Abair paidir don mhúinteoir Ghaeilge

Moltar na múinteoirí, fud fad na hÉireann, atá ar ais i mbun theagasc na teanga


Seachtain amháin déanta; roinnt mhaith eile seachtainí le déanamh.

Abair paidir ar maidin don mhúinteoir Ghaeilge sa tseomra ranga.

Ní mholann muid minic go leor iad, na múinteoirí Gaeilge, thuaidh agus theas, thiar agus thoir, a bhíonn i mbun teagaisc bliain i ndiaidh bliana. Gluaiseacht uile-Éireann a mhaireann beo ar thae agus bhrioscaí atá ann. Beidh siad ag cur oiliúna ar pháistí sna bunscoileanna, ar dhéagóirí sna meánscoileanna, ar dhaoine fásta sna hionaid phobail.

Ní athbheochan go hoideachas!

READ MORE

Beidh earcaigh nua sna trinsí i mbliana, múinteoirí gealgháireacha Gaeilge, múinteoirí atá sásta post a fháil agus cúpla euro a shaothrú. Moltar iad as clárú i gcathlán na cúise is uaisle amuigh.

Beidh múinteoirí eile ina measc a bhfuil na blianta caite ar an fhronta acu, a bhfuil cairn mhóra téacsleabhar sa chófra acu, múinteoirí a tógadh le cailc agus le clár dubh agus atá anois beo i saol an chláir bháin idirghníomhaigh agus na haipe.

Beidh siad ag iarraidh na múinteoirí nua a spreagadh agus a chosaint – iad a spreagadh le go ndéanfaidh siad an chuid is fearr den jab agus iad a chosaint le go dtuige siad nach dtiocfaidh críoch go deo leis an chogadh seo, nach dtiocfaidh an t-am go deo go mbeidh sos comhraic ann agus taoiseach ag fógairt: “Bhain muid. Tá an teanga sábháilte.”

Beidh na múinteoirí bochta ina gcuid trinsí agus sliogáin an dímheasa agus an lagmhisnigh á gcaitheamh ina dtreo go ceann tamaill eile. Tuigeann an seansaighdiúir go gcaithfidh an saighdiúir is cróga amuigh a chloigeann a cheilt faoi chlogadh anois agus arís. (Aithneoidh tú an ginearál leis an fháinne óir!)

Tá múinteoirí na Gaeilge i mbun feachtais i mbunscoileanna Béarla, i nGaelscoileanna, i meánscoileanna Béarla, i scoileanna Gaeltachta, i sruthanna Gaeilge, i nGaelcholáistí. Beidh Gaeilge le cluinstin sna 32 contae agus ní beag sin. Beidh a gcuid fadbhanna féin acu uilig go léir, thuaidh agus theas, thiar agus thoir. Beidh an cheist sin “Cad is fiú Gaeilge?” ar bheola roinnt tuismitheoirí, polaiteoirí agus in aigne roinnt daltaí.

Déanfaidh mórán múinteoirí neamhiontas den cheist. Ní chun meitifisice atá an múinteoir ach chun teagaisc.

Cuirfear focail dhaite ar bhalla na bunscoile – fuinneog, doras – leis an teanga a chur i láthair lucht an Bhéarla sa tseomra ranga. Tá glúin nua anois i mbun fuaimeanna aisteacha – doooorassss – agus glúin úr ag cur ceisteanna: “Miss, what’s a fuinneog again?”

Tá glúin eile ag cur snasa ar a gcuid Gaeilge. Tá an teanga acu sa Ghaelscoil nó sa scoil Gaeltachta. Tá siad líofa. Déanfaidh daoine eile iontas díobh sin ar bhusanna agus ar shráideanna na tíre: “Did you hear them speaking Irish?”

Mar sin féin, beidh na dúshláin chéanna rompu is a bheidh roimh chomhghleacaithe an chúpla focal – “Cad is fiú Gaeilge?” An mbeidh mórán de mhuintir óga na Gaeltachta in ann post a fháil ina gcuid ceantar féin? Ní bheidh.

Cad é an t-athrú a tháinig ar scéal phobal na Gaeltachta i ndáiríre le 100 bliain anuas? Ach sin scéal do lá eile.

Tá múinteoirí na Gaeilge ar ais i mbun oibre, thuaidh, theas, thiar agus thoir. (“Cad is fiú Gaeilge?”) Tá siad ag déanamh a ndíchill. (“Cad is fiú Gaeilge?”) Tá glúin nua ag foghlaim fuaimeanna aisteacha. (“Cad is fiú Gaeilge?”) Tá siollabas le comhlíonadh. (“Cad is fiú Gaeilge?”)

Beidh cúrsaí sa Ghaeltacht ann. (“Cad is fiú Gaeilge?”) Beidh spraoi i gclós na scoile ann. (“Cad is fiú Gaeilge?”) Tá seachtain amháin déanta agus roinnt mhaith eile seachtainí le déanamh. (“Cad is fiú Gaeilge?”)

Abair paidir ar maidin don mhúinteoir Ghaeilge sa tseomra ranga.

Laochra an dúlra

Tá ceithre leabhar lándaite agus lán pictiúr, Laochra Lúfara, foilsithe ag an Ghúm.

Gaiscí Gleacaíochta

,

Gaiscí Snámha agus Tumadóireachta

,

Gaiscí Nirt agus Troda

agus

Gaiscí Lúthchleasaíochta

is ainm do na leabhair agus €5 a chosnaíonn gach ceann acu.

Déanann na leabhair cur síos simplí spéisiúil greannmhar ar an difear idir cumas lúthchleasaíochta an duine agus cumas lúthchleasaíochta an ainmhí.

Mar shampla, tugann na leabhair le fios nach bhfuil neach ar bith ann atá chomh maith leis an duine daonna ag caitheamh rudaí. Mar sin féin, ta an portán cnó cócó – sea, is ann dá leithéid – measartha maith ag caitheamh cnónna cócó ón chrann chun talaimh. (Sin an fáth a dtugann siad portán cnó cócó air!)

Tá cur síos an-suimiúil ar an fhrancach cangarú, ar an fhrog saigheadnimhe agus ar an mhoncaí fadsrónach, mar shampla: “Uaireanta léimeann moncaithe fadsrónacha ó ghéaga atá suas le 16 méadar os cionn leibhéal na talún. Tá sé sin sé mhéadar níos airde ná an t-ardán Oilimpeach is airde!”

Tá sin go breá, is fíor. Ach dá bhfeicfeá mise ag léim i dtreo an toilg agus an pheil ar siúl! Is agamsa a bheadh an chraobh!