Éacht na hiomána; bua na cainte

Tá Lester Ryan le moladh as a óráid


“A Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, a Uachtarán na hÉireann, tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh ar son chontae...” agus cuir isteach cibé contae buacach is mian leat sa bhearna sin. Ach corruair, mar a tharla Dé Sathairn seo caite, leantar leis an nGaeilge.

Tá cloistithe againn le fada an lá faoi óráidí iontacha Gaeilge ag Páirc an Chrócaigh. Dara Ó Cinnéide agus Páidí Ó Sé Chiarraí, Seán Óg Ó hAilpín Chorcaí, Joe Connolly na Gaillimhe.

Ní raibh mise fiú saolaithe ach tá óráid Joe Connolly cloistithe chomh minic agam agus go bhfuil sé de ghlanmheabhair agam.

Bhí sé gonta, simplí, speisialta. Ní haon éacht domsa an óráid sin bheith agam focal ar fhocal. Is Gaeilgeoir líofa Gaeltachta mé. Ach is údar iontais é Lester Ryan, caiptín Chill Chainnigh mar, seachas an “cúpla focal”, níl aon Ghaeilge aige. Ar chor ar bith!

READ MORE

Labhair mé leis cúpla lá ó shin agus dúirt mé leis go raibh an dallamullóg curtha aige ormsa agus gur chreid mé go raibh Gaeilge líofa aige.

Bhí mé ann. Chuala mé é. Suite i seastán Uí Chíosóig, ag tabhairt bualadh bos agus moladh dó as ucht labhairt i nGaeilge go soiléir agus go paiteanta.

Bhí seanfhear suite gar dom agus bhí mé ag déanamh iarrachta ateangaireacht a dhéanamh dó. Bhí sé faoi gheasa, ag rá nár cheap sé go mbeadh óráid i nGaeilge le cloisteáil go deo ó chaiptín as Cill Chainnigh.

Dúirt Lester Ryan gur chinn sé tar éis chluiche ceannais Chúige Laighean dá dtiocfadh an lá gurbh é a bheadh ag glacadh le Corn Mhic Cárthaigh gur i nGaeilge go mbeadh sé ag glacadh leis.

Labhair sé le cara atá aige i gCallainn, múinteoir Gaeilge, a bhíodh ag dul ar scoil leis i gColáiste Naomh Ciarán. Leag sé amach céard ar mhaith leis a rá dá mbeadh an deis aige. Idir an bheirt, réitigh siad óráid don chéad chluiche ceannais.

“Dá bhfeicfeá an leathanach a raibh sé scríofa air,” a deir Ryan, “bhí sé ar fad scríofa de réir foghraíochta. Lán le marcanna, scriobláil, línte, botúin. Ach de réir a chéile d’fhoghlaim mé í.”

Is iomaí duine as Cill Chainnigh a bhí buíoch tar éis an chéad chluiche ceannais nuair a chuir John ‘Bubbles’ O’Dwyer poc deiridh an chluiche ar fóraoil.

Athimirt. Bheadh lá eile ag na Cait. Thug sé trí seachtaine breise do Lester Ryan agus a chomrádaí cur leis an óráid.

Agus é ag dul suas na céimeanna i seastán Uí Ógáin Dé Sathairn, bhí na néaróga ina bholg. Ní hamháin go raibh sé chun glacadh leis an gcorn os comhair lucht tacaíochta Chill Chainnigh, ach bhí sé os comhair ceamaraí a bhí ag seoladh na bpictiúr ar fud an domhain.

Bhí sé chun é a dhéanamh i dteanga nach raibh aige.

Cosúil le Joe Connolly i 1980, níor labhair Lester Ryan faoin gcluiche a bhí imrithe. Ghabh sé buíochas le daoine agus thug sé le fios dúinn chomh speisialta agus a bhí a mbua. Dúirt sé go raibh sé thar a bheith sásta an corn a thabhairt abhaile go Cill Chainnigh tar éis bliana as baile. D’inis sé dúinn faoin dlúthcheangal a bhí ann i measc na n-imreoirí, an fhoireann bainistíochta, agus muintir Chill Chainnigh: “Tá mise lánchinnte gur bhuamar inniu mar creideann muid gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.”

Is ag an tráth seo a chonaic muid Brian Cody ag léimt suas san aer, meangadh mór ó chluas go cluas air. Tuiscint aigesan ar an nGaeilge ar ndóigh agus ar theachtaireacht Ryan. Mar fhocal scoir dúirt Ryan, “a mhuintir Chill Chainnigh, is libhse an lá seo, tosaigí ag ceiliúradh”.

Is ócáidí an-speisialta i stair CLG agus i stair na Gaeilge iad óráidí Gaeilge. Ní minic a tharlaíonn siad. Is cuimhin liom, i 2004 agus 2005, roinnt bheag daoine ag gearán nár labhair Dara Ó Cinnéide ná Seán Óg Ó hAilpín i mBéarla.

Ar bhealach, léiríonn sé seo an dul chun cinn atá déanta ag stádas na Gaeilge sa tír seo le deich mbliana.

Leithéidí Lester Ryan, a bhí ag ullmhú do chaiptínteacht do chluiche ceannais na hÉireann, ag cur an oiread sin anró, struis agus brú breise air féin ag iarraidh go mbeadh sé in ann labhairt i nGaeilge, ar cheann de na laethanta ba mhó agus ba thábhachtaí ina shaol.

Éacht é craobh Uile-Éireann a bhuachaint.

Éacht eile arís é a bheith i do chaiptín agus glacadh leis an gcorn.

Níos speisialta arís atá sé más féidir é a dhéanamh i nGaeilge.