Éirí amach éirimiúil agus cúrsaí eile liteartha

“After Heaney” is ainm don imleabhar is déanaí ag Irish Pages/Duillí Éireann.

Tá aiste de chuid Heaney féin ann – Varieties of Irishness – aiste nár foilsíodh riamh agus aiste ina ndéanann sé trácht ar an Ghaeilge.

Ó thaobh na Gaeilge féin de, tá dánta nua le Cathal Ó Searcaigh, gearrscéal Gaeilge, An Carria, le hEithne Ní Ghallchobhair, aiste i mBéarla leis an amhránaí Lilis Ó Laoire Emotion and Song as Gaeilge agus léirmheas i mBéarla le Gabriel Rosenstock, One's Wind is Up!, ar an chnuasach, Windharp: Poems of Ireland since 1916.

Níl Rosenstock róthógtha le rogha na ndánta atá sa chnuasach.

READ MORE

Scríobhann sé, ina éirí amach éirimiúil féin, gur “self-hatred is the abiding flavour of this poisoned anthology”.

Chan amháin nach dtaitníonn mórán de na dánta leis ach faigheann sé locht ar chur chuige na díolaime i leith stair na hÉireann “...after reading this book I’m sorely tempted to take over the GPO again and this time make sure that in a hundred years from now we will not have publishers, anthologists, and reviewers who bend over backwards in their praises of the British army, or any other army for that matter”.

Gradam filíochta

Naonúr atá ar ghearrliosta Duais Auvivo/Ealaín na Gaeltachta do chomórtas filíochta Gaeilge.

Tá dhá dhán le Caitlín Nic Íomhair as Beannchar, Co. an Dúin, Mol an Óige agus Daidia, ar an liosta: Síocháin is ainm do dhán Anna Colhoun, Baile Dhún na nGall; Gan tú le Sheila Quinn, Rath Mealláin, Co. Dhún na nGall; Aifreann le Séan Ó Coistealbha, An Spidéal Co.na Gaillimhe, Beo fós le Piaras Ó Droighneáin, An Spidéal Co. na Gaillimhe; Go Neamhfaiseach le Breandán Mac Fheirtéirigh, Trá Lí, Co.Chiarraí; Aimfítéatar le Máire Oibicin Úí Eidhin, Co. na Gaillimhe; Grá faoin Tór le Gearóid De Briotún, Baile Átha Cliath agus Leanbh Cásca le Gréagóir Ó Dúill, Gort a' Choirce, Co. Dhún na nGall.

Is í Ealaín na Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar an duais.

Dúirt oifigeach ealaíne Ghaeltacht Dhún na nGall le hEalaín na Gaeltachta, Micheál Mac Aoidh, gurbh iontach go raibh “rogha leathan d’fhilí ar an liosta, idir fhilí Gaeltachta agus Galltachta, fhilí pobail agus fhir is mhná”.

Is fiú €250 agus dealbh an gradam féin. Fogrófar an buaiteoir i Leitir Ceanainn, Déardaoin, 28ú Eanáir agus foilseofar roinnt de na dánta ar Comhar.

Canóin drámaíochta

“Drámaí an 20ú hAois: Canóin Liteartha?” an teideal atá ar chomhdháil dhá lá a bheidh ar siúl ag Boston College i mBaile Átha Cliath Déardaoin 25ú agus Dé hAoine 26ú Feabhra.

Beidh Dámh na nDrámadóirí ann ar chéad oíche na comhdhála le haitheantas a thabhairt do dhrámadóirí atá ag saothrú sa ghort.

Beidh cainteanna ann an lá dár gcionn ina scrúdóidh cainteoirí éagsúla na buanna a bhí ag drámaí áirithe.

Le críoch a chur ar an ócáid, déanfar iarracht canóin a chur i dtoll le chéile bunaithe ar an taighde agus ar an tuairimíocht a rinneadh le linn na comhdhála.