Aip úr, Léigh Linn, seolta le hábhar léitheoireachta a chur ar fáil

Tá aip nua, Léigh Linn (www.leighlinn.com), anois ar fáil le daoine a spreagadh i mbun léitheoireachta. Tá trian de leabhar Gaeilge le fáil mar ríomhleabhar nó mar chlosleabhar don ríomhaire, don taibléad nó don ghuthán cliste. Ní amháin go dtig leat an leabhar a léamh nó éisteacht leis ach tá Alan Titley ann le cuideachta a choinneáil leat ar turas an leabhair. Tá físeán gairid ag deireadh gach aon chaibidile ina dtugann sé a léargas iontach féin ar a bhfuil léite agus ar a bhfuil le teacht.

Lena chois sin, tá réamhrá le fáil ar gach leabhar, agallamh leis na húdair agus nascanna le léirmheasanna a d’fhoilsigh na meáin chumarsáide Ghaeilge.

Tá Declan McGrath ar dhuine de léiritheoirí an tsuímh. Deir sé go dtig le cuid mhór daoine Gaeilge a léamh ach, ar chuis éigin, is beag acu a léann i nGaeilge. Creideann sé go mb’fhéidir go bhfuil íomhá “dhiúltach” ann dá bhfuil ar fáil – íomhá nach dtig lena thaithí féin. Is é is cuspóir le Léigh Linn ábhar maith léitheoireachta a chur ar líne, ábhar a bheadh maith le léamh cuma cén teanga ina raibh sé. Sa chás go bhfuil fonn ort an leabhar ar fad a léamh – agus cad chuige nach mbeadh? – tá nasc ar an suíomh le foilsitheoir an leabhair agus deis agat an téacs a cheannach. Deir McGrath má tá teacht agat ar wi-fi nach bhfuil leithscéal ar bith anois agat gan sult a bhaint as leabhar Gaeilge.

Dhá leabhar atá ann faoi láthair – Buille Marfach le Anna Heussaff agus Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird. Dúirt Heussaff gurbh "iontach an smaoineamh é an suíomh seo agus tá súil agam go bhfásfaidh is go méadóidh sé go luath. Tá leabhair Ghaeilge den scoth ar fáil nach bhfuil eolas ag a lán léitheoirí orthu".

READ MORE

Is é Foras na Gaeilge a mhaoinigh www.leighlinn.com agus tá urraíocht déanta ag The Irish Times ar an fhiontar fosta.