Aghaidh fidil Facebook agus bréagriocht ár saol

Géilleann muid an iomarca do choinníollacha ar líne


Lasann an scáileán dubh ar m’fhón agus tugann sé tairiscint dom; “Nuashonraithe Ar Fáil”. Gliogálaim air agus, gan ach sracfhéachaint a chaitheamh ar na téarmaí agus coinníollacha, stampálaim mo dhorn ar “ACCEPT.”

Ó theacht an Idirlín, tá rialacha agus cearta i dtaobh príobháideachais tar éis athrú go mór. Ní hamháin sin, ach tá ár dtuiscint féin ar cén saghas príobháideachais atá uainn i ndiaidh éabhlóidiú ina chultúr d’uaslódálaithe, de phictiúir, agus de phróifíl ar líne, Facebook ina measc.

Tagann barra lódálaithe anuas ar an scáileán agus tosaíonn sé ag fás ar nós gais fhiáin ghoirm. Trí ghlacadh leis na téarmaí agus coinníollacha, tá cead tugtha agam do Facebook nasc a dhéanamh le sonraí pearsanta ar an bhfón agam – an áit ina bhfuilim, na pictiúirí agus físeanna, téacsanna agus liosta teagmhálaithe fiú.

Is ar an mbonn seo a dúirt Facebook gur tugadh cead dóibh turgnamh a dhéanamh ar lucht leanúna an líonra, amhail is gur cúntóirí muid i gcleas an draoi. Láidríonn sé seo an eagla go bhfuil Facebook ag baint úsáide as an bpobal, seachas a mhalairt mar a ba mhaith linn.

READ MORE

Ach ina ainneoin sin uilig, leanann lucht úsáidte Facebook ag fás agus an gnó acu ag forbairt. Agus ní haon ionadh é. Cé go bhfuil amhras in aigne an uile dhuine faoi bhunchúis na n-imeachtaí ag Facebook, is seirbhís í a labhrann leis an uile dhuine – nasc cuimsitheach le gach aon duine, aon áit ar domhan.

Sroicheann an barra 100 faoin gcéad, gliogálaim ar an aip bheag ghorm agus fanaim leis an bhfón le domhan beag an Idirlín a mhúscailt.

Sa turgnamh seo chuaigh Facebook ag súgradh le staid intinne beagnach 700,000 duine trí ghníomhaíochtaí rathúla dhuine amháin, nó ísle brí dhuine eile a bhrú chun tosaigh ar an bhFotha Nuachta acu.

De réir an tsuirbhé seo, braitheann mothúcháin an úsáideora ar na mothúcháin is déanaí a roinneadh go poiblí. Gach uair a scríobhadh nóta díomá, lúcháire, nó briseadh croí ar Facebook, rinneadh na mothúcháin a fhrithchaitheamh ó scáileán carad go dtí a scáileán féin.

Nach deas an cleas é sin?

Méadaíonn an aip bheag ghorm agus líonann sé an scáileán ó chúinne go cúinne. Scrollaim síos trí stádais agus tráchtanna, mo shúile ag líonadh le héad bomaite amháin agus mo bhéal ar oscailt le trua bomaite eile.

Nach cur i gcéill den chéad scoth é, cleasaíocht den chaighdeán is airde é, an suíomh sóisialta atá cruthaithe ag Facebook?

Teachtaireachtaí ar chuntais a chéile, lánúin ag tabhairt grá dá chéile, cairde ag seoladh cuirí cóisire ar “bhallaí” a chéile – é déanta ar mhaithe le siamsaíocht an lucht féachana, formheas an tslua, aisteoirí ag cuardach bualadh bos i bhfoirm “likes”. Má tá Facebook ag cur dallamullóige orainn, is uainne a d’fhoghlaim siad an nós.

Cé mhéad dínn a chuireann íomhá chruinn dár saol chun cinn ar an líonra? An roinntear briseadh croí araon le móimintí áthais? An ndeireann muid ariamh cad atá ar ár n-intinn, nó an gcuireann muid ár mothúcháin agus smaointe faoi bhréagriocht na bpictiúiríní agus na dtráchtanna?

Preabann albam pictiúir de chuid carad liom in airde – “Samhradh i Nua-Eabhrach 2014!” Gliogálaim air agus tosnaíonn fáinne beag lódála ag rothlú thart.

Faoi láthair, tá billiún úsáideoir ar Facebook, agus leath dóibh siúd déanann siad a gcuntas a sheiceáil chéad rud ar maidin – is mór an brú í sin chun siamsaíocht den scoth a chur ar fáil.

Agus i ndomhan an Idirlín, is é siamsaíocht an t-airgeadra. Is fir ghrinn muid ar fad, fir ghrinn a shaothraíonn aird trí áibhéil, a chuireann dath na háibhéile ar ár scéalta, a insíonn scéalta chun gáire a chothú agus a gháiríonn ar mhaithe leis an slua.

Pictiúir ó bharr fhoirgnimh arda ach ní den dreapadh aníos; de lánúin i mbaclainn a chéile, gan trácht ar bith ar na móimintí feirge nó frustrachais a bhíonn orthu.

Rud a léirigh taighde Facebook ná go bhfuilimid ar fad ag bogadh laistigh de chóiréagrafaíocht an tslua.

Ón nóiméad a cheanglaíonn ár méara leis an gcnap “ACCEPT,” tá nasc níos dlúithe ná mar a bhí muid ag súil á chruthú againn – nasc domhain buan ach nasc le stiúrthóirí Leabhar na nAghaidheanna, stiúrthóirí a fheidhmíonn taobh thiar den chuirtín.