An tIonsaí sin orainn

Níor cheart dúinn dul in Arm na hEorpa


Tá siad chugainn arís, na daoine sin atá ag déanamh ionsaí orainn. Jean-Claude Junker i dtosach, agus é ag áiteamh gur cheart “arm Eorpach” a bheith againn.

Agus ansin go ramharbhrógach mar is dual dó, Peadar na Súdarlainne, ag iarraidh an geal a chur ina dhubh orainn nach raibh ár mórdhóthain á dhéanamh againn chun na hEorpa a chosaint.

Ní chuirfeadh sluaite Stailin ná cipí Genghis Khan stop leo, iad siúd atá meáite ar sinn a shlogadh isteach i dtionscnamh na hEorpa, ar cuid de go stairiúil agus faoi láthair, ionsaí a dhéanamh ar phobail lasmuigh dár gcríocha féin.

Ní deirim an méid sin gan chúis nó gan fianaise. Níl aon eolas agamsa a thabharfadh an móilín is lú d’fhianaise go bhfuil dream éigin amuigh ansin ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an “Eoraip”.

READ MORE

Ní hea amháin nach ndúisím i gcoim na hoíche ag bárcadh fuarallais agus mé i ngreim ag an uafás go bhfuil na sluaite gorma agus buí agus dorcha agus tuáillechloigneacha agus sliotánshúileacha ag teacht chugainn ar sodar, ach bím ag cuimhneamh ar na sluaite gorma agus buí agus dorcha agus tuáillechloigneacha agus sliotánshúileacha agus ar an eagla atá orthu siúd fúinne, NATO ann nó as, ar thalamh nó ón aer lasnairde.

Tusa amuigh ansin id leaba theolaí, an mó an seans atá ann go ndéanfar ionsaí ortsa seachas ar an duine ar a mhata in Aleppo nó san suq in Benghazi?

Tá Peadar na Súdarlainne ag iarraidh orainn an díospóireacht a thionscnamh timpeall ar “chosaint na hEorpa” (.i. is é sin NATO), agus an ceart aige.

Is é is brí leis an nath sleamhain slim sin “díospóireacht a thionscnamh” ná gur cheart dúinn an plé a dhéanamh agus aontú leis siúd agus leis na míleastaigh mhóra.

Táim sásta agus toilteanach an díospóireacht a bheith againn. Tá sé déanta. Dheineas mo mhachnamh air. Bhí allagar mór agam liom féin agus leis na milliúin a mharaíomar amuigh ansin sna críocha i gcéin. D’aontaigh siad liom, na mairbh, nár cheart dúinn dul in Arm na hEorpa.

Agus thugas cluas don taobh adúirt go raibh beatha i seanchnámharlach na nImpireachtaí fós, go gcaithfí an cluiche fichille idirnáisiúnta a imirt go héag, nárbh fholáir an faightman’s burdún a iompar choíche, nach raibh dul as againn ach sinn féin a chosaint ar naimhde a bhí dár dtimpeallú bliain i ndiaidh bliana.

Nuair a dhúisigh mé im leaba go lánbhríoch, ráinig léarscáil a bheith ar an urlár i dteannta mo chuid stocaí. Ós rud é go raibh an mhaidin fuar go maith, dheineas croí isteach ar an léarscáil le hionchas go dtabharfadh teas éigin dom.

De dheasca an tromluí a bhí agam faoi mhuintir Goldmann Suchs, ba dhlúithe fós a chlasaíos an léarscáil chugam. Agus féach, nuair a d’osclaíos é bhí an Eoraip agus a cuid comharsana leata os mo chomhair!

Siúd ag taighdeadh liom faoim intinn maidir leis na naimhde a gcaithfimis sinn féin a chosaint orthu.

D’fhéachas íor na spéire siar. Ní raibh ann ach an fharraige mhór agus an Íoslainn nár ionsaigh éinne – fós.

Ó dheas uainn, tá an Mharóic, go háirithe, agus is fíor gur sciob foghlaithe mara dá cuid roinnt sclábhaithe ó Dhún na Séad sa bhliain 1631, ach ní heol dom gur dhein siad aon ghrabaireacht orainn ó shin. Mar an gcéanna na tíortha Arabacha go léir, ach cá bhfios, b’fhéidir go bhfuil cabhlaigh acu faoi rún sa chuan réidh ullamh chun ár gcuid ban agus iníonacha a ghabháil mar sclábhaithe tís, teaspaigh agus teallaigh?

Is é an mathún sa mhothar, gan amhras, ná an Rúis. Ní deirtear go lom díreach amach é, ach caithfidh tú namhaid éigin a bheith agat, agus ní bheadh a fhios agat leis an dream sin anoir nach bhfuil Eorpach ná Áiseach ach rud éigin idir agus, cineál gé ghandalach nach bhfeadair cén treo a chasfaidh siad. Agus is measa ná sin, tá seanscéal ag baint leo nach bhfuil meirg go baileach air.

Tar éis an tsaoil scrios siad impireachtaí na hEorpa faoi dhó, ar a laghad. Chuir siad as don Chornal beag, Napoleon, agus b’éigean do Thaicobhsci réamhcheol iontach 1812 a chumadh mar onóir ar a dhíbirt.

Ina dhiaidh sin, thug siad suas don bhás breis agus 26 mhilliún duine chun stop a chur leis an bpéintéir beag croiméalach Adolf Schickelgruber agus fórsaí lárchultúir na hEorpa a bhí ag iarraidh sclábhaithe a dhéanamh díobh. B’fhéidir nár maitheadh é sin riamh dóibh.

Ba cheart eagla an domhain a bheith orainn roimh an Rúis. Athbhreith Hitler é Putin, gan ghó. Tá’s agam, mar chuala mé ar Fox News é.