An tSlat ar scoil

D’áiríos go sleamhain nach léireoinn m’aineolas ar an meán ach timpeall ar uair sa lá


Bhí cara liom ag teagasc scoile i gceantar lucht oibre cathrach tráth dá raibh nuair a chaith dailtín seile leis suas ina phus. Ní hionadh gur spriúch sé agus gur ghabh sé chuige le faghairt ina dhá shúil. An dá luathacht is a bhí sé os a chionn agus a chrúcaí amuigh labhair an dailtín go séimh: “Má leagann tusa méar ormsa cuirfidh mé Cyril Daly id dhiaidh!”

B’é bás an Dr Cyril Daly an tseachtain cheana a chuir seo im cheann, óir ba dhuine é a thionscain is a thiomáin an feachtas in aghaidh an phianóis chorpartha i scoileanna na tíre.

Is deacair dúinn a chreidiúint anois gurb é an gnás é go mbuailtí páistí scoile go coitianta is go laethúil go dtí gur cuireadh deireadh leis de réir dlí sa bhliain 1982.

Mura raibh aon nath eile id chluasa go binn bhí “Sín amach do lámh!”

READ MORE

Is deacair do dhuine ar bith níos óige ná an dá scór agus tuilleadh an réimeas sin a thuiscint anois. Bhuailtí tú nuair nach raibh an litriú agat, bhuailtí tú nuair nach raibh na seacht bpeacaí marfacha ar eolas agat, bhuailtí tú nuair nach raibh bailte Chontae Liatroma ar bharr do theanga agat, bhuailtí tú nuair nárbh eol duit cad é rangabháil na fusachta, bhuailtí tú nuair nár thuig tú cad a dhein an chearnóg ar an taobhagán, bhuailtí tú nuair nár aithris tú filíocht an lae de mheabhair ghlan, bhuailtí tú nuair a dhearmaid tú cérbh é Perkin Warbeck, bhuailtí tú nuair a bhí duine eile sa rang dána, bhuailtí tú nuair a bhí drochoíche ag an múinteoir aréir, bhuailtí tú de réir na haimsire, bhuailtí tú ar chúiseanna nár thuig aon duine eile ach an tArd-Aingeal Gabriel lasnairde.

Ní hionadh gur éirigh chomh maith sin linn!

Ba chuma nó airnéis ealaíne cuid den trealamh pianpháise. Slata a raibh snas orthu ó shíorchuimilt dúile, slata a raibh eang bainte astu d’fhonn srac eile a bhaint den chraiceann, slata a raibh ainmneacha orthu díobh siúd is mó a cuireadh faoi smacht.

Leathair dheasa bhoga a d’éiríodh crua nuair a theangmhaíodh siad le lámh, leathair a raibh lumpaí luaidhe tríothu chun tú a chur ar bhóthar do leasa, leathair a bhí déanta de phrumpa an Doinn Chuailgne.

Múinteoir ar m’aitheantas nuair a bhí ina stócach óg ag tosnú ag teagasc ghlaoigh an príomhoide isteach san oifig é an chéad lá ar scoil dó.

B’as iarthuaisceart Mhaigh Eo don oide óg agus dá réir sin níos soineanta ná go leor dá aois féin; b’as Ciarraí don ardmháistir agus deirtear gur imir sé don chontae sna laethanta sin nuair a bhí cead agat daoine a thachtadh is satailt ar chloigne gan spleáchas don réiteoir.

“Bronntanas agam duit,” arsa an Sinsear, agus thóg leathar úrnua amach as tarraiceán amhail duine cúthail a bhí ag coinne rófhada leis an ngabh-i-leith.

Shín chuige é, agus dúirt go tomhaiste: “Ná bac an tsíceolaíocht sin ar fad a d’fhoghlaim tú sa choláiste. Seo é an cara is fearr atá agat. Baintear leas as!”

B’in é an gnáthshaol. Bhí glacadh coitianta leis ag múinteoirí, ag tuismitheoirí, agus ag na smaointeoirí sin go léir a smaoiníonn de réir stuif, sin a bhformhór.

Go deimhin, ceann de na chéad léargais saoil dá raibh riamh agam is de bharr na slaite a thuirling chugam. Thug Joyce “eipeafáine” ar an léirstint obann san gan chuireadh gan iarraidh a osclaíonn doras sa saol.

Bhí a leithéid agam.

Scoil mhór cathrach is ea a d’fhreastalaíos air, agus nuair adeirim “mór” is é atáim á mhaíomh ná nach mór ceithre scór dalta i ngach rang.

Cuireann figiúr mar sin alltacht ar dhaoine inniu, agus scaoilfí cótaí bána an ISPCC amach inniu i gcás mar é.

I rang a dó a bhíos, agus bhí an múinteoir ceanúil go maith ar an maide. Ní foláir nó gur mhinic a shíl daoine go raibh Rince St Vitus ag briseadh amach i measc buachaillí scoile, agus ba bheag an sólás é go mbeadh an crith cos agus lámh ina chleachtadh don rocanról ar ball.

Bhíos im shuí ar fhalla na scoile ag iarraidh táblaí uimhir a seacht a shlogadh agus ag dul díom.

Ansin, de phreib, mar a bheadh m’aingeal coimhdeachta ag caint liom nocht uimhríocht de shaghas eile chugam.

Ceithre scór nach mór sa rang! B’ionann sin agus nach gcuirtí ach cúig nó sé cinn de cheisteanna orm gach lá, níor mé ba mheasa ar fad go fiú ag na sumanna, d’áiríos go sleamhain nach léireoinn m’aineolas ar an meán ach timpeall ar uair sa lá.

Ergo, aon bhuille amháin in aghaidh an lae. Dúrt liom féin go bhféadfainn sin a fhulaingt, agus d'éirigh scailp cheo díom láithreach. Ba mhó an taitneamh a bhaineas as an scoil as sin suas.

Is mé a bhí buíoch den tslait.