An doras ar leathadh don Oirthear

Is ionann imirce oirthear na hEorpa agus imirce na hÉireann

De ghnáth ní phléitear an Eoraip, mo leithscéal, an tAontas Eorpach ach ar ócáidí ar leith.

Músclaímid de bheagán nuair a bhíonn reifreann le diúltú dó, nó géarchéim eile airgeadais agus an “bailigh leat” i ndán dúinn, nó gearradh le déanamh ar chuóta éigin a bhí ag dul dúinn ó aimsir na díleann.

Is é tús na bliana, áfach, an t-am nuair a ligtear stáit nua isteach, nó nuair a ghlactar leis an euro, mar a dhein an Laitvia ó chianaibh.

Níor tháinig aon bhallstát úr friseáilte chugainn coicíos ó shin, ach níor fhág sin nach raibh sioscadh agus cur-trí-chéile timpeall ar stáit atá ann cheana.

READ MORE

Tá an Rómáin agus an Bhulgáir sa chlub ó 2007, ach ar chúis éigin is buachaillí agus cailíní dána iad i gcónaí.

Maith dhom an cliché gránna a bhfuil meirg na n-aoiseanna air, ach níl aon nath is túisce a rithfeadh chugat sa chás seo seachas ceann Orwell, “Go bhfuilimid go léir cothrom, ach tá cuid againn níos cothroime ná cuid eile.”

Tá an eite dheis (sin sciar maith mór de dhaoine compordacha) le tamall ag tabhairt le fios gan mórán caolchúise (tréith nach mbaineann leo) go bhfuil rud éigin gan a bheith iomlán sibhialta, nó béasach, nó iontrust ag baint le Rómánaigh agus le Bulgáirigh araon.

Cothaítear an ghnátheagla, go mbeidh an iomad díobh ann, gur turasóirí leasa sóisialaigh iad, go dtógfaidh siad postanna ó dhaoine.

Is fíor an ceann deiridh sin, go dtógfaidh siad postanna, go háirithe leithris a ghlanadh, gréithre a ní, sráideanna a scuabadh agus nithe eile mar sin a bhfuil éileamh chomh mór orthu i measc mhuintir na háite.

Is iad na Gearmánaigh atá chun tosaigh ag cur bac ar an dá thír seo dul le comhaontú Schengen, agus tá díospóireacht bhríomhar ar siúl sa Fhrainc, san Ostair, san Iodáil, sa Danmhairg, agus ráinig fiú gur déanadh ionsaí ar mhic léinn Rómánacha anuraidh san Ungáir.

B’é an eachtra ba ghreannmhaire, gan amhras, ná na hiriseoirí Sasanacha ó na smugathablóidí smaoiseacha – a dtugtar nuachtáin orthu uaireanta – ag feitheamh leis an tonn taoscach de dhaoine salacha ag tuirlingt anoir san aerfort. Beirt a tháinig, agus bhí postanna acu siúd cheana!

Ach dá dtiocfadh na mílte ina slaoda féin, cén dochar? Is é dúchas an duine ó d’fhágamar an Afraic faoinár gcraiceann gorm ná a bheith siúlach.

Áirítear go bhfuil breis agus 230 milliún duine ina gcónaí i dtíortha faoi láthair nach í a dtír dhúchais féin í. Lucht siúil is ea sinn go léir.

Chuamar féin inár sclábhaithe go dtí Barbados, inár n-iascairí go hoirthear Cheanada, inár saighdiúirí chun na Fraince, inár scoláirí chun na Spáinne, inár mbochtáin go Meiriceá, inár naibhíos go Sasana, inár dtattie hookers go hAlbain, inár n-amhais chun na hIndia, inár bpríosúnaigh chun na hAstráile, inár ngauchos chun na hAirgintíne, inár sagairt chun na Síne, inár mná rialta chun na hAfraice, inár bpolaiteoirí chun na Bruiséile, inár lucht gnó go dtí an Araib Sádaisteach, inár gcoirpigh chun an Costa del Sol, agus inár bPaddies gach uile áit.

Is de shuimiúlacht nár fáiltíodh romhainn i ngach áit díobh sin. Níor fáiltíodh romhainn mar bhíomar, salach, smeadarach, smoirtiúil, bréan, brocach, pápanach, piseogach agus mar sin go hIfreann síos.

Tá’s againne go maith gur deargbhréaga an méid sin fúinne (an chuid is mó den am), agus is sinne is túisce a chuirfeadh suas do na bunchlónna claonta steiréitipiúla seo a leagtar orainn.

Cad é atá sa duine nach féidir leis féachaint ar dhaoine eile mar a fhéachann air féin? Agus mar adú as sin, ar chiníocha eile mar a dhearcann ar a chine féin?

Cad é go cruinn díreach atá bunoscionn le muintir na Rómáine agus na Bulgáire? Cuirtear a ainm is a shloinne air! Baintear oiread na fríde den fhorscreamh atá leagtha anuas orthu go coiteann agus nochtfar cultúir agus daoine atá chomh héagsúil ina n-iontais agus ina laigí agus atá aon dream eile.

Osclaítear na doirse gach orlach den slí in ainm na daonnachta!