Míorúiltí

CROBHINGNE: CNOC, CNOC? Cé tá ann? Duine ar bith, de réir cosúlachta.

CROBHINGNE:CNOC, CNOC? Cé tá ann? Duine ar bith, de réir cosúlachta.

An caoga míle éigin duine a bhailigh le chéile i gCnoc Mhuire an deireadh seachtaine seo caite le súil is go bhfeicfeadh siad míorúilt, ní foláir nó bhí díomá an domhain orthu. Bhíothas ag súil go nochtfadh an Mhaighdean Mhuire í féin arís, agus go dtosnódh an ghrian ag rince sa spéir. Caithfidh go raibh an chuid is mó acu dall go héag, mar is amhlaidh go mbíonn an ghrian ag rince sa spéir gach uile lá. Sin é a dhéanann grian agus réalta, rince. Dá stadfadh siad dá ngliogram cos is amhlaidh go mbeimis go léir reoite.

Thuigfeá don chaoga míle duine ag súil le míorúilt. Dá mbeadh an méid sin díobh i bPáirc an Chrócaigh le chéile is deimhnitheach nach dtarlódh míorúilt dá bpógfadh an ghrian an talamh dóibh.

Ach tá an pobal creidmheach, pobal Dé, beo ar mhíorúiltí. Mar adúirt Naomh Pól, nó duine éigin, má tá agam grá agus carthanacht , agus mura bhfuil agam míorúiltí, is neamhní mo chuid creidimh. Má tá sneachta na bliana anuraidh, agus an túirnín lín, agus an toirtín mór agus a bheannacht agam, ach mé de cheal míorúilte, tá chomh maith agam bró muillinn a chur timpeall mo mhuiníl agus mo chamall a shá trí bhior na snáthaide.

READ MORE

Cad a dhéanfar feasta gan mhíorúiltí? Níl de fhreagra ag an Eaglais Fhírinneach Rómhánda ach diagacht. Agus cá bhfuil an diagacht a thógfadh an t-anam, a d’ardódh na súile i dtreo na spéire ionas go bhfeicfí an ghrian ag rince? An túisce is a bhí na chéad mhíorúiltí déanta chuir an Eaglais a haghaidh i gcoinne a thuilleadh fós. Is í is diagacht ann teoiric chritice an chreidimh, agus is léir anois cár thug an teoiric chritice sinn i ngach gné den saol. Is iad na diagairí bancaeirí Dé, ach iad ag gearradh úis ar thuiscintí ghnáthphobal an chreidimh. Na caoirigh a bhfuil ocras orthu ag féachaint suas agus stuptar a reiligiún le focail. Míorúiltí atá uathu!

Maidir liom féin de, táim go mór ar a son. B’fhearr liom Dia a fheiscint i dtamhan crainn nó in eireaball spideoige ná sna focail leamha tromspágacha gan cheol a thagann anuas go hoifigiúil ó lucht na hataí arda. Is é an creideamh simplí seo a choinnigh bia agus deoch le heaglaisigh i gcaitheamh na gcéadta bliain, agus abair bia agus deoch i gcás go leor acu. Is é an creideamh simplí seo a thóg na hardteampaill mhórthaibhseacha agus na páláis mhaorga. Is é an creideamh simplí seo a thug bheith istigh do na scamallshagairt agus do na spéirmhná.

Scaoiltear amach na míorúiltí. Bhíos féin i mBéal Átha an Spidéil sna 1980í nuair a thosnaigh na dealbha ag bogadh. Bíodh nach bhfaca mé féin ach luascadh beag ladhraicín na coise clé, ní fhéadfainn a rá, agus mo lámh go sollamanta agam ar leabhar den Dlí Chanónda, nár dhein sí oiread na fríde de chlaonadh lena gualainn dheas im threo chomh maith.

Is fíor go raibh díomá an diabhail orm. Bhíos ag súil, ní hea amháin go ndéanfadh an dealbh luascadh agus gluaiseacht, ach go ndéanfadh sí rince chomh maith céanna. Agus dá ndéanfadh damhsa bhíos ag coinne gur caidhp an chúlaird a dhéanfadh, nó an rince fada, nó damhsa an duine ar an uaigh. Agus de bhreis air sin, bhí dóchas agam go gcromfadh ar a bheith ag cur fola go fuíoch, mar cad is fiú míorúilt cheart chreidimh gan roinnt chrólinnte a bheith ina teannta?

Má tá creideamh agat, caithfear dul go himeall na faille agus thairis. Mura bhfuil ann do mhíorúiltí, níl bun le haon rud eile.

Creidim san aon Santa Claus amháin, agus san leipreachán ar chúl an ghairdín agus i gcomharthaí an zodiac. Creidim sna criostail bheaga agus mhóra agus go háirithe sna duilleoga tae. Creidim nár cheart siúl faoi dhréimire ná casadh le bean rua ar maidin, go háirithe má tá tú pósta léi.

Creidim sna cártaí Tarot agus sna díslí agus in uimhreacha beannaithe na hEabhraise. Creidim nár cheart feoil choinín a ithe um Nollaig ná crúibín muice Dé hAoine ná do chuid gruaige a ní roimh scrúdú. Creidim sna mná draíochta feasa agus a gcuid scuab ar an aer.

Creidim san ghealach a fheiscint thar an ngualainn cheart. Creidim nár cheart dul thar dhroichead a bhfuil gabhair ina gcónaí faoi. Creidim sa chat dubh agus san dráma Albanach. Creidim i gclúmh an tsnaig bhric agus i gcleití an chait agus sa bhó bheannaithe. Creidim san taispeánadh ag Cnoc Mhuire agus san ghrian ag pramsáil in Fatima agus i bpictiúr an Easpaig Brennan ar an gclár sciorta ar Oileán na Creige.

Creidim sna míorúiltí, mar murach iad, bheinn gan chreideamh ar bith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar