Laoi an bhuamálaí

 

CROBHINGNE: Scaoilimid bileoga anuas orthu i dtosach. Tá sé ceart go leor mar sin. Tugaimid foláireamh cúig nóiméad imeachta dóibh. Níl aon leithscéal acu mar sin. An fhuil a fheiceann tú; níl ann ach sú tráta. Níl ann ach sin. Ní aithníonn siad ár gceart a bheith ann.

Tá cead ár gcinn againn, nach bhfuil? Baineann siad priocadh asainn. Bainimid díobh a gcinn. D’fhulaingíomar san aimsir chaite. Fulaingeoidh siadsan anois. Múinimidne ceacht ceart dóibh. Ní fhoghlaimíonn siad rud ar bith. Luann tú Sabra is Shatila is Qana. Ní hinchomparáide iad. Leanaí ag fail bháis den ocras. Níl aon deimhne againn air sin. Teaghlaigh iomlána scriosta. Is sceimhlitheoirí iad. Na hothair insna hospidéil. Bolscaireacht go préimh. An fhuil sin ar na sráideanna. Is seanphictiúir iad sin. Is daonlathaigh sinne ó bhun go barr. Faisistigh iad siúd sin. Ag iarraidh an Chailifeacht a bhunú ó sháil go rinn. Creideann siad siúd in Al Andalus arís. Seachnaígí sibh féin! Nó beidh bhur mná faoin gcaille, is fearr iad a stop anois. Is cuma nó Al Qaeda iad, is geall le Hizbollah. Na páistí sin atá thíos fúinn, bí deimhin go bhfásfaidh siad suas, is fearr deireadh a chur anois leo, ar eagla Al Aqsa. Má tá tú in aghaidh ár ngníomhartha, is i gcoinne Iosraeil tú, más i gcoinne rialtas Iosraeil sibh, is frithSheimíteach tú, más frithSheimíteach mar sin tú, is Naitsíoch, leis, agus más Naitsíoch tú, ní gá dúinn éisteacht leat. Níl cead agatsa Naitsíoch a lua in aon phioc den bhuamáil seo ach is é an cárta cúil againne é, in aon ní a chuirtear inár leith. Droch-choinsias na hEorpa a thugann cead seoil dúinne maidir le bhur ndroch-choinsias is cuma linne fúibhse. Cead againne buamáil deas is clé, níl an cead sin agaibhse, caithfidh sibhse cloí le dlíthe, le reachtaíocht, le horduithe. Nuair a bhímse thuas in airde san aer, ag scaoileadh buamaí uaimse is maith a thuigim nach leis an gcruinneas sin a déanadh dúinne. Má bhainimid an cloigeann de leanaí, voil, déanadh gású orainne, bídís buíoch, ó bídís buíoch nach bhfuil siad ins na campaí. Deir an seanleabhar riamh gur cheart dúinn súil a íoc ar shúil eile, tá athscríobh déanta againn air sin ó shin, na céadta súil ar son an chinn aonair. Cad is fiú aerfhórsa dúinn go hard os cionn na cruinne mura maróimid go seolta an céad in aghaidh an duine? An té atá beo ar an gclaíomh go deo, is fíor go bhfuil contúirteach ach an boc a bhfuil an roicéad baile aige, marófar é go sciúrsach, is gach duine ina aice, a bhean, a chlann, is a pháistí, a chomharsana, a mhuintir, is madraí a sheantí. Sibhse, sibhse amuigh ansin, ní thuigeann sibh an scéal; táimid go léir, sibhialaigh shibhialta, muide sinne araon san aon chogadh amháin in aghaidh an oilc ar thalamh. Ní foláir dúinn sinn féin a chosaint go fiata neamhbhalbh: más ionann sin is míle, deich mile, na céadta míle a chur chun báis, ní faic ná tada ná pioc ná teimheal é sin in aghaidh sé mhilliún sa ghás. Ní thuigeann sibh, ní léir daoibh é, is líonmhaire iad ná sinn, ní hionann móráltacht, rialacha, béasa eadrainne puinn. Níl dream ar domhan is fearr a thuigeann díbirt nach coibhneasta a fhágann gur fearr a dhéanaimidne buamáil go cruinn cneasta.

An ‘damáiste comhthaobhach’ sin a luaitear go minic gan aon agó nach cuma faoi, nach cuma fad is nach d’aon ghnó a bhaineamar ceann den cholainn, ná leanbh a mharú a bhí dána fad a bhí gach gníomh a dheineamar ar son ár gcuid slándála? Tar éis an tsaoil, agus deireadh ráite, is barbaraigh iad siúd, nó murarb ea, is amhlaidh a bheidh nuair a fhásaid suas. Mura gcuirtear stop leo anois, tá an méid seo mós soiléir, ní hamháin go ndéanfar gabháil orainne, ach ar an domhan go léir. Beidh sibh go léir ag adhradh Allah, is bhur dtóin go léir ar bior ag gobadh aníos as giobail, is bhur gcloigne sínte soir. Tá gar á dhéanamh againn daoibhse, agus is sibh a thuigeann é, na buamaí a chaithimse anuas orthu, níl ann ach mo dhiúité. Is fíor go dtarlóidh timpistí, só vat, sin an scéal, cad eile? Dá mbeadh aon ruainne céille acu d’imeoidís as baile. “Níl áit le dul acu,” cloisim guth, ach tá an saol go fairsing leathan, tá seo is siúd is svae is sin acu, ansiúd, abhus, abhae, ansan. Agus muran maith leo an saol seo féin sa chruinne leo tabharfaimidne an saol eile agus fáilte is fiche dóibh. Nach cuma? Dá mhéid a bhuamáilimid go tréan a n-áitreabh, ba sheacht measa a ndíoltas orainne, an seans acu, gan áireamh. Anois, tá an chuid sin thart, obair breis is seachtaine amháin. Cad eile? Cad é sin, cá bhfuil an áit sin ar a dtugtar an Iaráin?