Ag stealladh páistí

Is é an díol spéise is mó ná líon na mban atá ag súil leis an gcéad pháiste i lár na 30í


“Céard é sin?” arsa mise ag breathnú ar an gcarn bronntanas sa gcúinne.

“Caidéal atá ann,” a deir cara liom, atá ag eagrú na cóisire ar son carad eile.

“Caidéal?” arsa mise, ag féachaint ar mhála droma beag. Is geall é le ceann des na gléasanna sin a úsáideann an lucht ficsin eolaíochta chun eitilt timpeall na háite.

“’Sea. Caidéal is ea é,” arsa an cara, “don chothú cíche. Is féidir le máthair é a chaitheamh agus í ag glanadh an tí nó ar obair, fiú.”

READ MORE

“Ó,” arsa mise, ag smaoineamh orm féin ag siúl timpeall RTÉ á chaitheamh. Tá alltacht orm. Agus táim cinnte go mbeadh alltacht ar gach duine eile chomh maith.

“Is féidir leatsa do bhronntanas-sa a fhágáil ansin chomh maith,” arsa sise.

Tá náire orm ag cur síos dhá bhuidéal prosecco in aice le hionad gníomhaíochta, fathach de theidí agus bugaí.

Fáilte go saol na gcóisirí réamhbhreithe – ná go saol na gceathanna páistí, mar is fearr liom féin tagairt dóibh.

Shíl mé féin gur rud Meiriceánach a bhí i gceist, ach is cosúil go bhfuil a gcuid nósanna féin ag go leor pobal agus cultúr ar fud an domhain, ón India go Guatamala.

Is cosúil, áfach, go bhfuilimid anseo in Éirinn ag leanúint mhúnla na Meiriceánach, ag díriú ar earraí a cheannach don leanbh.

B’fhearr liom féin na Hiondúigh a leanúint; cuireann siadsan bronntanais ar fáil don mháthair, seachas don leanbh ar eagla go dtarraingeoidís an anachain uirthi.

Mar sin, measaim féin go bhfuil mo prosecco-sa ar an mbronntanas is oiriúnaí anseo.

Tá borradh mór tagtha faoi cheathanna páistí le blianta beaga anuas. Ar ndóigh, níl aon taighde déanta agam air seo.

Ach is féidir liom a rá go húdarásach nár fhreastail mé riamh ar chith páiste. Go dtí gur thosaigh mé ag freastal orthu go leanúnach.

Agus tá sé ag stealladh páistí.

Tá gach duine torrach, ag iarraidh a bheith torrach nó díreach théis a bheith torrach.

Ach caithfidh mé a admháil nach bhfuilimid i dtús na hóige ar an scála atáirgithe.

Agus is é sin, dar liomsa, is cúis leis an gcarn mór bronntanas stróúil sa gcúinne: tá gairmeacha beatha ag gach duine faoin am seo agus téann muid thar fóir ag ceannach stuif dá chéile.

Is geall le seachadadh na Nollag chun dílleachtlainne sa Rómáin é an carn sa gcúinne.

Ach is ar seachran atá mé anois.

Is é an díol spéise is mó, dar liomsa, ná líon na mban go bhfuil aithne agam orthu atá ag súil leis an gcéad pháiste i lár na 30í.

Tá cúpla alt spéisiúil léite agam le gairid atá scríofa ag an sutheolaí Declan Keane.

Ar ndóigh, bheadh cuid mhór den tochailt ar a cheirtlín féin i gceist anseo mar gheall ar gur gnó mór é seo. Ach tá imní airsean faoi líon na mban in Éirinn a bhfuil méarfhadachas ar bun acu. Os cionn 40 bliain d’aois, den chuid is mó, tá do chuid seansanna ag teacht chun críche, dar le Keane.

Ach cuireann sé isteach orm nuair a léim na haltanna seo go dtugtar le fios iontu go mbíonn mná ag fanacht de bharr go bhfuilimid ag iarraidh an dréimire a dhreapadh.

Níl gairmeacha móra tábhachtacha ag gach duine.

I gcás gach Amal Clooney atá amuigh ansin, tá Siobhán atá ag obair mar oifigeach cléireachais sa Roinn Comhshaoil nó Máire atá ag obair mar rúnaí nó Aoife atá ina múinteoir bunscoile.

Scríobh Keane in alt san Irish Mail le gairid, "women should be having children at a younger age but unfortunately society has changed our practices and, therefore, in our culture we tend to leave child-bearing until later in life and it's working against the natural biological clock".

Tugann sé sin le fios go bhfuil rogha i gceist.

Ach chuirfinn féin chun tosaigh nach bhfuil sé d’acmhainn ag go leor ban páiste a thabhairt ar an saol.

Tá go leor daoine sáinnithe i gcothromas diúltach in árasáin bheaga.

Nó ag fanacht lena dtuismitheoirí chun airgead a chur i dtaisce le haghaidh na héarlaise sin.

Is cúis imní é go mb’fhéidir go mbeadh glúin ban díomách nuair a thiteann an tuiscint orthu go bhfuil an seans imithe uathu.

Molann Keane go dtosnaíonn mna i mbun oibre ar an “togra” seo faoi bhun 30 bliain d’aois. Agus molann sé go gcuirfeadh an Rialtas airgead ar fáil le cuidiú le mná a mbíonn deacrachtaí acu.

Measaim féin gur cheart an t-airgead sin a infheistiú i gcúrsaí tithíochta sa gcaoi is nach mbeadh mná ag fanacht go dtí go mbíonn siad 37 bliain d’aois le triail ar leanbh a thabhairt ar an saol.

Tá teach ag teastáil chun dídean a thabhairt don leanbh.

Agus chun na gléasanna cothaithe cíche, na fathaigh de theidithe agus na céadta ball trealamh a thagann in éindí le páiste a chur i stóras. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin