An fealsamh in éadan na bhfaisistithe

Cíorann cuimhní cinn seo Dietrich von Hildebrand a shaol mar ar tháinig réimeas na Naitsithe chun cinn.


Tá líon mór cainéal teilifíse ar fáil anois a bhaineann le cúrsaí faisnéise agus le cúrsaí staire agus is follas go bhfuil cuid mhór daoine fós faoi dhraíocht ag na cláir sin a bhaineann le cúrsaí cogaíochta agus ceannairí míleata, dála Hitler.

An é an bhéim aisteach a chuireann cultúr ár linne, cultúr na físe, agus na meáin ach go háirithe ar chultúr na pearsantachta agus na hidé-eolaíochta agus tábhacht na híomhá is cúis leis seo?

Cá bhfios? Gné aisteach den scéal seo ná go ndéantar neamhaird go minic ar smaointeoirí an lae inniu is an lae inné a cheistíonn meon aigne na bunaíochta.

Ní ceart go ndéanfaí neamhaird ar scéal Dietrich von Hildebrand, áfach. Tá de Hildebrand (ar foilsíodh a chuimhní cinn ar na mallaibh faoin teideal My Battle Against Hitler: Faith, Truth, and Defiance in the Shadow of the Third Reich) ar dhuine de na fealsúna nua-aimseartha is tábhachtaí dá bhfuil ann agus nasc láidir le hÉirinn agus saol na Gaeilge ag a theaghlach toisc go raibh iníon leis, Catherine von Hildebrand, pósta ar an tráchtaire agus scríbhneoir Breandán Ó hEithir, nach maireann.

READ MORE

Aistrithe ón nGearmáinis, cíorann cuimhní cinn seo an fhealsaimh von Hildebrand a shaol sa Ghearmáin agus san Ostair idir tús na 1920í agus deireadh na 1930í mar ar tháinig réimeas na Naitsithe chun cinn. Leabhar thar a bheith tábhachtach é seo dóibh siúd ar suim acu cúrsaí staire, fealsúnachta, polaitíochta, socheolaíochta, nó cultúr na hEorpa i gcoitinne.

Díol spéise an cur síos a thugtar dúinn orthu siúd a bhí ag tabhairt tacaíocht airgid agus maoine do Hitler, leithéidí Fritz Thyssen, an fear gnó mór le rá a raibh saibhreas mór ó thionscal an ghuail agus an mhiotail aige agus a bhí thar a bheith tábhachtach i leith mhaoiniú na Naitsíoch. Gan tacaíocht Thyssen, ní dócha go mbeadh Hitler ina sheansailéir ar an nGearmáin go deo.

Tá von Hildebrand áirithe ar dhuine de na fealsúna is suntasaí sa 20ú haois, é cairdiúil agus i mbun díospóireachtaí rialta le smaointeoirí móra a linne, lena n-áirítear Étienne Gilson, Johan Huizinga, Gabriel Marcel, Paul Valéry, Thomas Mann, Nikolai Berdyaev agus Arnold Toynbee.

In ainneoin gur chuir na Naitsithe cuid mhór dá chairde chun báis, sheas von Hildebrand an fód i gcoinne idé-eolaíocht an pháirtí sin agus na huafáis a rinne siad ón tús, fiú agus go raibh air praghas millteanach ard a íoc ar an gcinneadh céanna.

Rugadh agus tógadh von Hildebrand i dteaghlach Gearmánach san Iodáil. Ba dhealbhóir é a athair Adolf agus ba í Irene Schäuffelen a mháthair. Ní raibh cúlra cráifeach ag von Hildebrand agus níor tógadh le haon chreideamh faoi leith é.

Chuir sé spéis i gcúrsaí spioradáltachta agus é go óg, áfach, agus d’fhreastail sé ar Ollscoil München áit a ndearna sé staidéar ar an bhfealsúnacht.

Ar na múinteoirí clúiteacha a bhí aige, bhí Theodor Lipps, ach ba é smaointeoireacht Husserl agus, ina dhiaidh sin, Scheler a chuaigh i bhfeidhm go mór air.

Scoláire ard-éirime ab ea von Hildebrand agus tairgeadh post mar léachtóir agus mar ollamh dó gan mhoill.

Ach bhí air saol sábháilte na hacadúlachta a fhágáil ina dhiaidh agus imeacht óna thír dhúchais nuair a tháinig na Naitsithe i réim sna 1930í. Theith sé chun na hIodáile ar dtús agus ansin go Vín na hOstaire mar ar oibrigh sé mar iriseoir.

Bhunaigh sé nuachtán seachtainiúil frith-Naitsíoch, in ainneoin go bhfuair sé an t-uafás drochíde sa réimse sóisialta agus polaitiúil óna naimhde.

D'fhógair na Naitsithe pianbhreith an bháis air in absentia; ní hamháin sin ach dúirt von Papen, duine de phríomhthacadóirí Hitler, gurbh é von Hildebrand "an chonstaic is mó a bhí ag an Sóisialachas Náisiúnta san Ostair".

Nuair a ghlac Hitler seilbh ar an Ostair sa bhliain 1938, bhí ar von Hildebrand dul ar a theitheadh arís. Chaith sé bliain déag san Eilvéis, agus bhog chun na Fraince ina dhiaidh sin mar ar tairgeadh post dó in Ollscoil Chaitliceach Toulouse.

Nuair a rinne na Naitsithe ionradh ar an bhFrainc i 1940, chuaigh sé i bhfolach arís; bhí saol thar a bheith crua ag clann von Hildebrand ag an tréimhse sin ach thug scríbhneoirí cróga na Fraince, dála Varian Fry agus Edmond Michelet, cúnamh dó.

Faoi dheireadh, d’éirigh le von Hildebrand éalú agus tháinig siad chun na Stát Aontaithe sa bhliain 1940.