Tá an Stát ar lorg bó ionlao ar aonach

BEOCHEIST: BHÍODH SCÉAL ag lucht dlí i dTír Chonaill faoi sheanbhreitheamh a d’insíodh scéalta beaga tíriúla sa gcúirt chun …

BEOCHEIST:BHÍODH SCÉAL ag lucht dlí i dTír Chonaill faoi sheanbhreitheamh a d'insíodh scéalta beaga tíriúla sa gcúirt chun pointí dlí a léiriú. I gcás amháin, nuair a tugadh úinéir thrálaeir Spáinneach os a chomhair chuir sé mearbhall ar fad ar an bhfear bocht, a bhí ar bheagán Béarla, leis an nós seo.

Bhí an trálaeir gafa taobh istigh d’uiscí na hÉireann agus níor shéan an t-úinéir go raibh an dlí briste aige. Bhí sé i gceist ag an mbreitheamh fíneáil throm a ghearradh móide luach an lasta iasc a bhí ar bord ar a bharr. Bhí meastúchán déanta ag oifigigh iascaireachta nuair a gabhadh an bád.

Rinne dlíodóir an Spáinnigh iarracht a chur ina luí ar an mbreitheamh nárbh ionann luach an lasta nuair a tugadh i dtír í agus lá na cúirte mar go raibh cuid mhaith de lofa anois.

Bhreathnaigh an seanbhreitheamh ar an Spáinneach bocht, nár thuig ach corrfhocal den gcomhrá sa gcúirt, agus dúirt sé: “Má cheannaíonn tú bó ar an aonach agus má fhaigheann tú amach ina dhiaidh sin go raibh sí ionlao nuair a cheannaigh tú í, ní athraíonn sé sin an luach a d’íoc tú.”

READ MORE

Bhreathnaigh an Spáinneach bocht go himpíoch ar a dhlíodóir agus thart timpeall ar a raibh i láthair agus ghlaoigh sé amach: “What he talk about cows for? I know nadding about cows. Fish, I fish. Diss is de wrong case.”

“Bhuel a mhic ó,” a ghlaoigh iascaire áitiúil sa gcúirt air. “Tá a fhios agat gur in Éirinn atá tú anois.”

Rithfeadh breithiúnas na bó le duine ar bith a smaoiníonn ar an bpróiseas a bheidh ar siúl go luath ag National Asset Management Agency (Nama), an áisíneacht atá bunaithe chun drochiasachtaí na mbanc a bhainistiú.

Meastar go n-íocfar suas le €60 billiún d’airgead cáiníocóirí chun an t-ualach seo a thógáil ó na bainc ionas gur féidir leosan filleadh ar a saincheird – is é sin ag déanamh an oiread brabúis agus is féidir, fiú má chiallaíonn sé cuid de na cáiníocóirí céanna a bhfuil morgáistí acu a lomadh. Ar ndóigh, tá an Rialtas ag súil freisin go dtabharfaidh na bainc cabhair iasachtaí do ghnólachtaí a chruthódh postanna. Ach go dtí seo, tuairiscítear gurb é an dorn dúnta atá á thabhairt d’iarrthóirí a thagann ar lorg a leithéide.

An geall atá á chur ag an Aire Brian Ó Luineacháin ar ár son sa bhfiontar seo go n-íocfaidh an Stát as sócmhainní arbh fhiú €90 billiún iad nuair a bhí barrphointe ré órga na sainte sroiste. Níl aon phraghas cinnte luaite, ach meastar go mbeidh sé thart ar dhá thrian de sin, praghas éigin idir bunphointe an urláir atá sroiste anois agus ardú a mheastar a bheidh ann amach anseo.

An fhadhb atá ag an Aire agus, leoga, againne go léir anois, go bhfuil talamh slán á dhéanamh de go rachaidh luach na sócmhainní seo suas arís, go bhfaighidh muid an t-airgead sin ar ais nó, má bhíonn an t-ádh orainn, go ndéanfaidh an Stát brabús.

Ach, cá bhfios go rachaidh an praghas suas chomh hard sin? D’fhéadfadh Nama brabús a thabhairt do na bainc má thugann siad praghas meastúcháin nach bhfuil cruinn.

Tá an chuid is mó den bpobal ar mearbhall, buailte agus brúite faoi charn bolscaireachta agus bagairtí. Deirtear linn go gcaithfidh muid é seo a dhéanamh nó gur mheasa dúinn é. Táthar á thuar go dtiocfadh deireadh leis an saol mar atá a fhios againne é dá ndéanfaí aon rud eile, mar shampla, na bainc a náisiúnú.

Níl a fhios ag an ngnáthdhuine, a bhfuil scéin an domhain air faoi láthair, cad é a ba chóir á dhéanamh. Tá muinín á chur ag an gcuid is mó den bpobal sa Rialtas céanna atá freagrach as an gcráin chraosach a scrios muid a bheathú.

Is iad na bainc a thug orthu féin agus orainne an ghéarchéim is measa dá raibh againn ó bunaíodh an Stát. Ach is iad na bainc a thiocfaidh slán as ar an airgead a thabharfaidh cáiníocóirí dóibh, ar dhromanna na nuabhocht, agus ar an dtuiscint go mbeidh ‘an margadh’ ar ais ar a sheanléim amach anseo agus gur féidir leo a smuit a fháil ar ais san umar.

Measann a lán daoine gur gníomh gealtachais é cead a thabhairt d’fhiontar chomh costasach seo. Is deacair gan aontú leo.

Má táimid chun airgead a dhoirteadh isteach sna bainc mar thacaíocht chaipitil agus a gcuid drochfhiach a thógáil uathu, nach bhfuil sé chomh maith againn ‘an fear i lár’ a ghearradh amach agus banc maith stáit a bhunú muid féin? Ach más éigean leanúint le próiseas Nama, nár chóir praghas an aonaigh a íoc, mar a mhol an Conallach críonna, seachas bheith ag súil le bó ionlao?