An Timire ar lorg tacaíochta ó lucht na teanga

Tá eagrán an Gheimhridh den iris, An Timire, ar fáil go fóill agus neart ábhair ann.

Tá láithreoir RnaG, Cormac Ó hEadhra, faoi agallamh; tá ailt ar chás na dteifeach sa tSiria agus ceann ar shaighdiúirí linbh ann; roinnt aistí ar chúrsaí creidimh; léirmheas ar chnuasach filíochta le Louis de Paor, The Brindled Cat and the Nightingale’s Tongue agus ar chúrsaí scannáin agus aistí gairide eile ar an tsaol mhór iontach.

Cuireann an t-eagarthóir, Frainc Mac Brádaigh, SJ, ceist faoi chúrsaí dídine in Éirinn an lae inniu: “An ábhar magaidh dúinn Íosa gan dídean faoi Nollaig i gcónaí?

“Tá chomh dona le feiceáil sna ‘hóstáin’ mar a bhfuil teaghlach iomlán cuachta in aon seomra amháin, gan príobháideachas ag tuistí ná ag gasúir.”

READ MORE

Fiafraíonn sé: “Céard is brí le teacht slán nuair atá an saibhir ag carnadh agus an daibhir ag bochtú?”

Sa bhliain 1911 a bunaíodh an iris. Níl deontas de chineál ar bith ag An Timire agus is ag brath ar shíntiúsóirí a bhíonn lucht na hirise leis an dé a choinneáil inti. Tá lucht na hirise ag ardú a praghais go €5 an t-eagrán ach tá siad ag cur leathanaigh bhreise leis mar chúiteamh. €20 sa bhliain an luach ar shíntiús anois agus ceithre eagrán den iris a fhaigheann tú dá réir sin.

Dá mbíodh cúpla euro le spáráil agat ar laethanta seo na gannchoda, chuirfeadh lucht na hirise fáilte roimhe. Eolas: antimire@gmail.com

póm