Aistear geal agus babhta spreagúil gailf

An chéad bhuille cinniúnach


Cé go n-abraíonn daoine áiride nach bhfuil i gcluiche gailf ach siúlóid amú ní thagaim féin leis an tuairim sin, bíodh is nach é an galf an caitheamh aimsire is ansa liom.

Tig le babhta gailf a bheith an-spreagúil mar is minic leagan amach an-taitneamhach ar chúrsa imeartha. Is fíor seo i gcás chúrsa Óstán Mhainistir Ghleann Logh, cé nach bhfuil ann ach cúrsa naoi bpoll.

Naoi bpoll casta, ámh, le bacanna agus fliuchras! Ach má éiríonn leat do liathróid a choinneáil ar an mínleach, bhuel, beidh leat!

Pé ar bith é de bharr go rabhas ar bainis ansin le gairid chuireas romham cluiche a imirt an mhaidin dar gcionn. Ní raibh aon phóit orm mar go bhfuaireas dreas deas codlata!

READ MORE

Agus cé mar bhialann a bhí romham le haghaidh mo bhricfeasta! An togha! An togha idir leagan amach agus beatha!

Tá leagan amach na bialainne seo go haoibhinn faoi go bhfuil leibhéil éagsúla inti, móide cruthanna éagsúla.

Ach gurb í an tréith is áille ar fad faoin mbialann ná an radharc uaithi! A Rí na nDúl, bí ag trácht ar thírscáil shocair thíriúil os do chomhair, idir bhánta, chrainnte, sceacha is uisce! Agus d’eile atá anseo ach an cúrsa gailf!

Mé airdeallach, súil nach ndéanfainn óinmhid díom féin, leis an gcéad bhuille cinniúnach. Airdeall nó eile, tig le himreoir óinmhid a dhéanamh de féin má theipeann ar a mhórluascadh gaisciúil cleithe aon teangabháil a dhéanann ach amháin le haer; go dtiteann a liathróidín go fann den tee; go ritheann sí cúpla troigh ar sceabh; go ngabhann sí caol díreach isteach i dtom driseacha.

Chuile mhí-ádh feicthe go meidhreach ón mbialann ag Donncha na Súl Mór agus ag Péist an Dá Shúil Déag. Ó, a dhiabhail!

Ar ámharaí mo shaoil gur sheol mo liathróidín roimpi mórán méadar, gur tháinig anuas go glé ar thuláinín féir, í ina suí ar nós fhás aon oíche ghleoite.

Liathróid mo leathbhádóir imeartha, ámh, gur dhúisigh sí dhá lachain as loch. Is méanar liom lachain fhiáine nuair a éiríonn siad san aer ag grágaíl.

An ceathrú poll is ar oileáinín glas ar chiumhais Abhainn na Coirbe atá sé. An buille atá riachtanach ina choinne seo is bís ar chroí aon ghalfaire é.

An siúlóir féin is cluaisíní croí dósan freisin é mar is aoibhinn a bhfuil d’fhiataíl agus de bheocht timpeall air. An draoi giolcach, ar giolcach na mban sí sciar mór di, ‘gus cloisfidh sé bíogaíl is glugaíl mhórán éanacha uisce.

Nuair a chuimhním ar an lúnadán cuimhním i gcónaí ar Sheán Mac Giollarnáth. Agus ar Thomás Bairéad. An cur síos áibhéalach a rinne Tomás ar lachain fhiáine, go háirid lachain fhiáine na Coirbe, i gcomórtas le lachain Fhaiche Stiabhna. Lachain na cathrach, go síleann siad go soineanta iad féin saor.

An ceathrú poll

Sea, a mhaisce, i bhfogas don cheathrú poll seo cluinfidh tú lachain ag comhrá is ag céilíocht.

‘Gus mothaíonn tú an saol a bheith folláin.

‘Gus feicfidh tú ealaí bána ag aermaíocht is ag snámh go dtí thú.

‘Gus feicfidh tú bád mór na dturasóirí, Banphrionsa na Coirbe, ag gluaiseacht go tláith thar do bhráid, suaitheadh beag uisce uaithi ag déanamh ar an mbruach.

Tá ógáin ag iomramh. Cuir cluas ort féin agus cluinfidh tú sámhghlaoch coiligh in iothlainn fheilme.

Cas agus breathnaigh ar ais ar an áit as a bhfuil tú tagtha. Is tóstalaí ná riamh an t-óstán ar leirg an fhána. Is feiceálaí ná riamh na crainnte is sceacha a ndeachaigh tú tharstu nóiméidíní roimhe seo.

Ach foighid ort go mbeidh tú ag deireadh an tséú poll. Tá tú ar ard anois agus amharc uait thuaidh, theas, thoir is thiar.

Cónaí an Uasail Palmer ba dh’ea an t-áras seo tráth, an tráth nuair a bhíos-sa sna déaga. Fear gnó ba dh’ea Palmer, muilte plúir agus brain aige i bhfoisceart beagán achair ón áit ina bhfuil an Ard-Eaglais anois.

Ar ndóigh, tá méadú curtha ar an áras sin anois ó cóiríodh ina óstán é. An tráth fadó a bhfuilimse ag caint air bhí collach muice ag Palmer chomh maith leis na muilte.

Agus bhí cráin mhuice againne i Maigh Cuilinn, beagán mílte bealaigh siar. Thugaimisne ár gcráin chuig collach Phalmer.

Cé nárbh é Palmer féin, ach oibrí leis, a dhéanadh fosaíocht ar an dá ainmhí nuair a bhíodar in aon chlós.

Súilaithne amháin a bhí agam ar Phalmer, ní dhearnas oiread is bleid a bhualadh riamh air. Cé go mb’fhear modhúil ionraice é.

De bharr na staire seo uilig tá cion ar leith agam ar an óstán seo. Agus, anois, ar an ngalfchúrsa chomh maith!