Níl aon tinteán mar do thinteán féin...

BEOCHEIST: NÍL AON tinteán mar do thinteán féin, fiú i dtír nach mbíonn tinteán ag teastáil riamh

BEOCHEIST:NÍL AON tinteán mar do thinteán féin, fiú i dtír nach mbíonn tinteán ag teastáil riamh. Teachín de do chuid féin a bheith agat – sin í an bhrionglóid is mó atá ag an ngnáth-Bhrasaíleach.

Ach tá úinéireacht phríobháideach ar thithe ag cur le síorleathnú na mbruachbhailte bochta sa tír, dar le Raquel Rolnik, Teachtaire Speisialta na Náisiún Aontaithe um Thithíocht Shásúil, ar as an mBrasaíl di féin agus ar Ollamh le Pleanáil Uirbeach í ag Ollscoil São Paulo.

Sa Bhrasaíl, tá cónaí ar idir 20 agus 30 faoin gcéad den daonra i mbruachbhailte bochta ar a dtugtar favelas. I gcathracha áirithe, cosúil le Salvador, meastar go bhfuil cónaí ar suas go 60 faoin gcéad de na daoine i gceantracha ar a dtugtar, go cáiréiseach, “an chathair neamhfhoirmeálta”.

“Ag an staid seo, caithfimid a admháil nach í úinéireacht phríobháideach an t-aon réiteach ar cheist na tithíochta,” a deir Rolnik.

READ MORE

Focail spéisiúla, i dtír ina bhfuil na mílte milliún euro á n-infheistiú ag an rialtas i scéim a chuirfidh ar chumas na hísealmheánaicme teach dá gcuid féin a cheannach, agus ina bhfuil túir shnasta árasán á dtógáil ag ráta a mheabhródh blianta an Tíogair Cheiltigh in Éirinn duit.

Tá dearcadh Theachtaire Speisialta na Náisiún Aontaithe ar úinéireacht phríobháideach thithe iontach soiléir: is í is cúis le hamhantraíocht agus ardú praghasanna; agus dá bharr sin, sa deireadh thiar thall, le leathnú na mbruachbhailte bochta.

“In ionad áit chónaithe, tá earra tráchtála agus airgeadais déanta againn as an teach,” a deir sí.

Mar atá ag an gcuid eile den domhan freisin, ar ndóigh.

Faoi láthair, tá 14 míle milliún euro á infheistiú ag rialtas na Brasaíle i scéim dar teideal Minha Casa, Minha Vida (“Mo Theach, Mo Shaol”), scéim a chuirfidh ar chumas na hísealmheánaicme teach dá gcuid féin a cheannach. Tá os cionn milliún teach nua á dtógáil faoin scéim – a bhformhór ar imeall na gcathracha, i bhfad ón lár.

Ach deir Rolnik nach bhfuil aon mhaith airgead a infheistiú i mbreis tithe, breis tithe agus breis tithe: “Stórais daoine atá á dtógáil againn. Beidh bruachbhailte bochta lána againn agus árasáin dhaora, fholmha i lár na gcathracha. Cuirimid deireadh leis seo anois, nó leanfaidh fadhb na tithíochta ar aghaidh mar atá le cuimhne na ndaoine: na bochtáin á ruaigeadh go himeall na cathrach agus ualach d’árasáin dhodhíolta sna ceantair shaibhre.”

Is measa an fhadhb in Rio de Janeiro, a deir Rolnik, de bharr go bhfuil praghasanna talún ag ardú go mór ansin ó bronnadh Cluichí Oilimpeacha 2016 ar an gcathair: “Tá ar a laghad 30 ceantar cónaithe faoi bhagairt in Rio de Janeiro faoi láthair, mar thoradh díreach ar na cluichí.”

Ach cé go bhfuil sampla an-mhaith ar úinéireacht phobail ar fáil sa Bhrasaíl – ar thearmainn na bpobal bundúchasach – is dóichí ná a mhalairt go rachaidh focail Raquel Rolnik maidir le húinéireacht phríobháideach, amhantraíocht agus plódú na mbruachbhailte bochta le gaoth. Tír chaipitleach go smior í an Bhrasaíl; ní haon Chúba ná Bolaív í.

Is léir go dtuigeann Rolnik an méid sin í féin. Tá comhréiteach aici: cíos in ionad ceannach. Chabhródh córas faoina dtabharfaí cúnamh airgid do dhaoine atá ag iarraidh teach a fháil ar cíos sa chath i gcoinne phlódú na mbruachbhailte bochta.

Tá céatadán ollmhór de mhuintir Mheiriceá Theas ina gcónaí i gcathracha – os cionn 80 faoin gcéad den daonra. Sa dara leath den 20ú haois, tháinig géarú ar bhánú na tuaithe in oirthuaisceart na Brasaíle ach go háirithe mar gheall ar an triomach leanúnach sa réigiún.

Tá uachtarán na tíre, Lula, é féin ar dhuine de na bochtáin a d’fhág na drochthailte agus a thug aghaidh ar an gcathair. Cosúil le formhór na ndíthreabhach ón tuath, fuair a mhuintir dídean sna bruachbhailte bochta.

Míníonn a chúlra an infheistíocht ollmhór atá á déanamh ag a rialtas i dtithe a mbeidh sé ar chumas na hísealmheánaicme iad a cheannach.

Ach ní bheidh Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl go brách. Go deimhin, beidh deireadh lena thréimhse i nDeireadh Fómhair na bliana seo.

An uair sin, beidh le feiceáil an leanfaidh an té a thiocfaidh i gcomharbacht air le polasaí Lula – breis agus breis tithe a thógáil – nó an mbeidh sé de mhisneach aige nó aici aird a thabhairt ar chomhairle radacach Raquel Rolnik.

  • Tá cónaí ar Alex Hijmans sa Bhrasaíl