Aiséirí anama

Filleann an scéinscéir Corp + Anam don dara sraith


Ní bhaineann mórán rómáins le cúrsaí teilifíse na Gaeilge. An t-am a mbím ag caint le Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir agus stiúrthóir, faoin tsraith nua de Corp + Anam, is ina ghluaisteán i gcarrchlós cheanncheathrú TG4 a dhéantar an t-agallamh. Hollywood Boulevard cá bhfuil tú?

Mar sin féin, ní bhíonn drogall air labhairt faoin tsraith, sraith atá “níos dorcha agus níos dúshlánaí ná an chéad cheann i 2011. Aithneoidh daoine na scéalta seo; tuigfidh siad na fírinní atá iontu”.

Ag meascadh ficsin agus fírinne atá sé, cleachtas a chruthaigh a chuid deacrachtaí féin, a deir sé. Cuireann sé frustrachas air “na rialacha difriúla” idir cúrsaí drámaíochta in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe agus creideann sé go dtugann an dlí “smacht don Stát” ar chúrsaí abhus.

Mar sin féin, is é a dhúil go n-éireoidh leis an tsraith seo “léargas a thabhairt ar scéalta na n-íobartach trí shúile na n-íobartach” agus dúshlán “fhorlámhas” na n-institiúidí móra – an Eaglais, na meáin agus lucht dlí – “ar shochaí na tíre” a thabhairt.

READ MORE

Rómhinic i gcúrsaí cúirte, a deir sé, go mbíonn “fócas ar an té atá cúisithe agus ní ar an íobartach”.

Ní maith leis mar a chaitheann an Stát le híobartaigh agus bíonn “brú ar dhaoine a bheith ciúin”, rud atá “suarach”.

Ba mhian leis “an pobal a mhúscailt” agus mothaíonn sé go bhfuil “fearg” ar dhaoine anois nach raibh orthu roimhe seo, rud atá le feiceáil sna hagóidí in éadan táillí uisce.

Bíodh is go bhfuil “téamaí dorcha” faoi chaibidil sa tsraith, tá súil aige go gcaithfí “solas sna cúinní dorcha”.

Ní ag déanamh áibhéile atá sé den dorchadas.

Filleann Diarmuid de Faoite arís mar Chathal Mac Iarnáin, iriseoir coiriúlachta, agus Maria Doyle Kennedy i bpáirt a chéile, Mairéad, dlíodóir. Is iomaí sin conspóid a dtugann siad aghaidh orthu sa tsraith seo, idir éigniú, ionsaí gnéis, díshealbhú agus lucht dlí – gan a bheith ag caint ar na deacrachtaí pearsanta atá ag an bheirt phríomhcharachtar.

Ábhar tromchúiseach atá faoi chaibidil ach molann sé an fhoireann atá aige agus an fuinneamh a bhí iontu le linn don tsraith a bheith á hullmhú: "Níor gig eile acu é."

Bhí próiseas “sách fada ullmhúcháin” ann agus bhí sé “an-bhródúil” as díograis na n-aisteoirí agus as an “infheistíocht” a rinne siad uilig sna carachtair.

Creideann sé gur bunriachtanas ag dráma Gaeilge é go mbeadh na haisteoirí líofa i nGaeilge agus go mbeidh “script láidir” acu.

Leagann sé béim arís agus arís eile ar réamhullmhúchán agus ar an phróiseas forbartha le dráma a thabhairt chun scáileáin. Caithfidh scríbhneoir “slí bheatha a bhaint amach” nó tá “táillí uisce agus táillí uisce beatha” le híoc aige, oiread chéanna le duine ar bith eile.

Is gá “am a fháil agus am a cheannach” le script mhaith a ullmhú. Is í an script bunchloch na hoibre agus is beag seans go mbeidh rath ar an obair mura mbíonn an script féin críochnúil. Chuige sin, ní bheidh script mar is ceart agat má bhíonn tú ag brath ar scríbhneoirí píosa oibre a dhéanamh go hantráthach; is é rud a theastaíonn scríbhneoirí a bhíonn i mbun pinn idir a naoi agus a cúig gach lá; ní daoine a thugann faoin scríbhneoireacht i ndiaidh lá oibre a dhéanamh áit inteacht eile, a deir sé.

Is é rud "is tábhachtaí ná próiseas ceart forbartha" agus bhí "an t-ádh glan" air go raibh TG4 "sásta infheistíocht a dhéanamh ionam" agus airgead a thabhairt dó mar scríbhneoir agus airgead a thabhairt dá léiritheoir, Paddy Hayes, le go mbeadh siad in ann Corp + Anam a fhorbairt an chéad lá riamh.

Tá “an-chreidiúint ag dul do TG4 as an deis a chur ar fáil,” a deir sé. “Is é an chéad chéim is deacra” agus is mór leis go raibh “muinín” ag TG4 as féin agus as Hayes leis an dara sraith a choimisiniú.

Is ag brath ar an phobal a bhíonn sraith ar bith teilifíse agus ní i gcónaí a bhíonn an pobal ag féachaint. Craoladh an chéad sraith de Corp + Anam ag an am céanna le Mrs Brown's Boys ar RTÉ.

Tharraing clár Brendan O’Carroll na céadta mílte de lucht féachana i gcomparáid leis an 30,000 inteacht a bhí ag amharc ar TG4. Bhí “mo chroí briste,” a deir sé, agus bhí sé “in áit sách dorcha”.

Ach ní ghéilleann fear Chonamara don éadóchas. Tá “réabhlóid” i ndiaidh tarlú chomh fada agus a bhaineann sé le fotheidil de. Tá daoine sásta amharc ar chláir faoi fhotheidil agus tá margadh mór idirnáisiúnta anois ar fáil do dhrámaí Gaeilge. Tig le TG4 buntáiste a bhaint as an ghnás nua seo, a deir sé, ach caithfidh siad déanamh “cinnte de i gcónaí go bhfuil siad ag freastal ar phobal na Gaeilge” roimh gach aon dream eile.

Beidh Corp + Anam le feiceáil Déardaoin 27ú Samhain ag 9.30pm ar TG4