An Cadhnach: athnuaite agus athghafa?

Oíche mhór liteartha le scoláire mór litríochta


Aithnítear an oidhreacht a bhronn Máirtín Ó Cadhain ar litríocht na teanga i lár an 20ú haois ina phrós, agus an saibhreas ó chaint na Gaeltachta a bhí ina bhunchloch ar a insint féin. Aithnítear freisin na léamhanna éagsúla critice atá déanta ar shaothar Uí Chadhain; plé a shaibhríonn an dioscúrsa a bhunaigh sé siúd lena scéalta.

Gach uair a chothaítear léamh nua, cruthaítear insint nua, agus tagann an tráth ann nár mhiste tochailt siar chuig an mbunsaothar féin chun cuspóirí coinsiasacha agus fochoinsiasacha an scríbhneora a aithint agus an saothar a mhíniú arís ó bhonn.

Fógraíodh le déanaí gurbh í Máirín Nic Eoin a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain na bliana seo sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar “Athghabháil agus Athnuachan Shaothar Liteartha Uí Chadhain”.

Oíche an-taitneamhach agus an-tábhachtach is ea í do lucht na Nua-Ghaeilge in UCD agus do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath trí chéile, ó bunaíodh í sa bhliain 1980.

READ MORE

Cuireadh tús leis an tsraith mar chomóradh dheich mbliana ar bhás Mháirtín Uí Chadhain (1905-70) agus bhí dhá sprioc i gceist: (a) go n-aithbhreithneofaí litríocht na Nua-Ghaeilge trí chéile agus (b) go ndíreofaí go háirithe ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain.

Thug Breandán Ó hEithir, scríbhneoir, an chéad léacht i bhfómhar na bliana sin ar “Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge”, agus tá léacht tugtha i mBelfield ag scoláire nó scríbhneoir aitheanta beagnach gach bliain ó shin.

Tagann an léacht seo ón scoláire acadúil sna sála ar thrí léacht faoi leith ó lucht na n-ealaíon; beirt scríbhneoirí (Darach Ó Scolaí sa bhliain 2014; Joe Steve Ó Neachtain sa bhliain 2016) agus an ceoltóir Peadar Ó Riada dhá bhliain ó shin.

Is maith an rud é an dá chineál cainteora, liteartha agus acadúil, a bheith rannpháirteach sa tsraith i gcónaí.

Pósfar an dá chuspóir thuasluaite sin sa chaint i mbliana nuair a thugann Nic Eoin faoi athbhreithniú ar shaothar liteartha Uí Chadhain i bhfianaise an chorpais chritice atá ginte ag an saothar go dtí seo. Cuirfidh Nic Eoin fuithi tábhacht an tréimhsithe atá déanta ag criticeoirí áirithe ar an saothar a cheistiú ionas go n-áiteofaí go gceileann an aird chriticiúil atá faighte ag scéalta ar leith – agus an canónú atá déanta orthu dá barr – bunleanúnachas téamúil a sháraíonn na difríochtaí foirme agus stíle idir an saothar luath agus na scéalta deireanacha.

Rachaidh sí ar aghaidh lena ghafa is a bhí samhlaíocht Uí Chadhain ón tús le ceist chumas gníomhaithe an duine a phlé, ábhar go síltear gur féidir a cheangal lena sheasamh polaitiúil agus lena chúinsí pearsanta saoil.

Ar deireadh, déanfaidh Nic Eoin an léacht a dhíriú ar théama agus ar íomhá thimthriall na beatha ina shaothar liteartha agus ar choincheap na hathnuachana mar mhodh slánaithe ó shrianta fisiciúla, sóisialta agus síceolaíocha.

Níor mhór dúinn cuimhneamh go bhfuil aird an phobail dírithe arís ar Mháirtín Ó Cadhain le cúpla bliain anuas a bhuíochas le hOllscoil Yale agus le Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh dhá aistriúchán Bhéarla ar Cré na Cille, mar atá The Dirty Dust le Alan Titley (2015) agus Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson (2016).

Nic Eoin féin a luaigh an méid seo i The Irish Times ina léirmheas ar an dara haistriúchán acu seo: "the decision to commission two translations was a master stroke by Yale, as it avoids canonical status being attached to the first published English version and brings Cré na Cille to a worldwide readership in a manner that encourages ongoing engagement with the original text."

Is aisteach an ní, shamhlófá, nach raibh an léacht seo tugtha cheana ag an Ollamh Nic Eoin, Ollamh Emerita le Gaeilge ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar atá anois, ach le Coláiste Phádraig, Droim Conrach mar a bhí, áit ar chaith sí breis agus 35 bliain ag saothrú inti.

Níl scoláire níos cumasaí ar litríocht na Gaeilge ón dara cogadh domhanda i leith ná í, dar liom, nuair a chuirtear a saothar bunaidh acadúil agus a chritic, idir fhilíocht agus phrós, san áireamh.

Fathach léinn is ea í, a nascann na cumais acadúla sin leis an gcúram cairéiseach a dhéanann sí dá comhscoláirí agus mic léinn freisin. Le déanaí tá lámh aici i gceann de na tionscnaimh is nuálaí i léann na Gaeilge agus í ina comheagarthóir ar COMHARTaighde, an chéad ríomhiris phiarmheasta acadúil sa teanga.

Agus súil againn gur léiriú é an athghabháil seo ar mhianach athnuachana an tsaothair féin, anuas ar na hathléamha agus na díospóireachtaí critice, beidh an chré i gcill an Chadhnaigh ag tnúth leis an léacht sa Choláiste Ollscoile an tseachtain seo!

Beidh Léacht Uí Chadhain ar siúl i Léachtlann R, Áras Newman, UCD, Déardaoin ar 7 p.m. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie nó 01-7168385