Áis eolaíochta náisiúnta?

An mar an gcéanna atá brí an fhocail ‘Náisiúnta’ nuair is institiúid poiblí nó comhlacht gnó atá i gceist?

Foclóir:

Áth an Ghainimh - Sandyford, lonrach - shining, Banc Ceannais na hÉireann - Central Bank of Ireland, díon - roof, toirtéiseach - proudly, caighdeán - standard, Ardán Phort an Iarla - Earlsfort Terrace, ní amhlaidh - not the case, freagracht - responsibility

Leath na súile le hiontas orm aimsir na Nollag nuair a tháinig mé ar fhoirgneamh breá nua-thógtha ar dhroim ard Áth an Ghainimh i ndeisceart Chontae Átha Cliath.

Bhí sé cloiste agam go raibh a leithéid d’áit ann ach ní raibh súil ar bith agam leis an áras nua-aoiseach a nochtadh os mo chomhair amach. Ba iontach an radharc é.

READ MORE

Cuid súl ab ea an díon órga a bhí lonrach faoi sholas ghrian an Gheimhridh. Crochta in airde go toirtéiseach os cionn an dorais a bhí ainm scríobhtha as Béarla amháin - "Explorium - National Sport & Science Centre".

Chuimhnigh mé go raibh caint ann chomh fada siar leis na 1990dí go dtógfaí ionad náisiúnta eolaíochta i mBaile Átha Cliath.

Nach maith an rud é go bhfuil an Stát tar éis an infheistiú seo a dhéanamh, a dúirt mé liom féin. Bhí cuma sách galánta ar dhéanamh agus ar dhearadh an fhoirgnimh úrnua seo agus cé nach raibh an taobh amuigh go hiomlán críochnaithe, ba léir go raibh costas mór ag baint leis.

Mar sin féin, b’ait liom nach raibh scéal ar bith cloiste agam le píosa maith faoin “Exploration Station: National Children’s Science Centre” - an t-ainm a tugadh ar thogra an Stáit nuair a bhí sé faoi chaibidil ar dtús.

Mar ba dhual do dhíograiseoir ar bith chuardaigh mé an taobh amuigh go grinn, mé ag súil le fógra a thabharfadh le fios cé ar leis an áit - ach ní raibh focal le feiceáil - as Gaeilge nó as Béarla.

Isteach liom ar aon nós leis an táille iontrála a íoc. Dúradh liom nach raibh an Explorium oscailte go hoifigiúil fós ach gur ‘oscailt bhog’ a bhí ann.

Sách daor a bhí sé freisin - € 28 ar chuairteoirí (sé sin, éinne atá ós cionn ocht mbliain d’aois!) agus €12 ar ‘pháistí’ (sé sin, éinne idir 2-7 mbliain d’aois).

“Meas tú” adúirt mé liom féin, “an éireodh leis an stát táille dhuine fhásta a éileamh ar ghasúir ós cionn ocht mbliana d’aois?”

“Ní féidir, adeirim, gur leis an Stát an áit seo!” Ní bheadh an táille chomh hard sin dá mba leis é. Chuireas ceist agus dúradh liom nárbh leis an Stát é.

Ach, chonaic mé na focail ‘National’ agus ‘Centre’ san ainm. Conas a bhféadfaí ionad ‘Náísiúnta’ a thabhairt ar a leithéid d’áit muna bhfuil an Stát ina bhun?

Tarraingíonn sin ceist anuas. An mar an gcéanna atá brí an fhocail ‘Náisiúnta’ nuair is institiúid poiblí nó comhlacht gnó atá i gceist?

De réir rialacha an Oifig Um Chlárú Cuideachtaí, (an dream a dhéanann cuideachtaí nuabhunaithe a chlárú) ní ghlacfar le hainm nó trádmharc más rud é go dtugtar urraíocht stáit le fios.

Anuas ar sin, ní féidir focail áirithe a úsáid gan chead ar leith. Mar shampla, ní féidir na focail "banc", "baincéireacht" nó "baincéir" a úsáid gan cead a fháil ó Bhanc Ceannais na hÉireann.

Tá cosc freisin ar roinnt focail ar nós "cumann" agus "caighdeán" ach níl srian ar bith, de réir dealraimh, ar úsáid an fhocail 'náisiúnta'.

