Údar mórtais

Tá Gradam PEN le bronnadh ar bhean de na scríbhneoirí is cumasaí dár gcuid


Bhain an nuacht siar aisti nuair a chuala Éilís Ní Dhuibhne go raibh Gradam PEN 2015 le bronnadh uirthi mar aitheantas as a bhfuil déanta aici don litríocht in Éirinn.

Cuireann an duais í ar liosta scríbhneoirí clúiteacha ar a bhfuil Brian Friel, Edna O’Brien, John McGahern, Maeve Binchy, Séamus Heaney, William Trevor agus go leor eile.

Is í Éilís Ní Dhuibhne an chéad scríbhneoir dátheangach a bheith aitheanta sa dóigh seo. Ach is liosta le háireamh iad na gradaim eile a bronnadh uirthi thar na blianta, ina measc Leabhar Bisto na Bliana, Duais Stewart Parker don Drámaíocht, Gradam Butler ón Institiúid Gael-Mheiriceánach, duaiseanna éagsúla i gComórtais Liteartha an Oireachtais agus ainmníodh The Dancers Dancing ar ghearrliosta an Duais Orange blianta beaga ó shin.

“Is onóir an-mhór dom é Gradam PEN. Sílim gur saghas aitheantais é do mo chuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla agus b’fhéidir de bharr gur banscríbhneoir mé freisin – agus toisc go bhfuil an-chuid scríofa agam,” a deir sí agus í faoi agallamh agam ag an deireadh seachtaine.

READ MORE

Tá aoibh an gháire uirthi maidir leis an duais.

Tá breis is 25 leabhar foilsithe ag Éilís idir úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus saothar neamhfhicsean. Is ball d’Aosdána í fosta.

Tá 40 bliain ann ón uair a chuir New Irish Writing scéal le hÉilís i gcló den chéad uair i Scéala Éireann, rud a thug misneach di tabhairt faoin scríbhneoireacht go leanúnach ó shin.

I rith na mblianta scríbhneoireachta sin bhí sí gafa le hardcháilíochtaí acadúla a bhaint amach agus le clann a thógáil ina dhiaidh sin lena fear céile, an béaloideasóir iomráiteach Bo Almqvist.

Casadh ar a chéile iad nuair a thosaigh Éilís ag déanamh staidéir ar an litríocht bhéil nuair a bhí M.Phil ar bun aici sa Mheán-Bhéarla agus sa tSean-Ghaeilge. Bhain sí PhD amach sa Bhéaloideas ina dhiaidh sin.

Is beag scríbhneoir a léann agus a chleachtaíonn i seánraí litríochta chomh héagsúil léi. Nuair a fhiafraím di an bhfuil aon rud i gcoiteann ag na tréimhsí agus múnlaí litríochta seo ar fad ó thaobh na scéalaíochta, is dóigh léi go bhfuil rud nó dhó a cheanglaíonn gach scéalaíocht le chéile.

“Focail a shníomh le chéile ar bhealach spéisiúil agus iad a úsáid ar bhealaí a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Tá sin bunúsach sa scéalaíocht,” a deir sí, “agus tá samhlaíocht bhunúsach freisin.”

Ag an am céanna, tuigeann sí nach gá an staidéar sin ar fad le bheith i do scríbhneoir: “Is féidir leat bheith i do scríbhneoir an-mhaith gan an cúlra acadúil sin ach b’shin cuid den phictiúr maidir liom féin. Theastaigh uaim sin go léir a fháil amach, go mbeadh tuiscint agam ar cad is scéal ann, cad is litríocht ann.”

Rud eile a chabhraíonn léi tuiscint a fháil ar thógáil scéalta ná an t-am atá caite aici ag obair i gceardlanna scríbhneoireachta agus ag múineadh cúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaíoch in UCD.

Ar dhóigh amháin, dar léi, tugann an scrúdú géarchúiseach sin saineolas ar theicnicí na scríbhneoireachta duit, mar go mbíonn teicnicí agus cleasa le foghlaim i ngach ceard agus ealaín.

“Foghlaimíonn tú ó scríbhneoirí eile,” a deir sí. Ina cás féin, luann sí an dúil atá aici i scríbhneoirí áirithe agus an méid atá le foghlaim as saothar Alice Munro, David Lodge agus James Joyce, mar shampla: “I gcónaí bíonn an-chuid le foghlaim as Joyce, go háirithe as na gearrscéalta. Cíonn tú rudaí i gcónaí iontu nach bhfuil tugtha faoi deara agat roimhe sin.”

Ach i ndeireadh thiar, creideann Éilís Ní Dhuibhne gur ón chroí a thagann an dúil sa scríbhneoireacht agus óna comhbhádóir, dúil sa léitheoireacht. “Theastaigh uaim bheith i mo scríbhneoir i gcónaí agus bhí an-dúil agam i litríocht ón uair a thosaigh mé ag léamh. Sílim gur scéalaí mé, go raibh sin ionam i gcónaí agus sin é an fáth gur féidir liom scríobh ina lán seánraí éagsúla,” a áitíonn sí.

“Úsáideann tú focail chun do scéalta a insint ar mhodhanna éagsúla do lucht léitheoireachta éagsúil, páistí nó daoine fásta, i nGaeilge nó i mBéarla, don leathanach, don stáitse, don raidió.”

As a saothar féin i nGaeilge, is fearr léi an t-úrscéal Cailíní Beaga Ghleann na mBláth. Sa Bhéarla, fuair úrscéal eile léi, The Dancers Dancing, ardmholadh ó léitheoirí ach níl sé gan locht i dtuairim an scríbhneora féin.

Is dóigh léi gur ina cuid gearrscéalta atá a cuid scríbhneoireachta is fearr. Admhaíonn sí nach ionann tuairim an scríbhneora agus tuairim an léitheora i gcónaí.

San áit a fheiceann an scríbhneoir fadhb i saothar nó rud éigin nach bhfuil ceart, is minic go dtaitníonn an saothar céanna go hiontach leis an léitheoir ar chúis nach dtuigeann an scríbhneoir.

Tá an tríú húrscéal Gaeilge do dhaoine óga díreach á chríochnú ag Éilís. Mar a bhí i gcás Hurlamaboc agus Dordán, tá an scéal suite in Éirinn an lae inniu. Téann an leabhar nua, Aisling, i ngleic le ceist chonspóideach an ghinmhillte in Éirinn. Seans go gcuirfidh sé daoine ag caint agus ag léamh. Bronnfar Gradam PEN ar Éilís Ní Dhuibhne ag ócáid sa Royal St George Yacht Club, Dún Laoghaire, ag dinnéar bliantúil PEN, 20ú Feabhra 2015