An spideog ar patról i ngairdín na Nollag

Splanc bheag rua agus donn gan choinne – spideog sa ghairdín.

Tá sí i ndiaidh í féin a chaitheamh den chlaí i dtreo an fhéir. Seasann sí go dalba; tugann dúshlán gach aon éan eile.

Éan cónaithe atá sa spideog ach ní minic a fheiceann tú le linn an tsamhraidh í. Faoi cheilt faoi dhuilleoga a bhíonn sí. Titeann na duilleoga céanna de na crainn agus tagann an spideog amach chun súgartha.

“Cluimhreach dhearg ó chlár a héadain go bun a huachta,” an cur síos a dhéanann an tEolaí Póca (An Gúm) ar an spideog.

READ MORE

Dearg?! Ní hea – is den chine rua an spideog, dar leis an rud rua seo d’iriseoir. Samhlaím go mbíonn an spideog ar patról sa gharraí, í ar nós mháistreás na scoile sa chlós ag am lóin, í ag bogléim ó áit go háit le fáil amach an bhfuil gach aon rud mar is ceart ina tuath féin.

Le cois a bheith sa ghairdín, beidh an spideog le feiceáil ar chártaí Nollag, í féin agus an dreoilín an dá éan is mó a luaitear leis an tréimhse seo.

Bhuel, an dá éan is mó nach n-itear a luaitear leis an tséasúr seo.

Ní críoch shona a bheas i ndán don turcaí nó don ghé bhocht!

Tiocfaidh an spideog slán. Leanann sí dá patról aonair sa ghairdín ar feadh na tréimhse agus beidh sí le feiceáil arís ar an bhliain úr, i mbun dualgais arís, ag fanacht leis an Earrach, an t-éan beag rua, éan beag na Nollag.

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times