Ranna an diabhail

 

CROBHINGNE:AR NÓS 9/11 na droch-cháile, is mó brí atá lena dtarlaíonn agus lenar tharla Lá le Vailintín atá amach romhainn amanathar. I gcás 9/11, bhain leis an ionsaí barbartha a déanadh ar Nua Eabhrac, ach bhain chomh maith céanna leis an gcoup barbartha a déanadh san tSíle inar tháinig buachaill bán Mhargaret Thatcher agus Ronáild Uí Riagáin, an Ginearál Pinochet i gcumhacht. An méid seo, ar eagla go raibh dearmad déanta agat air.

I gcás Lá le Vailintín, is é an scéal is ansa liom ná an ceann ón mBéalarúis, ina gcuireann an leannán ar diúltaíodh dó an croí beo a bhain sé as a chliabh, go dtí an bhean a shéan é. Mar chomhartha ar a ghrá buan síormharthanach di, mar adéarfá. Ní móide go dtarlaíonn an gearradh brád seo go minic níos mó.

Agus ansin, tá sléacht Lá le Vailintín a tharla in Chicago idir buíonta faicseanaíochta an tsaoil fhothoinn sa bhliain 1929.

Ach is fusa dearmad a dhéanamh gurb ar Lá le Vailintín scór bliain ó shin cruinn díreach glan, a d’fhógair an Inaghaidhathola Khomonye a fhatbha in aghaidh leabhar Salman Rushdie The Satanic Verses. Lean de sin, an t-údar a bheith ar a choimeád, agus lean de, chomh maith céanna dúnmharú ar roinnt daoine a raibh baint acu le foilsiú, le haistriú nó le poibliú an leabhair.

Lean de, chomh maith céanna, díospóireacht bhríomhar timpeall ar shaoirse cainte, agus ar ghaol mhuintir Ioslaim agus síocháin Dé, le clann na Críostaíochta agus na hIarchríostaíochta, moladh go deo leo, rath orthu go léir, beannachtaí an Tiarna agus Allah agus na naomh anuas orthu.

Mhúscail an t-aighneas a lean an fatbha na mórcheisteanna maidir le cad tá ceadaithe a rá, agus cad a bhfuil teir agus bac air. Ní féidir le mórliobrálaigh an Iarthair a bheith róshuaibhreach faoi seo, toisc a bhfuil de bhacanna ar shaoirse cainte ar fud an tsaoil againne. Focail áirithe nach féidir leat iad a rá; smaointe fírinneacha ar muga magadh meige iad; siúicre á leathadh ar an bhfírinne shearbh.

Nílimidne chomh híogair timpeall ar reiligiún is atá lucht leanúna Allah (moladh go deo leis), ach ní fada ó bhí. Cogaí creidimh, i bhfoirm, ba ea formhór de chogaí na hEorpa le 300 bliain anuas, agus cé a d’fhéadfadh sroisint chomh fada le huachtaránacht Mheiriceá gan an Bíobla a bheith acu i lámh amháin, agus glac mhór airgid dho-áirithe sa cheann eile?

Níorbh í sin an deighilt ba mhó, áfach, ach an deighilt idir an aigne litriúil aontoiseach a cheapann go bhfuil brí thomhaiste shimplí amháin le focail, agus an dream a thuigeann gur slibire sleamhain í an bhrí a bhaineann le rud ar bith.

Go bhfuil focail éalaitheach, sciorraitheach, go dtéann siad ar imirce, go sníonn siad laistigh ded chneas, go gclaonann siad ar chlé, go rúideann siad ar dheis, go scinneann siad leo i mbéal a gcinn amach sna seacht n-aird is fiche.

B’fhéidir gurb é an t-aon ráiteas mór de chuid Mháirtín Uí Chadhain nár aontaigh mé leis ná nuair a mhaígh sé gur cheart focail a láimhseáil chomh cúramach faichilleach sin amhail is go raibh “scolb an éin” iontu.

A mhalairt, dar liom.

Is ceart focail a chiceáil is a bhualadh, is ceart seacht gcineál caca a bhualadh astu, suí orthu le lánbholg oíche spéirghealaí, an t-aixilghrindear a chur ag obair orthu, an t-ainm tur te fuar a fháisceadh astu, iad a speachadh chomh hard leis na feara is a ísliú go dtí an ngleann is doirche thíos i bpoll na dtithe lábán.

Sin é a dheineann an litríocht. Uaireanta tugtar ómós dóibh, mar ní foláir sin a dhéanamh i gcás na filíochta a bhfuil meadaracht á srianadh. Lasmuigh de sin, scaoiltear an t-ancaire agus ligtear leis an mbobailín ar fud na mbánta.

Leabhar mar sin is ea Véarsaí an Diabhail. Ní móide gur léigh an Inaghaidhathola Khomonye an leabhar riamh, agus dá léifeadh, ní dócha go mbainfeadh sé puinn céille as. Leabhar tiubh, iniata, trasthagarthach fileata atá ann.

Is é íoróin an scéil é ná gur leabhar íoróineach é, agus gur scáilí iad na príomhphearsana atá ann; scáilí chomh lánfheolmhar le na pearsana a bhunaigh na reiligiúin faoi thrácht.

Go bhfios dom, níor athraíodh aon phioc de go Gaeilge fós. Seo é a thosach: “Go saolófaí arís tú,” chan Gibríl Fairíosta, agus é ag titim anuas ó na Flaithis, “ar tús, ní foláir duit bás a fháil. Hóya! Húla! D’fhonn titim ar bhroinn na talún braonaí, ní mór duit eitilt ar an gcéad dul amach . . .”

Tá súil agam go mbeidh an colún seo ann an tseachtain seo chugainn.