebellions of the 19th century. It’s a town where the Irish national tricolour of green, white and orange was first unfurled by the Young Irelander Rebellion of 1848.”

Ach níl aon fhianaise ann go bhfaighidh Rudd vótaí breise as an gceangal Éireannach atá aige. Is ar pholasaithe agus ar chumas ceannasaíochta atá aird an phobail dírithe.

Polaiteoir sách cliste is ea Tony Abbott (a bhí ina ábhar sagairt tráth), an té atá ag iarraidh Rudd a chur as oifig.

Ainneoin go bhfuil fealsúnacht pholaitiúil choimeádach ag ceannaire an fhreasúra, tá scéim nochtaithe aige a bheas tarraingteach do mhná agus do chuid den eite chlé araon.

Má théann bean ar saoire tuismitheoireachta ón bhfórsa oibre san Astráil faoi láthair, íoctar an t-íosphá náisiúnta (national minimum wage) di ar feadh 18 seachtain. Ach tá Abbott ag beartú ar an phá a íoc ar feadh 26 seachtain agus a choinneáil ag an leibhéal iomlán céanna is a bhí ag an mháthair nuair a bhí sí fós ag obair, le huasteorainn $75,000 Astrálach don leathbhliain, agus go n-íocfar aoisliúntais (superannuation) chomh maith.

Gearrfar cáin speisialta ar chomhlachtaí móra leis an gcostas a íoc.

Ar ndóigh, deir Rudd go bhfuil sé mar thosaíocht ag Abbott cabhair airgid a thabhairt do lucht an rachmais chun páistí a thabhairt ar an saol.

Ag am scríofa, tá pobalbhreitheanna ag rá go bhfuil an chomhghuaillíocht idir an Páirtí Liobrálach agus an Páirtí Náisiúnta ag 53 faoin gcéad agus an Lucht Oibre ag 47 faoin gcéad. Bhí an dá thaobh ar comhscór thart ar thrí seachtaine níos luaithe.

Cloistear go leor cainte san Astráil faoin “GFC”. Ar cuairt dom ag am scríofa thóg se roinnt ama sula bhfuair mé amach go raibh an “Global Financial Crisis” i gceist. Bhí an t-ádh ar an Astráil gur éalaigh sí ón chuid ba mhó den ghéarchéim idirnáisiúnta airgeadais. Choinnigh an tír an ráta creidmheasa AAA. Faoi láthair tá Éire ag leibhéal BBB+ leis an áisínteacht Standard and Poor’s, mar shampla.

Ceist chonspóideach le tamall fada í an inimirce mhídhleathach: dreamanna truamhéalacha ag iarraidh teacht isteach gan víosa ar bháid as an Iaráin, an Iaráic, an Afganastáin agus Sri Lanka.

Gheall Abbott go n-úsáidfeadh sé cabhlach na hAstráile chun stop a chur leis na báid seo. Chuir Rudd deireadh, a bheag nó a mhór, leis an ndíospóireacht úd san olltoghchán nuair a rinne sé socrú leis an Nua-Ghuine go gtógfaí na hinimircigh gan víosa chun na tíre sin.

Tá go leor iarrthóirí sa rás a bhfuil ceangal acu le hÉirinn, mar a léiríonn tuairisc san Irish Echo, páipéar don phobal Éireannach anseo. Ina measc, tá Laura Smyth MP a bhuaigh suíochán parlaiminte don Lucht Oibre in olltoghchán 2010.

Is i mBéal Feirste a rugadh í agus chuaigh an chlann as Dún Muirígh chun na hAstrála nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois. Bhuaigh sí suíochán parlaiminte i La Trobe (Melbourne) trí bliana ó shin agus tá sí á chosaint anois.

Ábhar spéise ar leith san olltoghchán go bhfuil an Páirtí Wikileaks, bunaithe ag Julian Assange, ina seasamh; tá seisear iarrthóirí acu, ina measc Assange féin (atá ina shaoránach Astrálach), ainneoin go bhfuil sé ina chónaí i Londain faoi láthair, áit a bhfuil tearmann faighte aige in Ambasáid Eacuadóir.