An iris liteartha ollscoile, Scáthán, le foilsiú ar líne

Seolfar an chéad eagrán eile den iris ollscoile, Scáthán, amárach ag 1pm ar champas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhale Átha Cliath, i nDroim Conrach.

Foilsíodh Scáthán den chéad uair sa bhliain 1977 agus tá sí ag tacú le cúis na litríochta ar an ollscoil ó shin.

Is iomaí duine aitheanta i saol na litríochta Gaeilge a bhí páirteach in obair na hirise, idir mhic léinn agus bhaill foirne, agus iad ag cur deiseanna ar fáil do lucht pinn a gcuid alt a chur i gcló agus tús a chur le haistear iontach sin an phinn.

I mbliana, is ar líne a fhoilseofar í, ag www.scathan.ie agus beidh scéalta, dánta agus altanna le léamh inti a chuir mic léinn na hollscoile isteach ar chomórtas scríbhneoireachta.

READ MORE

Bronnfar duaiseanna i gceithre rannóg – scéalta do pháistí, déaglitríocht, filíocht agus iriseoireacht – le cúnamh ó fhoilsitheoirí Gaeilge.

Tá altanna le baill foirne agus le hiar-mhic léinn san iris chomh maith: mar shampla, ar bheirt laochra spóirt agus cainteoirí Gaeilge san ollscoil, Ciarán Kilkenny agus Muireann Ní Scanaill; cuireann an scríbhneoir Anna Heussaff síos ar a tréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge; píosa ar an chéad Scáthán 40 bliain ó shin; ar scríbhneoirí Gaeilge Choláiste Phádraig; ar imeachtaí agus comhdhálacha in Éirinn agus thar lear, ina measc craobhchomórtas fichille an domhain a raibh léachtóir Gaeilge, Gearóidín Uí Laighléis, páirteach ann.