An Nollaig thiar – thoir, theas, thuaidh

Tá deireadh le himpireacht Shasana ach tá daoine ina gcónaí sna hoileáin go fóill agus iad ag caint Gaeilge


Tosaíonn an scéal san Oir-Ghearmáin, lá den tsaol, agus tagann an scéal chun críche in Inis Mór.

Leabhar breá atá ann mar An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir, nach maireann, leabhar nach raibh léite agam go dtí seo de bharr é a bheith as cló le fada.

Cló Iar-Chonnacht atá i ndiaidh é a chur i gcló arís agus, bíodh is go raibh an leabhar dírithe ar pháistí, bhain an duine fásta seo sult as.

Scéal simplí atá ann ar go leor bealtaí – bhí Ó hEithir, iriseoir, seal sa Ghearmáin Thoir, an t-am a raibh críochdheighilt i bhfeidhm sa tír sin.

READ MORE

Cuireann seanduine de bhunadh na Gearmáine forrán air. Tosaíonn siad a chaint faoi chúrsaí bia agus ní fada go spreagann caint an bhia cuimhní ar an Nollaig – ar an Nollaig thiar, an Nollaig in Inis Mór Uí Eithir, a cheantar dúchais.

Bhí bua ar leith ag Ó hEithir ina chuid iriseoireachta; duine de na hiriseoirí ab fhearr a shaothraigh an teanga seo.

Tá buanna sin an ghrinn, na comhbhá, na cumha le sonrú sa leabhar agus é ag cur síos ar dhaoine agus ar ghnásanna atá imithe.

Ach, má tá féin, níl dearmad déanta orthu. Nach sin an bua is mó ag leabhar maith; ní éagann duine ná deoraí, áit nó am?

Filleann siad ort de bharr chumas an údair. Tá de chumas san údar mhór seo an t-am a chartadh siar agus aiséirí a dhéanamh orthu sin atá ar shlí na fírinne.

Ní bréag a rá go maireann muintir Uí Eithir as an úr sa leabhar seo – agus a chomharsana agus a n-oileán.

Labhrann siad leat ar an dóigh chéanna is dá gcasfaí na daoine ar an tsráid ort. Is iad atá greannmhar, cainteach, daonna.

Tá an t-oileán fiáin álainn ann, cúrsaí oideachais, cúrsaí saoirse, cúrsaí an dara cogadh domhanda; míreanna beaga staire a thugann léargas duit ar Inis Mór agus ar Éirinn le linn laethanta corracha.

Deirtear nach mbíonn saoi gan locht agus is fíor an méid céanna faoi shochaí. Mar sin féin, bhraithfeá in amanna go raibh stair bhréige á cumadh faoi Éirinn le tamall de bhlianta; stair a bhréagnaíonn an tír a bhí ann i ndáiríre, a thugann droim láimhe leis an phobal a bhí ann i ndáiríre.

Muintir an oileáin

Gnáthdhaoine atá anseo ag Ó hEithir, an chosmhuintir, daoine ionraice, daoine bochta, daoine ciallmhara, daoine cliste agus iad uilig ag iarraidh a mbealach a dhéanamh sa tsaol mhór iontach, agus ocrach, atá thart orthu.

Agus tá údar ionraice i mbun pinn – go fiú is go n-admhaíonn sé gurbh fhearr leis leabhair Bhéarla a léamh agus é óg.

Anois, bhuel, nach mór an spórt é sin agus muidinne á mholadh as a chumas mar scríbhneoir Gaeilge?

Nach aisteach mar a bíos an saol, nach aisteach go deo mar a thagann áiteacha saor as an stair agus go n-imíonn áiteacha eile le sruth na staire?

Níl mé ag rá go bhfuil saol éasca sna hoileáin, níl leoga. Is leor an tráchtaireacht chumasach ar RnaG le tamall anuas faoi dheacrachtaí sheirbhís bhád farantóireachta go hInis Mór leis sin a mhíniú.

Bhí na fadbhanna céanna acu le linn ré Uí Eithir!

Mar sin féin, tá deireadh le himpireacht na Róimhe, le himpireacht na Spáinne, le himpireacht Shasana féin agus tá daoine ina gcónaí sna hoileáin go fóill agus iad ag caint Gaeilge.

Nach dtabharfá bua air sin? Nach ndéarfá gur dream ar leith iad na daoine sin, dream a thuilleann meas agus, chomh tábhachtach céanna, cuidiú?

Thuigfeá fosta don ghreim a ghlac an t-oileán mara ar shamhlaíocht Uí Eithir, ar an dóigh ar mhair an nasc beo sin idir é agus an áit a chothaigh agus a d’oil é.

Chaith mé féin seal in Inis Oírr tá 30 inteacht bliain ó shin. Má dhruidim mo shúile, tig liom an fharraige mhór a fheiceáil romham agus na clocha liatha thart orm. Níor leag mé cos san áit le scór go leith bliain ach maireann an chuimhne beo agus mairfidh go dté mé i gcré. Sin agat mistéir na cuimhne.

Go tráthúil, is í an Nollaig príomhthéama an leabhair, tréimhse naofa ag Críostaithe, tráth ceiliúrtha agus saoire, tráth athmhuintearais.

Leoga, bíonn Caitlicigh chantalacha Éireannacha féin le feiceáil ar Aifreann na Nollag nach mbíonn le feiceáil ar Aifreann in am ar bith eile!

“Agus cé nár thuig mé san am céard a bhí ag titim amach dom, tuigim anois go raibh fonn orm a bheith sna fir, mar a deireadh muid, agus nach mbeadh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh,” a scríobhann Ó hEithir agus é ag cur críche leis an scéal.

Níl a fhios agam.

Seans go mbeidh an Nollaig thiar go díreach mar a bhí ó tharla gur fhág Ó hEithir an leabhar seo againn.