Amhras ar an phobal faoin Rialtas

Tá baol ann go gcaillfidh an Rialtas reifreann eile

Léiríonn na
pobalbhreitheanna go bhfuil níos mó amhrais ag teacht ar dhaoine faoi dheireadh a chur leis an Seanad.

Theastaigh ón Rialtas nach dtarlódh aon fheachtasaíocht ar an ábhar go fóill beag agus go bhféadfaidís feachtas gearr géar a reachtáil sa bhFómhar ar fhilleadh don Dáil.

Is léir anois go gcaithfidh siad gníomhú níos luaithe ná sin nó caillfidh siad reifreann eile. Nuair a chailleadar an reifreann faoi chumhachtaí breise fiosraithe do Choistí Oireachtais dúradh go raibh an feachtas lag agus gur léirigh an pobal easpa iontaoibh iontu.

Tá a lán daoine in amhras gur cleasaíocht pholaitiúil faoi ndear an gheallúint ón
Taoiseach an chéad lá ariamh i bhFómhar 2009. Trí mhí roimhe sin bhí Enda Kenny ag maíomh ag Scoil Samhraidh McGill gur shíl sé go raibh ról nua i ndán don Seanad.

READ MORE

Dá bharr sin, bhain fógra cealaithe an Taoisigh siar go mór as polaiteoirí ar chuile thaobh ach b'iad a
chomhleacaithe féin,
Seanadóirí Fhine Gael, is mó ar baineadh craitheadh astu.

Nuair a cuireadh an Seanad ar bun bhí súil go dtabharfadh sé guth do mhionlaigh agus lucht ealaíne. I mblianta tosaigh an Stáit rinne sé sin go háirithe d’aontachtaithe ón Deisceart.

Chualamar guthanna ón Tuaisceart níos deireanaí, daoine a fuair ainmniúchán ó thaoisigh – Gordon Wilson, Seamus Mallon agus Bríd Rodgers. Is féidir leis an Teach Uachtarach reachtaíocht a thionscnamh agus a leasú nó a mhoilliú – ach níl veto aige, rud a fhágann nach bhfuil mórán cumhachta aige.

Síleann an pobal gur foras faire ar an Dáil é ach is annamh a fheidhmíonn sé ar an dóigh sin. Tá sé in ainm gan cleamhnachtaí páirtí a aithint ach, go praiticiúil, bíonn an Seanad ag teacht le neart na bpáirtithe i nDáil Éireann toisc gur Teachtaí Dála ón Dáil dheireanach, Seanadóirí ar scor agus polaiteoirí áitiúla na
toghthóirí. Lena chois sin, ainmníonn an Taoiseach aon duine dhéag agus toghann céimithe ollscoile ó chuid de na hollscoileanna seisear – agus is minice ná a chéile gurb iad sin na guthanna neamhspleácha sa Seanad.

Go dtí le déanaí, ba iad Fine Gael agus an Páirtí Sóisialach amháin de na páirtithe reatha san Oireachtas a bhí i bhfábhar scor an tSeanaid.

Le tamall, tá Sinn Féin ar aon intinn leo cé nár vótáil a gcuid Seanadóirí i bhfábhar an Bhille chun deireadh a chur leis i mí Iúil. Ar an lámh eile, vótáil teachtaí an Lucht Oibre dó ach níl siad sásta dul i mbun feachtasaíochta le cinntiú go mbuafaidh an Rialtas an reifreann.

Bhíodh an Páirtí
Daonlathach i bhfábhar deireadh a chur leis an Seanad cé gur bhaineadar an-tairbhe as le hainmniúchán Taoisigh ach is é iarcheannaire an pháirtí sin, Michael McDowell, is minice a chloisfidh tú ag argóint ar a shon anois. Na hargóintí a dhéanann Enda Kenny anois bhídís á
ndéanamh ag McDowell agus é i Rialtas. Tá malairt poirt anois ag McDowell agus deir sé go bhfuil gá le dhá theach
pharlaiminte le cinntiú go gcloisfear ó leithéidí Mary Robinson, Gordon Wilson agus Seamus Mallon. B'eisceachtaí na daoine neamhghnáthacha seo agus ní léir go dtuigeann sé go mbreagnaíonn sin a chuid argóintí.

Níl seasamh Fhianna Fáil aon phioc níos fearr.
Ghealladar deireadh an tSeanaid i dtoghchán 2011 ach tá siad glan ina aghaidh anois.

Ní haon chabhair do dhea-cháil an tSeanaid a bhfuil feicthe le trí seachtaine anuas faoina athghairm chun deonú orgán daonna a phlé.

Gan athghairm na Dála, rud nár éirigh le Fianna Fáil a eagrú, is cinnte nárbh fhiú don Seanad dul i mbun
díospóireachta óir ní féidir leo tada a bhaint amach maidir leis an reachtaíocht.

Is cur amú ama agus airgid é agus níos measa fós, níor aontaigh na heagraíochtaí do dheonaithe uilig leis an
Seanadóir Daly. Ag druidim le deireadh an téarma samhraidh agus an Bille um Shábháil na Beatha agus an Bille chun deireadh a chur leis an Seanad á bplé, chuaigh an reitric thar fóir ar fad agus d'fhág
drochbhlas ina dhiaidh.

Aithníonn an pobal agus polaiteoirí an easpa
daonlathais sa chóras vótála. Sin an fáth go ndeir mórán polaiteoirí gur leasú atá de dhíth seachas deireadh a chur leis an Seanad. Tá an pobal bréan den chaint seo,
tuarascáil i ndiaidh tuarascála ach gan aon cheo ag tarlú.

Tá an pobal in amhras freisin gur naíonra don pholaiteoir a bhfuil súil aige ar shuíochán Dála é agus gur teach aire dóibh siúd ag dul an bealach eile é. Níl siad iontaobhach, áfach, gur dea-rún seachas imeartas polaitiúil faoi ndear an beart seo.

Ní hionadh go mbeadh amhras ar an bpobal faoi pholaiteoirí agus a dteachtaireachtaí measctha ach tá freagracht orthusan freisin.

Ar 4ú Deireadh Fómhair a bheidh deis ag vótóirí
breithiúnas a thabhairt ar an Seanad agus a rá ar fiú é a bheith ann. Ní leor an reifreann a úsáid mar bhata chun an Rialtas a bhualadh.

Má táthar dáiríre faoi leasuithe polaitiúla, b’fhearr dóibh gan an teachtaireacht mhícheart a thabhairt nó úsáidfear é mar leithscéal gan aon leasú a dhéanamh mar gurb é sin mian an phobail.

Níor mhór don Stiúrthóir Toghchánaíochta, Richard Bruton, é féin a chorraí nó tabharfar breithiúnas freisin air féin, ar an Taoiseach agus an Rialtas.