Aistí ilteangacha ilseiftiúla a thugann ómós don ollamh

TUARASCÁIL : IS IOMAÍ sin scoláire a shaothraigh i ngort léann na Gaeilge sna hollscoileanna in Éirinn le tamall de bhlianta…

TUARASCÁIL: IS IOMAÍ sin scoláire a shaothraigh i ngort léann na Gaeilge sna hollscoileanna in Éirinn le tamall de bhlianta. Ach ní hiomaí sin duine ar éirigh leis máistreacht a bhaint amach go hilteangach ar réimsí eile de léann na dteangacha Ceilteacha.

Thug N. J. A. Williams faoin leithead ilspéise go fonnmhar, agus chaith sé 30 bliain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag múineadh na Gaeilge agus na dteangacha Ceilteacha araon.

Tá nós ann i saol na n-ollscoileanna féilscríbhinn nó bailiúchán aistí in onóir ollaimh a bhronnadh ar scoláire acadúil in aois a thrí scór agus deich mbliana.

Foilsíodh nó foilseofar a leithéid go luath luaite le Gearóid Mac Eoin, Séamas Ó Catháin, Cathal Ó Háinle, Katherine Simms sa ghort céanna ach ní gá go n-éireodh leis an tseift sin i gcónaí agus is minic gur cailleadh an deis imleabhar den chineál sin a réiteach nó a chríochnú ceal ama.

READ MORE

Duine de na scoláirí Gaeilge is iomráití ag deireadh an 20ú haois é Williams, agus fear a d’fhág rian suntasach dearfach ar ghlúin de mhic léinn san ollscoil lena linn.

Tá 70 bliain á cheiliúradh ag an Ollamh Nicholas Williams in 2012 agus tá féilscríbhinn réitithe in ómós dó.

Rugadh Nicholas Jonathan Anselm Williams i nDeireadh Fómhair 1942 i Walthamstow i Sasana.

Tar éis dó a chuid ollscolaíochta a chur isteach in Oxford, bhain sé amach dochtúireacht i mBéal Feirste, agus tar éis seal a chaitheamh ansin san ollscoil ag teagasc agus in Learpholl, tháinig sé go Baile Átha Cliath agus chaith sé an chuid eile dá ghairm bheatha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i Roinn na Nua-Ghaeilge. Sa bhliain 2006, ceapadh é ina chomhollamh le Teangacha Ceilteacha ansin.

Ní raibh an oiread sin thar na blianta a bhí i mbun léachtóireachta sa Nua-Ghaeilge, go háirithe le teanga, nuair nárbh Éireannaigh iad féin sa chéad áit.

Chaith William tamall maith ar chósta iarthar na hÉireann agus d’fhoghlaim sé scoth na Gaeilge agus luas lasrach aige ina chaint aige, rud a chuir go mór ar ndóigh leis an meas a bheadh ag daoine ar an stíl léachta a bhí aige.

Chuir Williams an-spéis i réimsí áirithe léinn thar breis agus 40 bliain. Ina measc sin, tá: teanga na Nua-Ghaeilge féin, araltas, dúlra, an Bíobla, an Bhreatnais, an Chornais, cúrsaí aistriúcháin, rainn do pháistí, an Ghaeilge agus na Protastúnaigh; agus an Mhanainnis.

Ní raibh teorainn ariamh lena chuid scríbhneoireachta. Foilsíodh na heagráin téacsúla is cáiliúla sa Ghaeilge do Williams ar thairseach na 1980í, mar shampla Riocard Bairéad: Amhráin (1978), Dánta Mhuiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt (1979) agus The Poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (1980).

Mar a deir an tOllamh Alan Titley i réamhrá na féilscríbhinne: “Ba mhinic gur díol 20 bliain d’obair scoláireachta ceann amháin d’eagráin sin Nicholas i gcás daoine eile, ach ba dhóigh leat go raibh rud éigin san obair seo nár shásaigh a thochas intleachtúil ar fad.

Is dá réir sin a thug sé aghaidh ar Pairlement Chlainne Tomáis (1981), ar saothar é a bhí i mbéal phobal na Gaeilge, ach ar sceimhligh go leor roimhe, a ghabhlánaí is a bhí an stair a bhain leis, is a ghuaisí is a bhí cuid den ábhar a bhí ina lúib.

“Bhí toise eile ag baint leis, áfach, toise nach dtógtar ceann de go rómhinic. Is é sin, bhí rud éigin sa Phairlement chéanna a d’oir do shamhlaíocht shaorghaoitheach oscailte Nicholas Williams, imir láidir ar bhain sé gach leas as sna haistriúcháin a rinne sé níos déanaí ar shaothar Lewis Carroll agus Rabelais féin.”

