Pictiúrlann Paradiso an Daingin

BEOCHEIST: Bhronnadh Mícheál Francis físthéip mar, Mary Poppins, ar iasacht saor in aisce dom nuair a thugas téip ar ais gan …

BEOCHEIST: Bhronnadh Mícheál Francis físthéip mar, Mary Poppins, ar iasacht saor in aisce dom nuair a thugas téip ar ais gan teip, blianta ó shin. B'shin moladh, nár fágadh é isteach déanach an babhta san.

M'uimhir bhallraíochta 488, ar eolas aige, bhreac sé síos í laistigh den bhosca, le peannaireacht phointeáilte.

Béal dorais, sna matinées, i bpictiúrlann Phoenix an Daingin, chuireadh sé crannchur ar siúl do na leanaí, gach Domhnach, le cead isteach saor in aisce ann don bhuaiteoir agus mílseán an duine ó Chaitlín, ar an mbealadh amach ag deireadh an scannáin.

Seasaim os comhair shiopa slachtmhar na pictiúrlainne. An fhuinneog mar fhráma air, tugann Francis, an ticéad beag buí dom. Caitheann Caitlín, súil orm, ar an reoiteoir lán agus ar an tseilf le sraith mílseán ann, ag léiriú cad atá ar fáil.

READ MORE

Sna pictiúrlanna ollmhóra le seacht scáileán ann, preabann Pop Corn bán amach ó mheaisíní miotail le boladh agus blas an arbhair i'd thimpeallú, i'd phreabadh, i'd thapú. Díoltar meascán míllteach mílseán pixmix ann, gach togha, rogha, boladh, blaiseadh, cruth, dath, dearadh, riocht agus uigeacht go bhféadfá samhlú.

Caipín ar cheann na n-oibrithe, bíonn seisear b'fhéidir, gléasta i t-léinte dearga, iad in ainm is a bheith bródúil as bheith mar bhall d'fhoireann. Dáiltear amach cartáin mhóra Coke, a bhíonn rómhór le críochnú.

Sna háiteanna seo, bíonn suíochán speisialta os comhair an scáileáin, a oiríonn do bheirt, ach, amanna, bíonn ar an té atá téagartha amháin, suí ann de bharr an teaspaigh ollmhóir seo...

Táimid inár suí ag féachaint ar chúl cinn na ndaoine - aithne againn ar an slua áitiúil, an áit lán. Ceapaim go bhfuil an seomra i bhfad níos lú anois, bhí sé ollmhór nuair a bhíos óg, an dorchas laistiar don doras, fós draíochtúil.

Titeann ciúnas. Méadaíonn na soilsí cuí. Cuireann athair Francis agus Caitlín fáilte roimh an lucht féachanna. Gléasta i gculaith dhubh, casóg fhada, tá gáire sínte amach ar aghaidh Mhícheál Francis.

Léann sé léirmheas amach go séimh, faoin scannán éagsúil a thaispéanfar an tseachtain seo chugainn. Ní fhaighimid comhairle ó ghuth glórmhar Meiriceánach, ón scáileán maidir leis an bhfón a mhúchadh.

Labhraíonn sé linn go pearsanta. Molann an t-úinéir gach scannán, ina chanúint Chiarraíoch le: "Tis a very good filim." Ní chloisim gach uile fhocal, ach féachann sé suas ón alt ó am go chéile le gáire, claonadh a chinn, tost le brath.

Réitíonn Seán, an mac is óige, mugaí tae agus caifé don slua, ach stopann sé go múinte, don óráid. Socraíonn sé an lampa ina cheart dá athair, ag casadh an bholgáin go dtí go lonraíonn sé níos gile.

Brúnn Mícheál Francis na spéaclaí níos giorra dá shúile chun an t-alt deireanach a chríochnú. Sa deireadh, piocann sé suas póstaer plaisteach an scannáin go dtí go bhfeiceann gach duine é.

Faigeann an fear uasail bualadh bos, mar a dheintear gach oíche Mháirt sa chumann scannánaíochta. Siúlann sé thar na daoine, suas an fhána, le beannú ann dóibh siúd atá chun tosaigh sna sraitheanna, leanann an bualadh bos, bheadh sé mar seo ag ócáid bhronnadh na nOscar. Imíonn Mícheál go mall maorga.

Caifé sa chaifitéire, citeal ar fiuchadh, ritheann corrdhuine i dtreo Sheáin chun briosca nó tae peppermint, a fháil uaidh sula gcuirtear tús leis an scannán. Cá fios cé a bhuailfeá leis sa scuaine? Dála an scéil, ní gheofá caifé in aon amharclann ollmhór.

Imíonn Seán leis an lampa agus an gciteal. Íslítear na soilsí agus osclaíonn na cuirtíní fíona troma le ceol an troimpéaid ag méadú taobh thiar. Tagann beirt isteach déanach, sleamhnaíonn na silhouettes dubha, trasna an scáileáin.

Cáineann an stiúrthóir Giuseppe Tornatore i Cinema Paradiso, an saol nua aimseartha agus an tionchar a bhíonn ag na scannáin ar na daoine áitiúla.

Caoga bliain ó shin, b'é seo an príomhbhlaiseadh don domhan, lasmuigh don Daingean, áit dhraíochtúil dhorcha le híomhánna geala na dtíortha eile. Faraor, tá sé fós sa tsiúl. Níl sé éasca an fód a sheasamh in aimsir na n-ollmhórachas, DVD agus pictiúrlann bheag i ngach tigh.

Leanann an tseirbhís a bhíonn á reachtáil ag clann amháin, iomlán. Seasann Caitlín agus Francis ag an ndoras gléineach, gan chaipín ná t-léine dhearg orthu.

Tugann muintir Mhícheál Francis aire don pháiste agus don duine fásta. Tá DVDs ar iasacht anois, éileamh ar an tae peppermint sa chumann scannánaíochta. Níl rogha rímhór pixmix, ach bíonn mílseán bán an duine do gach aon leanbh i ndiaidh matinée an Domhnaigh, fós.