Aistear na heolaíochta

Is thar tréimhse sé mhí a uaslódáladh ‘Fréamh an Eolais’ – ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta

Tógadh céim eile chun cinn ar aistear leanúnach na heolaíochta le gairid nuair a seoladh saothar 40 bliain leis an ollamh eolaíochta Matthew Hussey ar Vicipéid ar-líne na Gaeilge, a scríobhann Éanna Ó Caollaí.

Is thar tréimhse sé mhí a uaslódáladh “Fréamh an Eolais” – ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta – ina bhfuil breis agus 8,400 alt agus níos mó ná 500,000 focal ann.

Dhá bhliain ó shin a foilsíodh an chiclipéid seo den chéad uair mar leabhar de chuid Coiscéim.

Kevin Scannell, Ollamh Matamaitice agus Ríomhchlárú, Ollscoil Saint Louis i Missouri, a chuir an t-ábhar in oiriúint don idirlíon. Agus é ag labhairt as Meiriceá ar Skype leo siúd a bhí i láthair ag an seoladh, rinne Scannell cur síos ar ullmhúchán na n-iontrálacha.

READ MORE

Cuireadh dearadh nua ar an ábhar, cumascadh físeáin agus fuaim agus déanadh naisc le hábhair eile.

Cumas léitheora
Cuireann an Vicipéid ar chumas an léitheora athruithe agus ceartúcháin a dhéanamh ar an ábhar rud a chabhraíonn le spreagadh forbairt agus foghlaim na heolaíochta.

Scaoil Hussey leis an gcóipcheart ionas go bhféadfadh duine ar bith cur leis.

Agus é ag labhairt ag seoladh an leabhair, mhínigh an tOllamh Hussey, a bhí ina eagarthóir tráth ar nuachtlitir eolaíochta na Gaeilge, An tEolaí, an fáth ar athfhoilsigh sé an saothar ar líne.

Is é a chuir sé roimhe, a dúirt sé, “comhtháthú a dhéanamh idir leithne agus doimhneacht na n-eolaíochtaí … agus (é) a chur os comhair an phobail as Gaeilge”.

Agus saibhriú a dhéanamh ar an dteanga dá bharr sin, a dúirt sé.

Dúirt Hussey go raibh “an t-uafás oibre le déanamh fós le rud cuimsitheach a bheith ann. Mar sin, iarraim oraibh, an t-aos óg ach go háirithe, agus gríosaím sibh an dúshlán sin a ghlacadh amach anseo – tabhair faoin rud sin”.