An teist i lár an téarma

Ní fada go gcuirfear na páirtithe faoi scrúdú an phobail


Le tamall de bhlianta tá na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ag titim i lár an téarma agus, cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá, bíonn siad ina dteist ar pholaiteoirí, ach go háirithe ar an Rialtas.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go léir forás na neamhspleáchaithe agus iad ag baint leasa as deacrachtaí na bpáirtithe polaitiúla. Níl aon cheann de na páirtithe nach raibh a gceannairí sa nuacht ar na cúiseanna mícheart le coicís anuas agus d’fhéadfaidís uilig a bheith i mbaol tar éis na dtoghchán ar 23ú Bealtaine.

Deir iarrthóirí Shinn Féin nach raibh aon éifeacht ag gabháil agus ceistiú a gceannaire Gerry Adams orthu agus síltear, le vóta an pháirtí ag dúbailt, go méadóidh líon a gcuid comhairleoirí.

Tá iarrthóirí Shinn Féin ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna i gcás na dtoghchán Eorpach. Ach le seans a bheith acu ar shuíochán níor mhór dóibh a bheith gar go maith do chuóta óir beidh siad ag fanacht le haistriúcháin. Is ansin a fheicfear cén éifeacht a bheidh ag gabháil Adams.

READ MORE

Ní sa vóta dílis a d’fheicfí an éifeacht ach sna haistriúcháin mheánaicmeacha a mbeidh géarghá acu leo. Iarrthóir amháin atá acu i ngach cás rud a fhágann go mbeidh siad ag brath ar thacaíocht ó vótóirí páirtíthe eile agus ó na neamhspleáchaithe.

Muna dtagann na haistriúcháin ina dtreo an iarraidh seo tar éis feachtais láidir sílim go mbeifear ag breathnú ar Adams agus an glacadh atá leis sa Deisceart, b’fhéidir go bhfuil lá Mary Lou ag druidim linn.

Tá tacaíocht Fhianna Fáil ag feabhsú freisin ach ní léir fós go bhfuil an pobal sásta maithiúnas a thabhairt dóibh.

Ní haon chabhair dá chuid iarrthóirí an praiseach a rinne a gceannaire i nDún Laoghaire faoi ainmniúchán Mary Hanafin, mhúscail sin na seanlíomhaintí faoi easpa cinnteachta Mhichíl Martin.

Chaill Fianna Fáil 135 suíochán ar 25.4 faoin gcéad den vóta sna toghcháin áitiúla deireanacha i 2009. Níl na pobalbhreitheanna ag tabhairt an chineál sin tacaíochta dóibh ar bhun seasta anois, ábhar imní é sin.

Táthar cinnte go maith de shuíochán Eorpach Brian Crowley sa Deisceart agus shílfeá gur cheart dóibh ceann a thógáil freisin sa toghlach ollmhór Lár agus Iarthuaisceart, áit a bhfuil Pat The Cope agus Thomas Byrne ina seasamh. An toradh i mBaile Átha Cliath is tábhachtaí.

Má theastaíonn uathu aon téarnamh ceart a dhéanamh caithfidh siad suíochán a thógáil san ardchathair, áit nach bhfuil oiread agus Teachta Dála amháin acu. Muna n-éiríonn ansin leo déarfar nach bhfuil dul chun cinn in ann dóibh faoi Mhicheál Martin.

Is iad an dá pháirtí Rialtais is measa as. Níl siad ag tarraingt le chéile mar a bhí agus iad ag iarraidh an Triúrach a dhíbirt. Bhí sin an-soiléir agus ceist na dtáillí uisce á bplé gan trácht ar an easpa plé faoi Alan Shatter a bheith ag éirí as.

Níl bealach faoin spéir go gcoinneoidh Fine Gael an sciar de na suíocháin a bhí acu ar na hÚdaráis Áitiúla. Tá a lán dá gcomhairleoirí i gcontúirt de bharr na míshástachta leis an Rialtas agus na hathruithe atá tugtha isteach ag an Aire Hogan, óna bpáirtí féin. Anuas air sin, tá an Taoiseach faoi bhrú mar gheall ar scannal na nGardaí agus Shatter.

Táthar siúd ina pháirtí féin a admhaíonn go hoscailte go bhfuil sé gonta ag na himeachtaí sin agus a dhílseacht do Shatter. D’fhéadfadh drochthorthaí toghcháin é a fhágáil i gcruachás. B’iad na toghcháin seo cúig bliana ó shin an chéad leid go raibh Fine Gael tagtha chuige féin ó bhí slad 2002 ann. An mbeidh siad ag léiriú an iarraidh seo go bhfuil scláradh eile in ann sa chéad olltoghchán eile cibé uair a tharlóidh sé?

Beidh dáta an olltoghcháin ina mhórcheist don Rialtas agus é iontach tábhachtach don Lucht Oibre. Faoi láthair, tá siad ar a nglúnta de bharr na bpolasaithe déine agus cé gur dhúradar gur thuig siad go mbeadh sin amhlaidh ach go gcaithfí an Stát a chur chun tosaigh ar an bpáirtí, ní aontaíonn a lucht tacaíochta atá dá dtréigean.

Ní hionadh mar sin an t-éileamh an tseachtain seo ar athnuachan ar threo an Rialtais agus an rabhadh nach leanfaidh an Rialtas go 2016 muna dtarlaíonn an athnuachan agus geallúintí go bhfuil deireadh le ciorruithe agus táillí breise. Tá gá acu le faoiseamh as seo go toghchán nó beidh deireadh leo.

Shílfeá go raibh an chomharbacht i Sinn Féin soiléir agus ba mhaith le Joan Burton a mheas go raibh sa Lucht Oibre freisin.

Ar éigean a thabharfá athnuachan ar an rogha sin ach sin ceann de dheacrachtaí an Lucht Oibre, cé eile atá acu?

Tá an dream óg sna sála ar na ceannairí i gcás Fhine Gael agus Fhianna Fáil.

Níl éinne acu ag seasamh amach ón tslua, b’fhéidir gur seanfhondúir a thiocfaidh aniar aduaidh sa dá pháirtí ach bheadh deis athnuachana caillte ansin freisin.

Tá iarracht níos fearr de dhíth uathu uilig.