An sionnach nár tháinig slán ó thrácht na tuaithe

Agus tú i do shuí go luath ar maidin, is minic a fheiceann tú corp cois an bhealaigh mhóir – an t-éan; an lúchóg mhór; an broc.

An t-ainmhí bocht a maraíodh go hantráthach, an t-ainmhí nár éalaigh ar an veain nó ar an leoraí nó ar an charr.

Ní fada go dtagann na snaganna breaca i láthair; ní fada go mbíonn siad le feiceáil ag ithe an chonablaigh.

Bíonn trua agat don éan álainn – an gealbhan, an smólach, an rí rua – ar bhuail carr é, iad sínte ar thaobh an chosáin, gan bhrí, na dathanna ag sileadh astu de réir mar a ardaíonn an ghrian. Bíonn an trua chéanna agam don bhroc bocht.

READ MORE

Nach air a bhí an mí-ádh gur tháinig leoraí air agus é amuigh san oíche, é ag siúl leis go réidh thar na cuibhrinn?

An píosa beag tarmaic, idir páirc amháin agus páirc eile, a thug a bhás.

Ní raibh áit ar bith le dul faoi cheilt aige agus an leoraí ag tarraingt air.

Ach dá olcas a chás, is míle measa é an madadh rua a fheiceáil ina luí marbh ar béal maidine.

Sea, bíonn dáimh agam le gach aon rud rua.

Sin anois an sionnach sínte, gan chorraí, an gadaí cliste, ar shlí na fírinne.

Cuireann sé tocht orm.

Tá a fhios agam gur beag feirmeoir a bheidh ar aon intinn liom faoi sin.

Ach sin agat an croí bog cathrach atá i mo chliabh.

Deartháir cleamhnais liom tá cearca aige. Ní bhíonn aon drogall ar an sionnach cuairt a thabairt ar an chró – ach an deis a fháil – agus KFC a dhéanamh de na cearca.

Dá réir sin, is faoi shreang a choinnítear na cearca san oíche.

Faoi ghlas

Chuirfeadh an cró an Cheis Fhada i gcuimhne duit, príosún a thógtar leis an sionnach a choinneáil amuigh.

Sea, ní bheadh drogall ar an sionnach iomlán dá raibh ann a ithe.

Mar sin féin, nach bhfuil rud inteacht glórmhar faoi shionnach a fheiceáil ag rith thar na cuibhrinn?

Níl mac tíre ar bith fágtha sa tír – diomaite de na cinn atá i dTeach Laighean!

B’fhéidir gurb í sin an chúis go gcorraíonn an sionnach mé; cuireann sé Éire fhiáin na bhFiann i gcuimhne dom.

Samhlaím Fionn agus na Fianna ag seilg thar cnoic agus an mac tíre ag rith rompu.

Faraor, tá deireadh leis an sionnach seo atá ina luí ar chúlbhealtaí Uladh.

Is tráth bricfeasta ag na snaganna breaca é.

Tá a rás rite.

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times