An stair nach raibh againn

Leagan de scéal na hÉireann nach bhfuil sna leabhair staire


Bhí an Bhreatain dílis dá geallúint. Cuireadh an bille Rialtais Bhaile i bhfeidhm roimh thús an Chogaidh Mhóir agus glacadh leis le gairdeachas mór ar shráideanna na gcathracha in Éirinn sa bhliain 1914.

Chuaigh na sluaite fear nÉireann amach le háthas is le púdar ina gcroí chun troda leis an gKaiser.

Nuair a thosnaigh scliúchas beag sceimhlitheoirí ag iarraidh trioblóid a chothú le linn na Cásca 1916 bascadh sin go grod chomh maith.

Cuireadh na ceannairí lofa chun báis toisc gur chomhghuallaithe leis an nGearmáin iad.

READ MORE

Tháinig na céadta de mhílte saoránach amach ar na sráideanna chun comhghairdeachas a dhéanamh leis an rialtas a chuir an dlí i bhfeidhm ar mhéirligh.

Níor ghá coinscríobh a ghairm, mar bhí fir agus mná na hÉireann breá sásta troid a dhéanamh ar son an Rí ar an Somme nó ar an tSionainn nó ar an Styx.

D’oscail an rí pairlimint na hÉireann ar fhaiche an choláiste tar éis an chogaidh.

Bhí bónaí breátha ar fhir agus hataí móra ar mhná agus dúradh rudaí deasa faoi Ghrattan agus nithe suimiúla faoi Fhlood agus ba thrua leo nár bheo don Réamannach nach bhfaca an lá seo a raibh sé ag coinne leis.

Cromadh láithreach ar dhealbha a thógaint ar fud na tíre ar son na mac sin a scriosadh san ár.

I gCloich na Coillte bhí Mac Cárthaigh, is McCárthaigh is McCarthy faoi thrí scór, agus Murphy; i Leitir Ceanainn bhí Ó Gallchóir agus Ó Gallchobhair agus Ua Gallchóir, agus McGuinness; i gClár Chlainne Mhuiris, bhí Ó Máille, agus O’Malley ina slaoda, agus Horan.

B’í an t-aon cheist ná cén baile a thógfadh an dealbh is mó ar son na laochra a mharaigh na mílte nár dhein pioc ina gcoinne.

Tógadh príosúin in áit ospidéal de réir mar a d’oir, agus diúltaíodh do phlean leictreachas na Sionainne, mar síleadh go gcuirfeadh sin isteach ar thionscal na gcoinnle ar an mórthír.

Murar glanadh slumaí Bhaile Átha Cliath ba mheasa slumaí Ghlaschú.

Ach ba chuma faoin mbochtaineacht, dáiríre, óir ba chúiteamh éigin é turas sin gach re tríú bliain ball sóisearach éigin den teaghlach ríoga orainn.

Bhíomar sásta go raibh airgead dár gcuid féin againn: an rí ar thaobh amháin den bhonn, agus leipreachán ar an taobh eile.

Ba mhó fós iad na sluaite aoibhnis nuair a d’fhógraíomar cogadh ar an nGearmáin arís sa bhliain 1939.

Ba scuainí gan áireamh na fir óga a chuaigh san arm chun troda in aghaidh an fhaisisteachais.

Is fíor gur cuireadh na hamadáin shaonta a throid i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn i bpríosún nuair a d’fhill siad, ach ní gá dul isteach sa scéal sin.

Scriosadh Baile Átha Cliath oícheanta fada as a chéile agus is mó sin teaghlach meánaicmeach a bhí buíoch gur maraíodh iad ina gcodladh ar son na saoirse; leibhéaladh Corcaigh níos measa ná mar a déanadh ó aimsir na hoighearaoise; bánaíodh Luimneach ach níor aithin aon duine an difear.

Beidh cuimhne go deo i searmannais bhliantúla ar an 196,222 fear a fuair bás amuigh ansin áit éigin ag troid ar son na Ríochta Aontaithe.

B’íogair é cás na ndaoine a raibh bá acu leis an rialtas agus leis na Gearmánaigh araon nuair a tháinig an namhaid i dtír i gCuan an Bhainbh i 1941: maitheadh a chionta don Reichskommissar Johann de Duffy nuair a tháinig an rialtas daonlathach ar ais faoi stiúir an Bharúin Jean Costelleau tar éis don Aontas Sóivéadach buachan ar an nGearmáin Feabhra fuar úd na bliana 1947.

D’fhág an bua sin go rabhamar saor arís chun lánpháirt ghníomhach a ghlacadh chun troda in aghaidh na Malaeisia, na Cipire, agus na ndaoine ndorcha ndalba eile.

B’é ab fhearr ná an misneach a léiríomar sa Chéinia nuair a bronnadh croiseanna míleata go himleacán orainn. Smaoiním go háirithe ar an díorma ón mBaile Loiscthe, agus ar an mbaicle ón Teach Dóite a chuir a n-anam i mbaol ag cur tine le príosúnaigh Mau Mau ar eagla go ndéanfadh siad ionsaí orainne in Éirinn.

Tar éis gur socraíodh go ndéanfaí lá fhéile náisiúnta den 12ú Iúil d’fhógair an Ridire, agus an t-iar-phríomhaire, Seon de Brútóin go gcneasódh sin cuid dár gcréachtaí náisiúnta, agus nárbh fhíor dó?

Bhí díomá de shaghas ar thráchtairí sóisialta áirithe, áfach, nuair a cromadh ar mhaitheasaí sóisialta is daonna a thomhas de réir an Innéacsa Fhorbartha Dhaonna.

Fuarthas amach go rabhamarna sa Ríocht Aontaithe i bhfad chun deiridh ar thíortha beaga neamhspleácha ar nós na hÍoslainne, na hIorua, na hÍsiltíre, na hEilbhéise.

Cheap suirbhé amháin nó dhó nó trí go bhféadfadh go mbeimis ar na tíortha b’éirithí ar domhan dá mbeimis scartha leis an máthairthír. Ach nár chuma?

Nach raibh banríon againn agus teachtaí in Westminster agus tiarnaí gan tomhas agus cuimhneamh ar impireacht a ghabh an ceathrú cuid den domhan gan oiread is cine amháin a dhíothú?