An ghé ar an bhealach chun an tsléibhe

Ag dul chun an aonaigh le gé a cheannach – agus iascaireacht a dhéanamh!


Gabhaim chomh fada le Maigh Eala chuile bhliain le gé a cheannach: turas 80 míle idir ann is as. Deireann daoine gur mé féin an ghé óir d’fhéadfainn ceann a cheannach i bhfad níos cóngaraí do bhaile, go fiú’s ón mbúistéara atá buailte orm; ach gur lá faoin tor agam é.

Lá faoin tor freisin agam geábh a thabhairt ar cheantar Shliabh an Aonaigh i Maigh Cuilinn le dul ag iascaireacht. Ach é seo a bheith a dhá oiread chomh fada!

Ag bualadh bóthar ó Luimneach tuigim go bhfuil an seans ann nach dtiocfaidh liom oiread is dorú a chaitheamh amach.

B’in a thit amach le deireanas. Nuair a shroiseas barr Shliabh an Aonaigh ní raibh puth gaoithe ann. Ag dearcadh síos dom ar Loch Fhada ní raibh an coipeadh is lú ar a dromchla. Ach bhainfinn sult as an lá ar bhealaí eile.

READ MORE

Sheasas ag gliúcaíocht na dúiche: na mílte acra sléibhe is móinteáin. Na bailte sceirdiúla máguaird: Poll, Buaile Uisce, Leitir Meas, Leitir, Eagúil; Tulach na nUan, Doire Thoirc, Ard-Doiriú agus Fionnán níos cóngaraí. Chonaiceas i gcéin Cuan na Gaillimhe, trí oileán Árann ina lár; an Bhoireann ghorm níos faide anonn.

Le píosa tá tuirbíní gaoithe ag péacadh anseo is ansiúd ach inniu is ar éigean a bhfuil a gcuid lannta ag casadh. Tá naoi gcinn fhichead de thuirbíní á dtógáil i gceantar na hEagúlach.

Buailim liom ag siúlóid faoi dhéin Dhoire Thoirc. Tá an uain an-mheirbh. Le fána atá an tsiúlóid chomh fada le Tulach na nUan. Gabhaim thar cruacha móna. Tá seanmhadra ag tafann go leisciúil i sráid tí.

Tá trí asal, móide searrach, i ngarraí de chuid Mhichíl Chearra nach maireann. Tá an bóithrín trí Ard-Doiriú lán sclaigeanna ach tá cíor ard luachra ina lár.

Tá na sclaigeanna ag cur thar maoil le huisce atá chomh geal go gcuardaím i gcoinne breac iontu.

Eitlíonn féileacáin i mo chuideachtain ar feadh an bhealaigh agus tá snáthaidí móra fiosrach fúm. Tá an t-iliomad leamhan ag tógáil foscaidh sa bhfásra fada. Gnáthchuileoga na ngort is iontach glórach a séis fhuaime nuair a éiríonn siad de sciotán ón bhfiataíl.

Tá beacha gnóthach ag bailiú meala. Deirtear liom go bhfuil breis is 20 cineál de bheacha Éireannacha ann.

Canann dreoilíní teaspaigh i dteas na gréine. An sionfón nó cacafón na fuaimeanna ceoil seo in éineacht?

Mé ag coisíocht thar Loch Ard-Doiriú bristear dromchla an uisce shocair nuair a léimeann breac rua.

Éiríonn liom a dhul thar seangheata Dhoire Thoirc agus bainim sméara. Nílim feistithe le bualadh isteach in úllghoirtín Dan Moran nach maireann. Leanaim orm síos trí bhaile tréigthe Dhoire Thoirc nó go bhfaghaim spléachadh ar Loch an Ghabhair.

Casaim ar ais. Tá síocháin dochreidthe i mbólaí Dhoire Thoirc agus Ard-Doiriú.

Fásann crann caorthainn, “like a lipsticked girl” (Heaney), ar bhruach an droicheaidín atá mar theorainn idir bailte Ard-Doiriú agus Thulach na nUan.

Buailim le beirt fhear as Maigh Chromtha, iad ag déanamh fionnachtana i gcoinne tuilleadh tuirbíní. Tuigim nach fiú a rá leo imeacht dtí diabhal agus mar sin ní dhéanaim thar spochadh astu faoi dhrochstaid na peile ina gcontae dúchais. Ach go bhfuilid réidh lena n-aisfhreagra: ‘Ionann is chomh hainnis le Gaillimh!’

Mé ar ais ag mo ghluaisteán téann veain an phosta thar bráid. De sciotán, i gcomórtas le dúiche Dhoire Thoirc, samhlaím Sliabh an Aonaigh a bheith i lár aontaí na cruinne! Ithim ceapaire agus cuirim orm wellingtons óir tá i gceist agam a dhul ag spaisteoireacht trasna an fhásaigh i dtreo Chnoc an Locha; agus ina dhiaidh sin i dtreo Chlochbhaile agus Chnoc Raithní. An dtiocfad inniu ar chearca fraoigh? An chorruair, thar na blianta, casaim ar ál.

Na caoirigh sléibhe, ligid an corrmhéileach astu. Shamhlaínn, agus samhlaím i gcónaí, gur mar mhaor caorach – ag siúl na gcnoc is na sléibhte, seanhata cliopaideach ar mo cheann, madra caorach i mo chomhluadar, ag ligean feadanna glaice asam, uain óga i mo bhaclainn – a d’fhaighinn an sásamh saoil ba mhó.

Tá capaillíní glasa Chonamara ag iníor le taobh locha ina bhfuil scáilí na spéire ina chuid uisce; móide bileoga báite a chuireann ag machnamh mé ar bhileoga loiteoige.

Gabhaim buíochas le Dia go bhfuilim fós in ann leanacht ar aghaidh ar an modh is ansa liom. Is maith liom pisreogacht agus deasghnátha ach nílim reiligiúnta.

Ní thig liom, ámh, neamhshuim a dhéanamh i nDia.

Dá bhrí sin cuirim leis seo dáinín a scríobh mo ghariníon chúig bliana, Bodhi:

Tá an fharraige caoin mar a gcónaíonn na síofraí

Agus má chodlaíonn tú ansin

Cloisfidh tú an fharraige ag imirt ar na carraigreacha

Sin suantraí Dé

Áiméan.