An Eoraip ag dul i bhfiáin; an pobal ag dul i ndearmad

Ag taisteal tríd an Eoraip, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa bhFrainc, agus i dtíortha eile anois, feiceann tú réigiúin ar fad gan daoine iontu. Talamh feirmeoireachta a bhí ann tráth, ach anois tá na tithe feirme ina bhfothraigh, an branar gan chur, an talamh féaraigh gan ba, agus na coillte ag brú isteach air níos mó ó bhliain go bliain.

Tá an mac tíre agus an béar ag teacht ar ais i réim, gan an duine. B’fhéidir go bhfuil tuirbíní gaoithe ann anois, iad ina seasamh mar a bheadh fathaigh ann agus seilbh glactha acu ar an tír fholamh, a lámha ag druidim go mall. Cad a tharla? Ní deacair a rá. Ní raibh obair ar fáil sa réigiún ach an talmhaíocht.

Bhí na daoine óga ag imeacht le fada, iad ar deoraíocht sna bailte móra nó níos faide i gcéin agus, ar deireadh thiar, bhí siad go léir imithe. B’fhéidir go bhfuil cúpla seanduine fágtha ar an mbaile, iad mar thaibhsí ina dtithe féin, b’fhéidir go dtagann roinnt daoine ar ais ag deireadh seachtaine nó ar saoire, ach sin an méid. Tá na ceantair tuaithe seo marbh.

Níl sé sin ag tarlúint go fóill anseo san Eilvéis, mar atáim féin im chónaí, ach sin de bharr na ndeontas ón rialtas chun na daoine a choimeád sna réigiúin Alpacha. Agus tá an turasóireacht ann freisin: tithe ósta, tithe saoire, scíáil sa gheimhreadh.

READ MORE

Ach tá brúghrúpa gnó ann, Avenir Suisse, a deir gur chóir stop a chur leis na deontais, agus tiocfaidh na daoine isteach sna cathracha, agus beidh na sléibhte bánaithe. Agus ansin? Bhuel, fágfar an sliabh Alp do na turasóirí. Páirc náisiúnta mhór a bheidh ann. Dála an scéil, básófar an Rómainis. Mar fad is a bheidh lucht na Rómainise ag tréigean a gcuid gleannta agus ag bailiú leo go Zürich, cén todhchaí a bheidh i ndán don teanga?

Is cinnte nach bhfuil lucht na Rómainise róshásta le moltaí mar sin. Is muintir sléibhe iad, agus tá siad ag plé le tréigean na tuaithe le fada. Má bhánaítear “Gaeltachtaí” na Rómainise, beidh deireadh leis an teanga. Bíonn dlúthbhaint idir an teanga agus an tírdhreach ina labhartar í i nGaeltacht, idir an cultúr agus an nádúr.

Agus an focal “Gaeltacht” á úsáid agam anseo, tá brí an-ghinearálta i gceist agam: réigiún a bhfuil carachtar agus cultúr nó teanga áirithe aige. Is cinnte go mbaineann an carachtar sin leis an dtírdhreach, ach is é láithreacht an duine, láithreacht daoine áirithe a bhfuil baint acu leis an áit, a chuireann brí leis, brí dhaonna. Má imíonn na daoine féin, cad atá fágtha?

Fiú má thagann turasóirí, ní bheidh baint ar bith acu leis an dtírdhreach agus ní thuigfidh siad an bhrí dhaonna atá leis.

Is minic filí Albanacha ag trácht ar an dtost marbh iomlán i ngleanntaí áirithe i nGarbhchríocha na hAlban. Gan duine ná deoraí ann. Cuireann Hugh MacDiarmid an tost sa ghleann i gcomparáid le leanbh i mbroinn agus é básaithe: "Here is an identical silence, picked out/By a bickering burn and a lone bird's wheeple/The foetal death in this great cleared glen/Where the fear tholladh nan tighean has done his foul work/The tragedy of an unevolved
people."

Tá sé ag trácht ar na Highland
Clearances, ar ndóigh. Ní dhéanfaidh na hAlbanaigh dearmad ar an dtubaiste sin go róthapa. Cuireann sin cruth eile ar an scéal agus daoine ag trácht ar "rewilding Europe". An bhrí atá leis an nóisean seo ná an Eoraip i bhfiáin arís, dúlra fiáin, nó fairsingiú fásaigh. Is cuma le smaointeoirí na gluaiseachta seo go bhfuil na daoine óga ag tréigean na tuaithe agus ag imeacht go dtí na cathracha. Sin rud "nádúrtha", dar leo, nach bhfuil dul as.

Agus deireadh leis an talmhaíocht, beidh parthas ann do na héin agus na hainmhithe, mic tíre, béir, iolair. Nach breá an rud é sin do lucht chaomhnú an dúlra, d'éaneolaithe na cathrach a
thiocfaidh don deireadh seachtaine lena gceamaraí agus a ndéshúiligh chun taitneamh a bhaint as an ndúiche gan mhilleadh? Turasóireacht bhog a bheidh ann gan amhras.

Creideann na smaointeoirí seo in éagsúlacht bhitheolaíoch, ach ní
chreideann siad in éagsúlacht daonna. Caithfidh muintir tuaithe bailiú leo go dtí na cathracha móra agus iad féin a
"imeascadh" iontu agus a ndúchas féin a chaitheamh uathu, agus sin sin.

Aon pháirc náisiúnta amháin a bheidh ann ar fud na hEorpa agus is róchuma le lucht na gceamaraí agus na ndéshúileach faoin gcostas daonna. Ní fheiceann siad i dtréigean na tuaithe ach próiseas
nádúrtha. An rud a fheicim féin ann ná an méid a bhí i gceist ag MacDiarmid: "the tragedy of an unevolved people".