Éistear le mo ghlórtha!

An dara haistriúchán Béarla ar Cré na Cille

An rud is annamh...

Anuraidh a d'fhoilsigh Yale University Press The Dirty Dust, aistriúchán Alan Titley, ar Cré na Cille Mháirtín Uí Chadhain.

Tharraing aistriúchán Titley aird (agus moladh) na meán Béarla ar shaothar Gaeilge nach bhfacthas le fada fada – nó riamh, b’fhéidir.

Ó tharla gur aistriúchán ar leabhar Gaeilge a bhí ann, bheifeá ag súil nach mbeadh an dara haistriúchán ann.

READ MORE

Bíonn lucht na Gaeilge beo ar an bheagán, nach mbíonn?

Nach éachtach an t-aon aistriúchán amháin féin ar leabhar clúiteach Uí Chadhain?

Ach seo chugainn anois aistriúchán nua den úrscéal céanna leis na foilsitheoirí céanna.

An iarraidh seo, ámh, Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson atá i ndiaidh tabhairt faoin tiontú go Béarla agus glórtha marbha Gaeilge Uí Chadhain a thabhairt chun beatha i mBéarla in Graveyard Clay.

Shílfeá, ar an chéad amharc, gur aisteach an ní é sin; gur leor aon aistriúchán amháin ar aon úrscéal amháin.

Ach nach glórtha atá i gceist le húrscéal Uí Chadhain, an oiread sin glórtha ag caint linn as an uaigh, iad in iomaíocht lena chéile, iad ag iarraidh go n-éistfear leo, iad ag sárú ar a chéile, ag spochadh as a chéile?

Ní iontas, mar sin, nach mbeadh na glórtha mar an gcéanna i dteanga an Bhéarla agus ní hé go gcailltear rud inteacht san aistriúchán ach go gcuirtear rud inteacht leis: “I beg your pardon, Cóilí, I am sorry. I thought you intended to write. But for fear you should ever experience that divine urge...There is not a single Irish speaker who does not feel it at some time of life... The elements of these western shores are to blame, they say...”

Tá a gciall féin ag Mac Con Iomaire agus Robinson don tiontú teanga agus cuireann siad an cur chuige sin i gcomparáid le leagan Titley, á rá faoi: “Initial enthusiasm regarding access to the narrative may ultimately be tempered by a more guarded analysis of the translation’s “free-wheeling” nature in general and a markedly creative interpretation of the text’s “rich and savage demotic” base in particular.”

Tugann Philip O’Leary, saineolaí ar an úrscéal Gaeilge, le fios faoin leagan is déanaí: “This is a wonderful translation. Mac Con Iomaire and Robinson provide a meticulously faithful rendering of Ó Cadhain’s rich Connemara Irish while at the same time capturing the raucous, Rabelaisian humor of his classic novel.”

Agus ní téacs amháin atá faoi chúram ag foilsitheoirí Gaeilge an leabhair, Cló Iar-Chonnacht, faoin am seo ach gluaiseacht, beagnach.

Tá an t-úrscéal féin thar a bheith tábhachtach ach tá sé chomh tábhachtach céanna deis a bhaint as an aistriúchán le litríocht na Gaeilge a chur os comhair an phobail ar fad, braitheann tú.

Chuige sin, tá Cló Iar-Chonnacht le dhá ócáid a reáchtáil leis an dá aistriúchán a cheiliúradh.

Ar dtús, beidh comhdháil lae in Áras na Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine.

Tiocfaidh literati na teanga le chéile le plé agus mionphlé a dhéanamh ar thionchar agus ar thábhacht Cré na Cille.

Mura leor sin, rachaidh lucht na comhdhála siar chun an Spidéil an tráthnóna céanna agus seolfaidh fear mór na scannán, Bob Quinn, an t-aistriúchán nua Graveyard Clay le Mac Con Iomaire agus Robinson. Seolfar an t-eagrán ar chlúdach bog de The Dirty Dust ag an am céanna fosta.

Beidh deis fosta ag lucht na Gaeilge san ardchathair ceiliúradh a dhéanamh ar na haistriúcháin nó beidh ócáid i dTeach na Clódóireachta, Coláiste na Tríonóide, seachtain ón lá inniu ag 6pm.

Cathal Goan a bheas ina fhear an tí an tráthnóna sin agus beidh ionadaithe ó Yale University Press i láthair fosta.

Dúirt bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Congaile, go raibh “an dá leagan chomh difriúil óna chéile agus chomh maith lena chéile ar bhealaí éagsúla ionas gur fiú iad a chuir i gcló.

"Agus níl aon chúis nach mbeadh tuilleadh leaganacha ann amach anseo. Tá breis agus 12 leagan de Cúirt an Mheán Oíche déanta agus tá rud le rá acu ar fad".

Dúirt sé go raibh trí aistriúchán eile de Cré na Cille go teangacha eile Eorpacha ar siúl faoi láthair: Seicis; Ollainnis agus Gearmáinis.

Is é a mhian go mbeadh "fáil ar Cré na Cille i bhfiche teanga taobh istigh de 20 bliain" ionas go gcuirfí litríocht na Gaeilge os comhair an tsaoil mhóir.

"Ardán domhanda" atá tuillte ag Cré na Cille.

“Seo an leabhar próis is tábhachtaí sa Nua-Ghaeilge” agus ba chóir go dtuigfeadh léitheoirí na cruinne go raibh “níos mó ná Joyce agus Beckett againn in Éirinn”.

Aon úrscéal amháin.

An iliomad aistriúchán.

Éistear le mo ghlórtha!

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times