Amhrán aineoil náisiúnta

Ní fear mór amhrán ná bratacha náisiúnta mé féin


Instear scéal mar gheall ar chuairteoir Meiriceánach a bhí ar saoire in iarthar na hÉireann.

Bhí an ceol agus an chraic agus an cibeal ar siúl gach oíche sa tábhairne gnáith, rud nach raibh cleachtadh aige air ó Hicksville, Kentucky.

Oíche dá raibh bhí daoine ag iarraidh amhráin seachas a chéile ón ngrúpa ceoil rialta a bhí ann. B'é ceann a lorgaigh sé Shoving Connie Around the Green. Nuair nár thuig aon duine cad a bhí i gceist aige, mhínigh sé gurb é an t-amhrán é a chantaí gach oíche go díreach ag am scoir.

Ar a laghad bhí daoine ina thábhairne féin adúirt na focail. Ní féidir é sin a rá mar gheall ar fhoireann na Poblachta atá á féachaint le réaltaí móra na hEorpa faoi láthair.

READ MORE

Féach orthu! An mó duine díobh a osclaíonn a bhéal nuair atá an t-amhrán náisiúnta á sheinneamh?

Ní fear mór amhrán ná bratacha náisiúnta mé féin maidir le gothaí dílseachta a léiriú. Braithim go bhfuil slite i bhfad níos luachmhaire agus níos tairisí lena dhéanamh – teanga, litríocht, vótáil ar son an pháirtí chéanna liomsa, mallacht a chaitheamh ag an am ceart.

Is minic daoine as críocha eile ag glacadh scanaill sa tslí a chaithimid leis an mbratach.

Í mar a bheadh bráillín in aghaidh an fhuachta nuair is gá, scáth fearthainne arís eile, fallaing dhaite agus tú ar easpa faisin, leaba luascáin i gcomhair linbh, eitleog lá gaoithe. Go deimhin, tá cnuasach de cheirteacha chontae agam féin a thógaim amach le linn cluiche nuair is gá nuair a bhraithim sileadh sróine ag teacht – ach is ceirteacha chontae (nach n-ainmneod) iad sin.

Is chun gríosaithe nó misnithe iad na hamhráin náisiúnta. Ní de thimpist gur foinn mháirseála, nó neachtar acu, saghas iomainn atá ina bhformhór.

Tá an ceann againne mar sin, ach é a chanadh i gceart in ard do chinn is do ghutha, do chliabh amuigh, na doirne iata, súile ar bior.

Cad eile atá sa bhearna bhaoil sin ach foireann ag dul faoi uisce an cheatha? Cad é lámhach na bpiléar ach na hurchair a scaoiltear leis an gcúlbáire? Cad é an ‘bás nó saol’ seachas sinn a bheith fós sa chomórtas nó ag cúlú abhaile?

Ach caithfear é a chanadh i dtosach.

Níl amhrán náisiúnta chomh bíogúil sin ag gach tír, in ainneoin gur cheap cumadóirí mórcháile roinnt de na foinn, agus filí táscúla na focail.

Rabindrinath Tagore a chuir focail ceann na hIndia le chéile, agus Léopold Senghor a dhein an bheart do Shenegal, agus is beirt fhilí iad sin atá le fáil sa Ghaeilge.

Tá cinn eile a bhfuil focail leo a mbeifeá in amhras fúthu: ‘Níl deireadh le glóir na hÚcráine’ is teideal don tír sin ar sciob an Rúis blogh dá fearann uathu le déanaí, ach shíl cuid againn nach raibh ina tús féin; ‘Seas Suas, Kiribati’ atá ag, bhueil, Kiribati, fág nach raibh fhios againn go raibh an pobal ar fad ina suí; agus ‘God Defend New Zealand’ atá ag na feirmeoirí caorach sin, cé nach bhfeicim mórán naimhde ag bagairt orthu faoi láthair.

Tá Papua Guine-Nua agus Oileán na Nollag ar dhá cheann de na tíortha is gaire dóibh, ach sílim go mbeadh na Nua-Shéalannaigh ábalta ar iad féin a chosaint in aghaidh boghanna agus saigheada nó réinfhianna ag teacht isteach ar ruathar aeir.

B’fhéidir gurb é amhrán náisiúnta Vanuatu an ceann is blasta díobh ar fad, óir is é ‘Yumi, Yumi, Yumi’ atá mar theideal air, arb é ‘Sinne, Sinne, Sinne,’ nó ‘Muide, Muide, Muide’ nó ‘Muinne, Muinne, Muinne’ féin is ciall leis.

Tá an bhéim leanúnach chéanna ag an Éigipt a bhfuil ‘Mo Thír, Mo Thír, Mo Thír’ acu, amhail is dá mbeadh amhras ar bith ort.

Ina choinne sin thall, tá an chuma ar cheann na Breataine go bhfuil feidhm leis. Bíonn na milliúin ag achainí ar Dhia gach lá an bhanríon a “shábháil” ar chuma éigin, agus tá sí fós ag princeam (ceart go leor, áibhéil) ar a dhá cois.

Ní heol do dhuine ar bith cé a chum na focail, agus is lú ná sin a bhfuil a fhios cé a chum an ceol. Tá scéal thairis ann gur Francach a dhein uair éigin san 17ú haois mar chomhartha buíochais gur tháinig Louis XIV slán tar éis obráid tóna! Ní le magadh atáim, lándáiríre!

Táim ag faire na bhfoirne sa bhFrainc. Is cúrsa suime é an tslí a n-osclaíonn cuid acu a gcroí is a n-anam is a chuireann faghairt is fíoch isteach san amhrán náisiúnta.

Cad tá orainne nach féidir linn an rud céanna a dhéanamh?

Nó ar an mbealach breá Éireannach sin, ar a laghad a mbéil a oscailt agus ligean orthu go bhfuil ar eolas acu!

Bheinn féin sásta é a theagasc dóibh – ach cúpla ticéad a fháil.