Thug I bPrionta i Leabhar (1986) ceann de na cuntais acadúla is léannta agus is líonmhaire ó thaobh eolais den scríbhneoireacht Phrotastúnach in Éirinn sa 17ú haois agus léirigh Díolaim Luibheanna (1993) an-tuiscint ar an mbunús a bhain le focaleolaíocht phlandaí.

Chaith sé an-dua pearsanta agus ba shuim leis i gcónaí an t-ábhar a cuireadh ar fáil sa leabhar, Armas, lámhleabhar araltais. B’eisean féin a chruthaigh na léaráidí sa chás seo.

Rinne sé gaisce agus é ina chomheagarthóir ar Stair na Gaeilge (1994), ceann de na leabhair tagartha is tábhachtaí le 50 bliain anuas ar an teanga, agus é ag cur fáil ar chaibidlí faoi Ghaeilge Chúige Laighean agus ar an Manainnis.

Is mó sa Chornais agus san aistriúchán a chuireann Williams a shuim anois agus i mbliana foilsíodh An Hobad dó, leagan Gaeilge de The Hobbit de chuid J. R. R. Tolkien. Chuir sé go mór le blianta beaga anuas leis an díospóireacht faoi theanga agus ceartscríobh na Cornaise agus rinne sé aistriúcháin ar leabhair gur féidir na Claisicí a thabhairt ar chuid acu a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge (agus Cornais).

I gcomhairle le Michael Everson a cuireadh cuid mhaith de sin i gcrích agus tá moladh ag dul dóibh beirt.

Thug sé faoi na nithe go mba dhual don scoláire tabhairt fúthu: chuir sé téacsanna in eagar, rinne sé mionléirmheasanna a scríobh ar eagráin dhaoine eile agus chaith sé dua le cúrsaí léinn a fhorbairt ar an ngramadach, ar an aistriúchán, agus ar an aoir sa litríocht, i measc eile, sa choláiste.

San imleabhar dátheangach seo ina onóir dar teideal Ilteangach, Ilseiftiúil, tá 19 alt ar ghnéithe de shaíocht agus léann na Nua-Ghaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, an Chornais go speisialta, ó scoláirí aitheanta i gcóngar agus i gcéin.

Ach níos mó ná sin ar fad, ba scoláire spreagúil a bhí ann. Ó mo thréimhse féin sa Choláiste Ollscoile, le fada an lá, ba é Nicholas a bhíodh roimh mhic léinn an dara bliain in UCD.

Mar a deir Dónall Ó Braonáin san iarfhocal san imleabhar: “Ba iad rúndiamhra na Copaile agus na haimsire gnáthchaite bunsraith an chláir theagaisc agus ba é barr buaice an tríú bliain an t-ainm teibí céime.

“B’aisteach linn an Ghaeilge chraicneach agus ardréim phaiteanta an Bhéarla a chloisteáil in aon abairt amháin ach ba ghearr gur tuigeadh dúinn gurbh fhiú an dá theanga a shaothrú in éindí. Níorbh fhada óna láimh, agus uainne ina dhiaidh, Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill. D’áitíodh sé go raibh samhlaíocht neamhghnách sa saothar a bhí in easnamh ar líon mór úrscéalta.

“B’fhíor dó, gan dabht, agus bhí eolas domhain agus leitheadach aige ar phóirsí caocha an fhoclóra sin. Cuimhním go háirithe ar an bhfocal “snúúil”, cur síos cóir ar an bhfear féin nach mbíodh i bhfad ariamh ón ngearrán iarainn, ón rothar nó ón mbaidhsicil.”

Mar a léiríonn Ó Braonáin, ní raibh teorainn ach oiread leis an tsamhlaíocht a chuirfeadh sé i bhfeidhm ar scoláirí agus foireann ar aon agus níos mó ná aon chuid eile den oidhreacht atá fágtha aige mar chomaoin ar léann na Gaeilge, ní féidir líon na mac léinn a fuair ardchaighdeán oideachais agus spreagtha sa chúrsa teanga sa dara bliain sa Choláiste Ollscoile a áireamh.

Seoid sa saol acadúil agus ollscoile é Williams, agus duine ná beadh a leithéid arís ann go ceann i bhfad sna ranna Nua-Ghaeilge áit ar bith sa tír. Is ceart agus is cóir aitheantas a thabhairt in ómós an Ollaimh.

Gura fada buan a shaothar agus a chomhluadar!

* Seolfaidh an tOllamh Ruairí Ó hUiginn Ilteangach, ilseiftiúil: féilscríbhinn in ómós Nicholas Williams; a festschrift in honour of Nicholas Williams ar 8:45pm san oíche amárach, tar éis Léacht Uí Chadhain, sa Choláiste Ollscoile i seomra caidrimh na foirne in Áras Newman. In eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Brian Ó Curnáin. Foilsithe ag Arlen House.