An rogha

Is d’fhéach Muire uirthi le grá ina súile: ‘Beidh An Leanbh agam.’


Agus sna laethanta sin tháinig an tAingeal Gabriel ó Dhia go cathair i nGaililí darbh ainm Nasaret ag triall ar mhaighdin a bhí luaite le fear darbh ainm Ióseph, agus Muire ab ainm don mhaighdin.

Agus tháinig an tAingeal isteach sa seomra ag triall uirthi, agus ghabh eagla í, óir níor ghnách go dtagadh fir stróinséartha isteach sa seomra chuici chun cainte léi.

Mar bhí léite aici gur ródhócha gur ar son mísce agus dochair a thiocfadh duine ar bith ag triall uirthi.

Agus dúirt an tAingeal léi go raibh sí beannaithe idir mhná, ach níor go rómhaith a thuig sí an méid sin ná cén sórt é an beannú áirithe sin. Agus dúirt an tAingeal léi go bhfaigheadh sí gin ina broinn, agus go mbéarfadh sí leanbh, agus dúirt Muire nárbh eol di conas a tharlódh sin óir nach raibh aithne fir aici, ach dúirt an tAingeal nach raibh rá ar bith nárbh fhéidir do Dhia.

READ MORE

Agus níorbh fhada gur mhothaigh Muire an bhreoiteacht ina bolg agus na híona fáis ina cliabh, agus ba mhinic í ciúin ionas go gcomhlíonfaí focail an fháidh go dtiocfadh leanbh ar an saol.

Agus nuair a leathnaigh an scéal tháinig an pobal máguaird ag triall uirthi agus ag déanamh gairdis léi go raibh sí torrach le leanbh mar is iomaí duine díobh a bhí seasc agus nárbh fhéidir leo a gclann a chur díobh.

Agus tháinig Naomi chuici isteach agus na deora áthais léi mar chaill sí gin í féin; agus ina diaidh tháinig Yiskah ar geall le míorúilt Dé gach leanbh a bhí aici féin, agus bhí scata aici.

Agus tháinig Golda agus bhí gruaim ar a haghaidh cé go raibh sí mór go maith le Muire mar a bheadh deirfiúr go dtí sin.

“Cloisim go bhfuil tú buailte suas,” ar sise, ábhairín borb, “féir plé, mar adéarfá, ach cheapas go raibh Jó beagán sean.”

“Nach scéal iontach é sin?” d’fhiafraigh Muire, “mise ag súil le leanbh!”

“Ní rachainn chomh fada sin,” arsa Golda, “caithfidh tú cuimhneamh an bhfuil sé uait, mar leanbh?”

“Cinnte,” arsa Muire, “an bhfuil aon ní níos míorúiltí ná páiste óg?”

Ghlan Golda a scornach, agus ansin chaith seileog amach ar an ndusta. “Ach, smaoinigh anois, smaoinigh air, tá tusa óg agus tá Jó sean, agus an dóigh leat go mbeidh an leanbh sláintiúil?”

“Níor smaoinigh mé riamh air,” arsa Muire, “bíonn formhór gach aon leanbh sláintiúil.”

“Ná bac formhór gach aon …cibé,” arsa Golda, amhail is dá mbeadh fonn argóna uirthi, “is iad na heisceachtaí is cás liomsa. An leanbh sin agat, an bhfuil ainm agat dó?”

Bhí leisce ar Mhuire aon rún a scaoileadh, ach bhí rud éigin ag baint le Golda, tiomáint éigin fúithi mar a bhí san aimsir féin. “Deir Jó agus mé féin gur dócha gur Emmanuel, nó b’fhéidir Íosa a thabharfaimid air.”

“Ainmneacha deasa iad sin,” arsa Golda, agus ghluais a miongháire ó imeall a béil soir go himeall a béil siar go gasta. “Ach an bhfuil tú cinnte gur buachaill a bheidh ann. Cuir i gcás gur cailín í?”

Leag Muire lámh ar a broinn agus dúirt go simplí: “Bheadh an oiread fáilte agam roimh iníon is a bheadh roimh mhac, ach braithim gur buachaill é seo.”

“Ná dean deimhin ded dhóigh,” arsa Golda, “ach smaoinigh nach mbíonn cailín riamh chomh luachmhar le buachaill. Go fiú más bean féin mé, aithním an saol.

“Fuarthas carn cailíní sa bhruscar ansin thiar nach raibh a dhíth, nua-bheirthe mar adéarfá, an bhfuil tú cinnte gur buachaill atá agat?”

“Is mé atá cinnte,” arsa Muire, “dúradh liom é.”

Rinne Golda casachtach eile, mar bhí a thuilleadh aici le rá. “Bíodh sin mar atá,” ar sise go soilbhir, “ach smaoinigh go bhfuil tusa mós óg, agus Jó mós sean, agus ní bheadh a fhios agat cad iad na hiarmhairtí a leanfadh sin.

“B’fhéidir go mbeadh an leanbh dall, nó ar leathchois, nó cam reilige air, nó uathachas aige, nó claonadh chun lobhair, nó siondróim Uí Dhubháin...”

“Is cuma liom,” arsa Muire, “duine é. Is maith liom daoine. Daonnaí mé. Ní dhéanaim aon deighilt eatarthu.”

“Ach tá deighilt eat…” arsa Golda, agus ba dhóbair go dtachtfadh na focail ina bráid. “Ní hé sin a bhí i gceist agam, gan amhras, ach go smaoineofá an raibh an féiteas seo ag teastáil uait, dáiríre?”

“Ní ag súil le féiteas atáim, le fírinne,” arsa Muire, “ach ag súil le leanbh.”

“Níl ann ach focail,” arsa Golda, “ach ní i dtosach atá an focal. Chun do leasa atáim. Mura bhfuil an ghin, an bailiúchán áirithe cillíní seo uait, an slupadán slapar súip seo, an leaidín beag mishtake seo uait, tá aithne agam ar dhochtúirí ... Tá rogha agat, mar is eol duit.”

Is d’fhéach Muire uirthi le grá ina súile: “Beidh An Leanbh agam,” ar sise, “An Leanbh.”