Ainm in airde agus ar líne

Páidí Ó Sé agus Dara Beag Ó Fáthartaigh i measc deichniúr nua curtha le bunachar beathaisnéise ainm.ie

Tá sé fógartha ag riarthóirí ainm.ie go bhfuil 10 mbeatha nua curtha leis an mbunachar beathaisnéise ar a bhfuil 1.3 milliún focal agus cuntas beatha ar 1,705 duine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 anall go dtí ár linn féin.

Ina measc siúd a bhfuil cuntas scríofa orthu tá an peileadóir aitheanta as Ciarraí Páidí Ó Sé, an scoláire Robert Welch agus an file Árannach Dara Beag Ó Fáthartaigh.

Thug riarthóirí an bhunachair le fios chomh maith gurbh fhéidir cuardach a dhéanamh anois ar ainm.ie de réir téamaí éagsúla, ina measc “Slite Beatha” agus “Páirtithe Polaitíochta”.

De réir na hanailíse atá déanta ag riarthóirí ainm.ie ar an mbunachar, is é Sinn Féin an páirtí is mó atá luaite le Gaeil mhóra le rá nach maireann agus é luaite i 137 den 1,705 beatha.

READ MORE

Níl Fine Gael luaite ach seacht n-uaire ar fad sa 1,705 beatha, rud a fhágann gurb é an páirtí is mó a bhfuil tacaíocht sa Stát faoi láthair aige an mórpháirtí is lú a dtagraítear dó sa bhunachar beathaisnéise.

Tagraítear d’Fhianna Fáil i 68 beatha agus luaitear Páirtí an Lucht Oibre in 22 beatha.

Dúirt Gearóid Ó Cléircín, Fiontar DCU, duine de riarthóirí ainm.ie, go raibh “ciall” leis na torthaí fad is a bhain sé le Sinn Féin mar gurbh é an páirtí is sine sa Stát é: “Bunaíodh Sinn Féin in 1905 agus bhí baint nach beag ag lucht na hAthbheochana leis an bpáirtí. Daoine a rugadh sa dara leath den 19ú haois agus a bhí gníomhach sa pháirtí le linn na tréimhse 1905–1923 is mó atá i gceist.

“I gcás Fhianna Fáil bheifeá ag súil chomh maith go mbeadh líon na dtagairtí dó réasúnta ard toisc gurbh é an páirtí ba mhó agus ba rathúla in Éirinn ó 1932 go 2011.”

Tá sé níos deacra, áfach, míniú a thabhairt ar an easpa tagairtí d’Fhine Gael, dar le Ó Cléircín: “Díol suntais is ea é a laghad tagairtí d’Fhine Gael sa 1,705 cuntas beatha. Tá sé suimiúil nach luaitear Fine Gael féin, páirtí a d’eascair as cónascadh Chumann na nGaedheal agus dhá ghrúpa eile agus a bhí ar an dara páirtí is mó sa Stát ar feadh i bhfad, ach i seacht mbeatha.”

Is é an ghairm is coitianta a luaitear leis na Gaeil ar ainm.ie ná “múinteoir” atá luaite le 345 beatha. Tá “scríbhneoir” sa dara háit agus “scoláire” sa tríú háit. Tá 186 sagart Caitliceach luaite mar aon le 42 ministir Protastúnach.

I measc na slite beatha eile atá luaite ar ainm.ie, tá seisear mianadóirí, cúigear breithiúna, ceathrar poitigéirí, triúr máinlianna, beirt thiománaithe tacsaí agus coimeádaí tí solais amháin.

Tá ainm.ie bunaithe ar an tsraith leabhar iomráiteach, Beathaisnéis le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.