An comhaltas, an ceol agus an comhcheol

Teannas gan tinneas atá ag teastáil ionas nach múchtar an comhcheol

Cuirfear clabhsúr inniu le Fleadh cheoil 2016 in Inis – príomhimeacht i bhféilire bliantúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Mar chuid den fhleadh, bíonn comórtais, tasipeántais, ceolchoirmeacha, céilithe, ceardlanna, scoileanna, seisiúin, agus mórán imeachtaí eile ar siúl.

Cur chun cinn an cheoil traidisiúnta, ar ndóigh is mó a shamhlaítear leis an gComhaltas, ach síneann a gníomhaíochtaí amach níos leithne go dtí ealaíona eile: ceol, rince, amhránaíocht, agus teanga.

Is é atá i gceist le comhaltas ná teacht le chéile, agus é gaolta leis an bhfocal, ‘comhalta’ a chiallaíonn ‘ball’ nó ‘teachta.’

READ MORE

Agus is in Inis a bhailigh na teachtaí i mbliana, iad tagtha ó chraobhacha éagsúla an Chomhaltais i gcéin is i gcóngar– cuid acu ina n-iomaitheoirí, cuid acu ag cur leis an tsiamsaíocht, agus an chuid eile ina lucht éisteachta agus féachana.

Agus daoine eile fós nach comhaltaí nó teachtaí in aon chor iad.

Comhaltaí de shórt eile atá sna Teachtaí Dála (TD) a fheidhmíonn mar ionadaithe polaitiúla. Agus is iad na Comhaltaí Tionóil a thoghtar do Thionól Thuaisceart Éireann.

Ach tá brí bhunúsach eile ag baint leis an bhfocal, ‘comhalta,’ mar is léir ón dá eilimint: comh + dalta. Sa tseanré, comhalta (comhdhalta) ab ea dalta nó duine óg a chaith tamall faoi oiliúint le dalta eile sa tigh altramais céanna.

Comhaltaí a bhí sa bheirt laochra Gael, Cú Chulainn agus Ferdie, mar shampla, agus ba í Scáthach, an mháthair altramais a chuir oiliúint orthu sna healaíona míleata.

Mar is eol dúinn ón scéal Táin Bó Cuailnge, bhí críoch tubaisteach leis an gcairdeas agus an caidreamh a bhí eatarthu. Cuireadh d’iachall ar Fherdie comhrac lena chomhalta, Cú Chulainn, agus gan aon dul as aige.

Mhair an comhrac trí lá, agus ar an gceathrú lá, sháigh Cú Chulainn an Gae Bolga i gcorp a charad. Insítear dúinn gur sheas Cú Chulainn os a chionn, agus é ag caoineadh na cinniúna a d’fhág Ferdie ar lár.

Iomaíocht

Iomaíocht de shórt eile a bhí idir na comhaltaí a tháinig chun na hInse an tseachtain seo caite. Ach is fíor go dtugann an anailís seo ar bhunús an fhocail léargas úsáideach ar chúrsaí comhaltais.

Bíonn míthuiscint ann uaireanta gur Ceoltas seachas Comhaltas atá i gceist, de bharr an dá fhuaim a bheith róchosúil le chéile.

Tá focal eile, áfach, ina dtagann an dá eilimint seo, 'comh' agus 'ceol' le chéile ann chun focal úsáideach a thabhairt dúinn, sé sin, comhcheol. San amhrán, Oileán na Teiscinne le Lasairfhíona Ní Chonghaile, mar shampla, déanann fonn na mara comhcheol leis na mianta atá aici an t-oileán a fheiceáil: Fonn na mara a' comhcheol le fonn thú a fheiceáil Ceol binn mo mhian, a ghlór thar sáile.

Is léir gur úsáid mheafarach den fhocal atá i gceist sna línte seo.

Ach, go teicniúil cad is comhcheol ann? Comhcheol simplí is ea nótaí ísle agus arda á seinm ag an am céanna, ach na nótaí céanna a bheith iontu.

Bíonn comhcheol níos casta ná sin le clos, mar a bhíonn ar siúl ag an ‘barbershop quartet’ mar shampla.

Ach go bunúsach is í an chosúlacht agus an chodarsnacht a dhéanann an comhcheol. Ach is meabhrú é gur maith ann é an teannas uaireanta ar mhaithe le toradh níos fearr a sholáthar.

Cé gur sórt paradacsa é, is fearrde an comhcheaol, an chodarsnacht a bheith ann. Ní maith an rud é an iomarca den chosúlacht a bheith ann.

Tá a fhios ag an bhfidléir gur gá na sreanga a bheith teann chun na nótaí a sheinm. Má tá siad rótheann gan amhras, fágtar an fhidil as tiúin, nó bíonn sé ina phléascadh láithreach.

Ar an gcuma céanna, is gá méid éigin den teannas a bheith ann chun an comhcheol a chur in iúl.

Go leor, ach gan a bheith iomarcach.

Is é an dúshlán ná conas teacht ar an méid ceart den teannas, agus sa choibhneas ceart – teannas toirthiúil agus saor ó ghleo gan mhaith.

Teannas gan tinneas atá ag teastáil ionas nach múchtar an comhcheol, agus gur féidir na guthanna a chlos.

Agus is fíor sin do chomhaltas ar bith, bíodh sé i dTigh an Cheoil nó i measc na bpolaiteoirí i dTithe an Oireachtais, nó go deimhin féin, aon sórt eile comhaltais.

Is Léachtóir Sinsearach i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, é an Dr Cathal de Paor