Úrscéal mór de chuid Chinua Achebe le fáil i nGaeilge

Things Fall Apart aistrithe


Bhí Chinua Achebe (1930-2013) ar dhuine de na scríbhneoirí ba chlúite a mhair agus bhain sé cáil dhomhanda amach de bharr a úrscéil, Things Fall Apart.

Scéal an laoich, Okonkwo, is ábhar don leabhar “duine ceanndána lasánta ... agus is minic a theipeann air srian a chur leis an fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht an fhir ghil ar thraidisiún an treabhachais, gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach atá i ndán dó, áfach”.

Tá an leabhar aistrithe go breis agus 50 teanga agus tá os cionn 10 milliún cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1958.

Irene Duffy Lynch atá i ndiaidh an leabhar a thiontú go Gaeilge mar Titeann Rudaí as a Chéile (Coiscéim, €12). Is de bhunadh Mhaigh Eo í Duffy Lynch agus chaith sí seal ina cónaí sa Nigéir, tír dhúchais Achebe.

READ MORE

Casadh Chinua Achebe ar Duffy Lynch agus tá agallamh dá cuid leis an údar mar chuid de réamhrá an leabhair. “Is rud an-chumhachtach é an scéal,” a dúirt sé léi, “Is é an scéalaí agus a chuid scéalta a chruthaíonn stair agus cuimhne na ndaoine. Ní fhéadfaí ciall a bhaint as an bheatha ar aon chaoi eile. Nuair a bhí mé óg, bhí tábhacht an-mhór ag baint le scéalta, agus chuir siad lúcháir mhór orm.

“D’iompair siad mé chuig ríocht eile, chuig cineál beatha a thug compord mór dom. Má deirim ‘aoibhneas’, ní leor é. Bhí sásamh spioradálta ag gabháil leis.”