An náibhí anaithnid

Thug cuairt an Uachtaráin ar an Bhreatain údar ceiliúrtha dúinn


Bhí mórtas cine na nÉireannach i Sasana follasach an tseachtain seo caite nuair a thug an tUachtarán a chuairt stáit ar an mBreatain. Fearacht an phobail sa bhaile bhí údar ceiliúrtha acu. Mar is dual don Uachtarán Ó hUiginn thug sé óráidí spreagúla arbh fhiú éisteacht leo agus rinne an bhanríon Éilís amhlaidh freisin.

Bhí an bhéim ar chairdeas na gcomharsan agus ar an athmhuintearas tábhachtach ach chuireas féin suim faoi leith in dhá thagairt eile ar fad. Luaigh an bhanríon an leithcheal agus an easpa tuisceana a léiríodh d’Éireannaigh sa Bhreatain agus cé gur i gcomhthéacs an Tuaiscirt a dúirt an tUachtarán, “to be forgotten is to die twice” mheabhraigh sé grúpa eile ar fad dhomsa, náibhithe atá ligthe i ndearmad go hiomlán, leithéidí na ndaoine anaithnide atá curtha i reilig sléibhe i Yorkshire agus ina lán reiligí eile cosúil leis.

Cloistear a lán faoi na daoine a chuaigh anonn go Sasana sna 1940idí agus 1950idí ach ní ansin a thosaigh an tréan eisimirce, tá an eisimirce chun na Breataine ar siúl le os cionn 200 bliain.

Iad siúd a d’imigh sna 1940idí agus sna 1950idí rinneadh tromaíocht orthu, bhí “no dogs, no blacks, no Irish” iontach coitianta, breathnaíodh orthu mar chine a raibh drochíde tuillte acu. Bhí scríobh agus léamh ag formhór an dreama sin ní hionann agus a lán a d’imigh sa chéad roimhe sin nuair nach raibh cead ag Éireannaigh oideachas a fháil.

READ MORE

Chuaigh idir 60,000 agus 100,000 (fir den chuid is mó) anonn bliain i ndiaidh bliana sa 19ú haois ag obair ar fheirmeacha, ag tógáil cathracha, bóithre, córais uisce agus iarnróid le freastal ar an réabhlóid thionsclaíoch sa Bhreatain.

Ní fios cé mhéid acusan nár fhill ariamh agus nár chualathas focal arís uathu. Lean an patrún sin ar feadh tamaill i mblianta tosaigh an Stáit nua. Fad a bhí a muintir beo chualathas fúthu, gach tráthnóna sa liodán agus na haguisíní i ndiaidh an phaidrín pháirtigh. Nuair a fuair na seandaoine bás ligeadh a gcuimhne i léig. Ní hé nach luaitear a thuilleadh iad, níl a fhios ag éinne gurbh ann dóibh.

Fuair a lán acu bás sna campaí oibre a ghabh leis na hoibreacha móra seo, cuid acu de bharr fuachta nó chruatan na hoibre nó easpa sábháilteachta nó dhrochbhia nó galair agus, in amanna, de bharr troda agus óil. Chónaigh na náibhithe i mbóthain shuaracha. Diansclábhaíocht a bhí i gceist gan aird ar bith ar shlándáil nó shábháilteacht; ní raibh d’aidhm ag na saoistí ach an obair a chríochnú.

I Yorkshire Shasana tá rian a gcuid oibre le feiceáil agus fós in úsáid. Sa cheantar álainn sceirdiúil seo tógadh sraith de na taiscshorcóirí, tolláin agus cainéil bheaga ag rith síos an sliabh uathu le huisce a sholáthar do chathair Mhanchain agus ceantar mórthimpeall air.

B’éigean gach ceann acu a thochailt agus a ghlanadh de láimh. Bhí leacacha beaga cloiche mar líneáil ar gach uile chainéal agus gach uile thaiscshorcóir, an obair chomh healaíonta néata le hurlár tíle. In aice láimhe, tá reilg do na hoibrithe a cailleadh ar an jab, uaigh do náibhithe anaithnide gan leac nó cloch air.

Chonaic mé féin daoine a chuaigh anonn sa chéad seo caite nuair a bhí cónaí orm i Londain sna 1980idí, iad ag caoineadh os cionn a bpiontaí, ag éisteacht le come-ye-all brónach agus ag inseacht d’éinne a d’éisteodh leo nach raibh aon áit inchurtha le hÉirinn.

Níor bhaineadar leis an tsochaí ina raibh cónaí orthu agus ní bhainfidís ach oiread leis an mbaile a d’fhágadar óir bhí an tír agus na daoine athraithe go mór ach níor thuig siadsan an méid sin.

Gan amhras bhí cuid acu truamhéalach ach, ar a laghad, bhí cabhair ar fáil dóibh trín gcóras leasa shóisialta agus trí na heagraíochtaí fóirithinte a bhunaigh Éireannaigh eile a thuig an leithcheal a himríodh orthu.

Trí iarrachtaí na n-eagraíochtaí sin agus le roinnt cabhrach ó rialtas na hÉireann le blianta beaga anuas tá cóir níos fearr ar fáil dóibh agus tá teagmháil éigin acu leis an mbaile. Tá cuid acu fiú tar éis filleadh go dtí tithe altranais nó tithíocht shóisialta in iarthar na hÉireann.

Thug an tUachtarán aitheantas don phobal mór Éireannach thall an tseachtain seo caite. Thug an bhanríon aitheantas d’obair na nÉireannach i bhforbairt agus tógáil a tíre agus ba deas sin. Beifear ag súil gur ar bhun comhionannais a thabharfar aitheantas as seo amach agus nach mbreathnófar ariamh arís ar dhaoine mar chapaill oibre, sclábhaithe gan chearta nach bhfuil ar comhchéim le daoine eile.