Bíodh sin mar atá in Éirinn, ní amhlaidh atá i dtíortha eile. San Ind, mar shampla, cuirtear bac ar úsáid an fhocail 'national' mar go dtugann sé le fios go bhfuil urraíocht de chineál éigin tugtha ag an Stát.

De réir ráitis a d'eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí dúinn, tá sé fós i gceist go dtógfar an t-ionad nua eolaíochta ar thailte an Cheolárais Náisiúnta mar chuid de phlean Ceathrú Chultúrtha a fhorbairt in Ardán Phort an Iarla.

Tugadh cead pleanála don scéim i mí an Deireadh Fómhar, 2016. Dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil súil acu go dtosófar an tógáil sa dara leath den bhliain seo chugainn. Tá siad i mbun comhairleoirí a cheapadh faoi láthair agus meastar go dtógfaí sé thart ar dhá bhliain an tógáil a chur i gcrích.

Ó thaobh ainm na háite de, dúirt an t-urlabhraí go mbeadh freagracht margaíochta faoi riarthóirí an ionaid. Sé polasaí an Stáit go mbeadh an leagan Gaeilge agus leagan Béarla den ainm ar ionaid oifigiúla agus go mbeadh sé le feiceáil ar gach comhartha.

Pé rud é faoin bhfocal ‘náisiúnta’ a bheith in úsáid, bheadh duine ag súil go gcomhlíonfar na dualgais agus go mbeadh an leagan Gaeilge san ainm ar na comharthaí freisin.

Nótaí:

* An bhfuil páiste faoi bhun aois cúig bliana d’aois agat, agus cónaí air nó uirthi i gceantar pleanála scoile ina bhfuil sé i gceist scoil nua a thógáil i mbliana? D’fhógair an Roinn Oideachas anuraidh go mbunófaí 42 scoil nua thar an tréimhse ceithre bliana atá le teacht ó 2019 go 2022. Tá próiseas pátrúnachta oscailte anois do na 12 bunscoil nua atá le bunú. Is féidir le tuismitheoirí a rogha a chur in iúl maidir le scoileanna ina gceantar féin. Tá tuilleadh eolais le fáil ag: gaelscoil4all.ie

* Beidh Éigse na Brídeoige ar súil in Uíbh Ráthach, Co Chiarraí, ón Aoine 1ú Feabhra go dtí an Domhnach 3ú Feabhra. Díreofar ar chúrsaí inimirce agus eisimirce sa gceantar ó thús aimsire go dtí an lá atá inniu ann. Breathnófar ar aghaidh freisin i bhfianaise na géarchéime daonra atá ag bagairt ar thodhchaí an cheantair. I measc na gcainteoirí beidh Piaras Mac Einrí, Sorcha Pollak, Ray O’Connor agus Carol Power. Beidh imeachtaí na hÉigse dhá -theangach le córas ateangaireachta ann dóibh siúd atá gan Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge. Tuileadh eolais: eigsenabrideoige.ie.

* Tá go dtí Dé Luain 21 Eanáir 2019 acu siúd a bhfuil fonn orthu cur isteach ar cheann de 15 cheadúnais báid chun turasóirí a iompar chuig Sceilg Mhichíl. Beidh cead ag na hiarratasóirí a éiríonn leo, turasóirí a chur i dtír ar Sceilg Mhichíl. Bíonn srianadh dian ar líon na gcuairteoirí mar gheall ar chúiseanna caomhnaithe.

* Tá Roinn na Sean-Ghaeilge agus Léann Ceilteach in Ollscoil Mhá Nuad ag tairiscint scoláireacht MA don bhliain 2019-20. Anuas ar na táillí a íocfar ina n-iomláine, cuirfear € 18,000 de dheontas ar fáil leis chomh maith. Mairfidh an cúrsa ar feadh bhliana ar bhonn lánaimseartha. Is é 29ú lá de mhí an Mhárta an spriocdháta le iarratas a chur isteach.

* Cén Ghaeilge atá ar craft-beer, cutie nó soakage? Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú suntasach ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le gairid. Leasaíodh breis is 13,000 iontráil le bliain anuas agus cuireadh breis is 100 iontráil/ciall nua leis an bhfoclóir bunaithe ar chúrsaí reatha agus anailís ar chuardaigh ar an suíomh. Tuileadh eolais: focloir.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.