Ag dul sa seans leis an iompar poiblí

BEOCHEIST: CHONAIC MÉ suirbhé lá a thug le fios gurbh í Poblacht na Seice an tír ab fhearr san Eoraip le haghaidh úsáid a bhaint…

BEOCHEIST:CHONAIC MÉ suirbhé lá a thug le fios gurbh í Poblacht na Seice an tír ab fhearr san Eoraip le haghaidh úsáid a bhaint as iompar poiblí.

Tá mórán cúiseanna leis seo. Triallann daoine abhus anseo ar chláir ama na stadanna bus is tram mar go bhfeidhmíonn an córas de réir an chláir ama. Tagann míshuaimhneas ar dhaoine mura sroicheann an bus/tram/metro port laistigh de dhá nóiméad den uair atá sé ceaptha a bheith ann.

Ar ndóigh tá bonn maith faoin gcóras iompair phoiblí sa tSeic seo mar aon le tíortha eile a raibh réimeas Cumannach chun cinn iontu san aois seo caite. Is i ngeall air seo atá an Laitvia, An Ungáir, an Pholainn, an Eastóin agus an tSlóvaic ag teacht sna sála ar Phoblacht na Seice i dtaobh úsáid iompair phoiblí de réir an tsuirbhé seo. San aonú háit fichead atá Éire.

Aimsir na drochaimsire fud fad na hÉireann tamall de sheachtainí ó shin fágadh ag an stad folamh mé lá. Ag fanacht le bus ar imeall chathair Chorcaí a bhíos. Tar éis do dhream beag dóchasach (soineanta) againn uair an chloig a thabhairt le rince agus léimeanna leis an bhfuacht a cheansú, tharraing carr isteach i leataobh an bhóthair os ár gcomhair. Amach leis an mbolscaire boird ón suíochán tánaisteach. Puinn eile ní dúirt sé ach amháin nach mbeadh an bus ag teacht.

READ MORE

Cigire Bhus Éireann a bhí ann (cé nach ndúirt sé seo linn), agus an chuma air nach raibh saothar den sórt seo air i mbun a chúraimí cigireachta le píosa maith. Bhí gach aon liú agus scread againne, lucht an fheithimh, ach leis an gceart a dhéanamh níorbh fhada a mhair an gleo. Ba ghearr gur laghdaíodh ar fad ar an gclamhsán agus drochbhail limistéirí eile na tíre á meabhrú ag pé duine coinsiasach a bhí inár measc.

Ní mórán imní (seachas a raibh de bhuairt eile air) a chuir seo ar an gcigire. Stad ná cónaí níor dhein sé lena scéala a scagadh, ach d’imigh leis ar rotha in airde le leanúint dá chraobhscaoileadh. Is beag smacht atá ag Bus Éireann ar an aimsir, ach ba gheall le buille maraithe na muice dá sceideal leochaileach an tsíon is an doineann.

Agus mé ag léamh liom faoin suirbhé úd rith eachtra neafaiseach eile liom. Is cuimhin liom an chéad lá anseo i bPrág dom timpeall’s bliain go leith ó shin, agus an t-achar gairid ó mo bhaile nua ar Chearnóg Chekov (sea, an buachaill céanna) chuig stad an tram a shiúl.

B’é seo macasamhail mhí na meala agam, cúpla lá le haithne a chur ar an gcathair sara dtabharfainn aghaidh ar dhualgais an tsaoil mhóir, an saol iarbhír, an saol lasmuigh de shaol an mhic léinn, an saol a éilíonn smacht agus géilleadh agus cáin ar thuarasatail agus ainm agus sloinne ar bhosca poist.

Ainneoin easpa glan Seicise agus doicheall na n-ógánach ar lorgaíos cúnamh uatha, d’éirigh liom ticéad tram a cheannach. An-tús. B’in é ansin mé, ag feitheamh liom ar oileáinín coincréide idir raon an tram agus bóthairín (bótháirín atá ann) na ngluaisteán, go dtáinig mo thramsa. Ach amháin nach liom féin a bhíos ar chor ar bith agus mé i mbun feithimh. Agus m’aigne ag dul i ngleic leis an timpeallacht nua seo, bhí daoine ag déanamh ar m’oileáninín caol liath i gcónaí, go raibh scata maith ina seasamh ann. Bhíodar ag caint ar a bhfóin, nó i mbun eagarthóireacht téacsanna, nó fiú an corrdhuine acu ag caint leis an duine corr ina aice.

Bhí an-éileamh ar an stad féin i gcaitheamh an ama, óir is air a bhí clár ama greanta. Thuigeas gurb in a bhí ann, ach níor thugas aon aird air. Tuige a ndéanfainn a mhalairt? Cad a thabharfadh orm dul i gcomhairle leis an stad beag ná mór? Cén taithí a bhí agamsa ar mhuinín a chur agam i gclár ama? Ach b’eo iad muintir Phrág agus deabhadh orthu ag triall ar an stad céanna, súil á caitheamh ag an uile dhuine acu ar a uirlis ama féin (fóin seachas uaireadóirí don chuid is mó) agus fad an fheithimh á shocrú ina aigne aige. Níor thuigeas an flosc seo san am in aon chor.

Is cóir a lua gur féidir brath ar chóras na Seice sna ceantair tuaithe leis. Ar ndóigh is lú go mór líon na seirbhísí lasmuigh de na cathracha, ach ar a laghad ar bith is ann do na seirbhísí sin! Cad atá i ndán do phleananna uileghabhálacha “Iompar 21” na hÉireann?

An orthu féin, agus ar charranna, a bheidh muintir na tuaithe ag brath d’fhonn a slí a dhéanamh as seo go siúd, nó an mbeidh an córas feasta ag dul ó thom go tor, mar a bhí sé riamh? Ceisteanna iad seo a dhéanfadh tuilleadh tinnis dom murach poncúlacht an chórais iompair anseo. Diabhal mórán ama a thugann sé d’éinne machnamh a dhéanamh orthu.