Éiríonn Ó Cuirreáin as a chúram mar choimisinéir

Bronntar litir buíochas ar an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin tar éis dó éirigh as

D’éirigh Seán Ó Cuirreáin as a chúram mar Choimisinéir Teanga Dé Domhnaigh i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh i mbun oibre.

Reachtáil lucht na Gaeilge mórshiúl i gConamara leis an lá a chomóradh agus le litir a thabhairt do Ó Cuirreáin, ag cur a mbuíochais in iúl dó as a chuid oibre.

'Dearg le fearg'
Dúirt Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge gur léirigh "an méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath an Satharn seo caite agus iad 'dearg le fearg' go raibh aird dírithe aige ar fhaillí an státchórais i leith na Gaeilge agus go raibh pobal na Gaeltachta is lucht na Gaeilge dúisithe anois agus nach mbeadh siad sásta a thuilleadh glacadh leis an muga maga is an cur i gcéill a bhíonn ar bun go rómhinic i dtaobh chearta lucht labhartha na Gaeilge".

Lena chois sin, d’fhág lucht an léirsithe litir in oifigí Roinn na Gaeltachta don Aire Stáit, Dinny McGinley, ag cur a míshástachta in iúl dó agus “ag iarraidh air agus ar an Rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteanga féin”.