Íseáia fáidh, magna Irecheria agus úrscéal


"Throughout the height of the conquest a vast area of Ulster west of the Bann, in Brefny (Counties Cavan and Leitrim) and in northern Roscommon remained in uninterrupted Irish possession ... This great independent area was referred to in contemporary records as 'the Great Irishry' – magna Irecheria." – Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages le K.W. Nicholls.

1297 an bhliain atá luaite i léarscáil i leabhar Nicholls le magna Irecheria. Aithníonn léitheoir an lae inniu contaetha (Sasanacha!) ár linne gan stró ar an léarscáil liath, ceantair a bhfuil eolas againn orthu mar Thír Eoghain, Dhoire, Dhún na nGall, Fhear Manach agus dá réir sin.

Sa bhliain 1931 a tháinig Breandán Ó Doibhlin, sagart agus scríbhneoir, ar an tsaol i Rúscaigh, Tír Eoghain, faoi radharc Shliabh Speirín. Bhí ainm eile ar an chuid sin d’Éirinn faoin am sin. Bhí críochdheighilt i bhfeidhm agus “Northern Ireland” mar ainm ar sciar den tseancheantar ársa. Ach mhair an Ghaeilge sa chuid sin d’Éirinn, más ar éigean é, agus ní bréag a rá go ndearna Ó Doibhlin a chuid féin de theanga sin magna Irecheria diaidh ar ndiaidh.

Fad saoil atá caite aige i mbun pinn. Scríobh sé úrscéalta móra i nGaeilge thiar sna 1960í – Néal Maidine agus Tine Oíche – scríobh sé aistí a spreag glúin scoláirí dul i mbun machnaimh as an nua faoi chúrsaí litríochta – Aistí Critice agus Cultúir – d'aistrigh sé ábhar liteartha ón Fhraincis go Gaeilge agus ábhar as an Bhíobla go Gaeilge. Bhí baint aige le hathnuachan Choláiste na nÉireannach i bPáras agus thug rialtas na Fraince an-ghradam dó as an obair a rinne sé ar son theanga na tíre sin. Níor stad sé riamh de bheith ag saothrú na litríochta agus na Críostaíochta.

READ MORE

Thuig sé an dua a bhain le bheith ag scríobh i nGaeilge ach thug sé dúshlán na ceirde, mar sin féin: “Óir diúltú don bhás is ea an cruthú, agus ní hann dó gan dóchas na beatha. Féadann an scríbhneoir, agus déanann sé, aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscint agus dearmad agus tarcaisne, agus ar a bhás corpartha féin; ach má dhéanann, is de bharr go bhfuil an chinnteacht ag lonnú ann go dtiocfaidh an lá a nglacfaidh glúin nach bhfeicfidh sé lena shaothar agus nach dual dó an t-éag ar fad.”

Tá sé ag scríobh leis, buíochas do Dhia. Seolfar úrsceal nua dá chuid, Sliocht ar Thír na Scáth (Coiscéim, €12), Dé Céadaoin, ar Ollscoil Mhá Nuad. De réir réamhthuairisicí, tá an saothar lonnaithe le linn aimsir na mbardscoileanna ach ag druidim le deireadh na tréimhse sin agus córas na nGael ar tí titim as a chéile. Tá sé suite sa Tuaisceart, thart ar cheantar dúchais an Doibhlinigh féin, bunaithe ar fhíortheaghlaigh a mhair an uair sin. Tá tagairtí ann do Chlann Mhic Con Midhe—filí Chineál Eoghain a bhfuil an-iomrá go fóill ar Ghiolla Brighde Mac Con Midhe (c.1210-1272) go háirithe.

Agus teideal an leabhair, Sliocht ar Thír na Scáth? As Leabhar Íseáia a thagann an mhír: "Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth."

Ó, d’aistrigh Ó Doibhlin Leabhar Íseáia ón Eabhrais go Gaeilge. Nár luaigh mé sin?

Magna Irecheria!

Tabharfaidh an an Dr Tracey Ní Mhaonaigh léacht i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad ar “Stair Chuallacht Cholm Cille” agus 120 bliain á gceiliúradh i mbliana acu. Is ag 5.45 p.m. Dé Céadaoin a thosóidh an chaint sin.

Ina dhiaidh sin a sheolfar úrscéal nua Uí Dhoibhlin. Cuireann lucht na hollscoile fáilte roimh dhaoine freastal a dhéanamh ar an dá ócáid.

Rialtas agus Gaeltacht

“125 Bliain Ar Aghaidh – Tiomantas na Rialtas don Ghaeilge & don Ghaeltacht,” an téama a bheas le plé ar ardfheis Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine ag 8.30 p.m. in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co Chiarraí.

Beidh Bríd Smith, TD, Pobal Roimh Bhrabús; Micheál Martin, TD, ceannaire Fhianna Fáil; Mary Lou McDonald, TD, ceannaire Shinn Féin agus an tAire Sáit, Seán Kyne, TD, Fine Gael, ar an phainéal agus iad ag tabhairt faoin ábhar achrannach sin.

Máirín Ní Ghadhra, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheas ina cathaoirleach don ócáid. Cuireann an conradh fáilte roimh an phobal.

Mo cheol Ceilteach thú!

Tá Coiste Pan-Cheilteach na hÉireann ar lorg ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach i mbliana.

Beidh comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, Dún na nGall, idir an tríú agus an t-ochtú lá d’Aibreán.

Eolas: www.panceltic.ie