Éirí amach an cheoil

‘In Áille na hÁille, tógann Charlie Lennon droichid cheoil’


Is le ceol Sheáin Uí Riada is mó a shamhlaíonn Éireannaigh stair chomhaimseartha na hÉireann. Is beag duine nár chuala mír de Mise Éire (Gael Linn) faoin am seo – agus is beag duine nár chorraigh an ceol céanna an croí ann. Ach seo anois dlúthcheirnín nua – Áille na hÁille: a suite in honour of the heroes of 1916 (Gael Linn) – é nuachumtha ag an cheoltóir, Charlie Lennon, agus é coimisiúnaithe ag Gael Linn go speisialta don bhliain seo.

An ceoltóir mór le rá, Mícheál Ó Súilleabháin, a scríobhann cúpla focal molta don fhiontar a mbeidh mórán daoine ag teacht leo: “As críochthailte Ghaeltacht Chonamara, éiríonn glór dhuine de shárcheoltóirí traidisiúnta agus mórchumadóirí na hÉireann.

"In Áille na hÁille, tógann Charlie Lennon droichid cheoil..."

Is anseo atá pianó, veidhlín, píb uilleann, flúit, consairtín, cnaguirlisí, vióla agus, leoga, Muireann Nic Amhlaoibh ag ceol i nGaeilge, iad uilig ag cur le chéile in aon sruth glórmhar ceoil.

READ MORE

Is iontach agus is éachtach máistreacht Lennon ar na gléasanna ceoil agus mar a chuireann sé iad ‘ag caint’ le chéile le scéal an Éirí Amach a insint.

12 traic atá ann, iad ag léiriú ómóis do cheannairí an Éirí Amach agus do na daoine eile a thit le linn na troda – iad sin a fuair bás ar son na Pobalchta as a stuaim féin agus iad sin a d’fhulaing bás gan choinne.

Ní de thaisme a chuir Lennon spéis i scéal an Éirí Amach ach an oiread. Is de bhunadh Choillte Clochair, Co Liatroma, é – ceantar dúchais Sheáin Mhic Dhiarmada.

Is minic a chonaic sé, agus é ina ghasúr óg, comóradh Mhic Dhiarmada ina cheantar féin agus seo anseo a chloch cheolmhar féin i leacht a laoich.

Agus cá hiontas go mbeadh fonn ar Lennon tabhairt faoina leithéid d’fhiontar?

Is fada é aitheanta mar shárcheoltóir traidisiúnta agus bhronn TG4 ‘Cumadoir na bliana’ air lá den saol as a ghaisce.Is míle trua gur ag brath ar iriseoir gan cheol atá Lennon lena cheart a thabhairt don saothar seo ach mhothaigh mé gur éirigh leis an ré a bhí caite a thabhairt chun beatha arís; go gcuireann a chuid ceoil mianta an duine agus corraíl na haoise i gcuimhne duit.

Níor luaithe mé ag éisteacht leis an chumadóireacht gur chart an ceol siar in am mé. Smaointigh mé láithreach ar leabhar cáiliúil Joyce, Dubliners, agus a chuid línte draíochtacha as The Dead: "A few light taps upon the pane made him turn to the window. It had begun to snow again. He watched sleepily the flakes, silver and dark, falling obliquely against the light. The time had come for him to set out on his journey westward.

“Yes, the newspapers were right: snow was general all over Ireland. It was falling on every part of the dark central plain, on the treeless hills, falling softly upon the Bog of Allen and, farther westward, softly falling into the dark mutinous Shannon waves.”

Tá a "few light taps upon the pane" déanta ag Lennon in Áille na hÁille agus déarfainn gur fada a bheidh pobal na hÉireann ag éisteacht leo – agus buíoch de as cultúr na hÉireann a shaibhriú lena chumadóireacht féin, lena shamhlaíocht, lena dhílseacht.

Nach ar Mhac Diarmada a bheadh bród? An tUltach dearmadta Craolfaidh BBC2 Tuaisceart Éireann, Eoin Mac Néill – Fear Dearmadta 1916 (DoubleBand Films) Dé Domhnaigh ag 10pm.

Scannán faisnéise atá ann ar shaol an Ultaigh Eoin Mac Néill a scrúdaíonn ceann de na heachtraí is conspóidí le linn Éirí Amach na Cásca – an iarracht a rinne Mac Néill leis an Éirí Amach a chosc.

Scoláire, réabhlóidí agus polaiteoir a bhí ann mar Mhac Néill agus páirt mhór aige in imeachtaí a linne. Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh Conradh na Gaeilge in 1893 agus d’imir sé tionchar ar bhunú Óglaigh na Éireann fosta.

Bainfidh an clár úsáid as athchruthú drámatúil, cuimhní cinn neamhfhoilsithe Mhic Néill, agallaimh le staraithe agus cuntas pearsanta gharmhac Mhic Néill, an t-iarpholaiteoir Michael McDowell, le himeachtaí na linne a thabhairt chun solais agus le léargas as an nua a thabhairt ar an chinneadh conspóideach sin.