Ag iascaireacht ar an loch mór

Bric rua, liatháin, bradáin, eascanna agus cúrsaí an tsaoil faoi chaibidil sa bhád


Mé i mo sheasamh ar an gcéibh ag dearcadh anonn ar mo ghiolla ag teacht trasna an locha ina bhád chugam, fámaire fir Gearmánach in éindí liom gur fhiafraigh sé díom cé na cineálacha éisc a bhí san uisce. D’fhreagair mé nárbh fheasach dom ach go raibh súil agam bric rua a bheith le fáil ar a laghad ar bith.

Chuireas féin an cheist chéanna ar mo ghiolla bádóra.

“Bric rua, liatháin agus bradáin,” a d’fhógair sé go neamhbhalbh. “Móide eascanna más mian leat iad!”

Ciarraíoch go smúsach, arsa mise liom féin, is cinnte nach bhfágann an treibh seo iad féin gann!

READ MORE

Mé ag baint suilt, ámh, as an gcaoi, dar liom, a ndeachaigh briathra mo dhuine i bhfeidhm ar shamhlaíocht an Ghearmánaigh. Uisce lena bhéal, é ag samhlú muide ag filleadh faoi thráthnóna, ár mbád luchtaithe go gunail; gabháil éisc níos mó againn ná an ghabháil údan atá luaite sa Tiomna Nua.

An mbronnfadh an loch seo i gCiarraí gabháil níos áibhéalaí éisc air is mé féin ná mar a bhronn Muir Ghailíle in Iosrael ar Íosa is ag Pheadar?

Bíodh is go mba lá calm meirbh a bhí ann, an cineál lae mharbhánta nach marófá tada, ach pé ar bith é chaithfimis seal suairc ag bádóireacht linn sall is abhus ar an loch.

Cuil-iascaireacht le ansa liom féin ach a théiglí is a bhí an uain bheartaíomar ar throlláil; arb í sin an bealach iascaireachta is leisciúla. Toisc go raibh táirm chainte ar mo chompánach mhol sé go scaoilfinn dorú fada; é ag cur de i nglór ard tréan chomh maith le bheith ag stiúradh an bháid.

Thriaileas ar chaint a bhaint as faoi chúrsaí peile, ag spochadh as nár ghnóthaigh Ciarraí craobh uile-Éireann le blianta, ach ba thábhachtaí go mór leis-sean caint a dhéanamh faoi chúrsaí pleanála nach dtabharfaí dó – cé nach raibh aige ach ruaiteach thalúna – bíodh is nach raibh deacracht ag daoine saibhre isteach tógáil in áit ar bith ba mhaith leo.

Acra sléibhe

“Níl agamsa ach cúpla acra sléibhe nach fiú d’aon cheo iad!” ar sé.

“Cé mhéad acraí atá agat?” arsa mise. “An dtógann tú caoirigh orthu?”

“Ní thógfá naoscach!” ar sé. “Cheap mé go ndíolfainn cúpla suíomh, ach féach an teach sin thall!”

“Fuair siad sin cead pleanála?”

“Ní bhfuaireadar! Níor dhein siad a lorg!”

“Canathaobh nár dhein tusa amhlaidh?”

“Mar, an fear bocht anseo i gCiarraí, níl aon chumhacht aige!”

Shín sé méar i dtreo tí eile.

“Féach thall an teach mór bán sin ina shuí ar an uisce! Le cara iar-aire rialtais an teach sin!”

Bhí buicéad uisce ar bord an bháid aige agus ó am go ham d’óladh sé sáspan de, agus ina iarracht dhoirteadh sé oiread eile ar ghabhal a bhríste. Ar ball, ar sé liomsa: “An miste leat má streallaim fual amach sa loch?”

(Tá a fhios ag an lá gur ardaigh leibhéal an locha!)

I dtráth tharraing sé an bád isteach i ngóilín cladaigh, i ndeas dá theach, agus chroch mise mo chuid ceapairí liom. Bhí túlán uisce fiuchta ag a bhean agus nuair a thosaigh an bheirt acu ag comhrá le chéile is dona a bhíos-sa in ann smid eatarthu a thuiscint; eisean ag alpadh go craosach an cheapaire a bhí tugtha agam dó, a bhean ag déanamh amhlaidh lena ceapaire sise.

“Is iontach na ceapairí iad san!” ar sé. “Fan go fóill anois, roinnfimid an ceann deiridh!”

Thug sé faoin gceapaire a bhriseadh go cothrom lena lámha móra gágacha ach gur chuimhnigh sé ar dhóigh níb éasca. Anonn leis go bhfuair sé scian ghéar.

“Féach sin anois, nach bhfuil sin cóir?”

Bhí molta san óstán dom gan m’uimhir ghutháin ná mo sheoladh baile a thabhairt dó mar go mba chinnte, lá éigin, go dtriallfadh sé orm.

Agus, ag teacht leis an gcáil sin, níor luaichte ar ais ar an loch sinn ná é ag fiosrú tuilleadh oibre.

An raibh obair ar bith agam ar theastaigh fear maith uaim lena haghaidh?

Ceann oibre ar bith, mór nó suarach – claí cloch, giota talúna le romhar, paitió a leagan – ní chuirfeadh turas dá fhad isteach air bhí Ciarraígh mar sin bhuel ní chuile Chiarraíoch a bhí ach a bhformhór bhí taithí acu ar obair chrua.

“Oibrithe ionraice cneasta iad muintir Chiarraí, ní heagal leo aon chrácamas oibre!”

Ar ndóigh, níor mharaíos aon bhreac.

Muid ag filleadh ar an gcéibh bhí áthas orm nach raibh mo Ghearmánach romham. Ach gur gheall mo ghiolla bádóra go mbeadh sé saor chun mé a thabhairt amach arís arna mhárach nó lá ar bith.